Imeachtaí Beo agus Ar Líne

Live and Online

Day(s)

:

Hour(s)

:

Minute(s)

:

Second(s)

12–20 SAMHAIN/NOVEMBER 2022

Comháireamh Síos go IMRAM 2022

Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.

IMRAM works to put Irish language literature at the heart of our nation’s public life, through an innovative annual festival, supporting writers and publishers, encouraging the sale of books, provoking debate, and engaging Irish speakers and Irish learners across Ireland and the diaspora.

A Voyage of Discovery

 

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. IMRAM brings its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature.

Tinte na Farraige Duibhe

 

multi-media dramatic reading of Tim Armstrong’s science fiction novel, featuring actors Seán T Ó MeallaighHilary Bowen Walsh and Eoin Ó Dubhghaill. Music by Tim Armstrong and Roddy Neithercut. Visuals by Margaret Lonergan

IMRAM na nÓg

 

Imeachtaí agus spraoi don teachlach go léir trí Ghaeilge – litríocht, scríbhneoireacht, drámaíocht, líníocht, scéalaíocht, cruthaitheacht, eolaíocht, agus draíocht – spreagadh don tsamhlaíocht! Free children’s literature and arts festival!

Tionscadal Kate Bush

 

Beidh Caitríona O’Leary againn – guth neamhshaolta an aingil aici – chun scoth na n-amhrán le Kate Bush a chanadh dúinn. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge. Accompanied by Nick Roth, Adrian Hart, Éamonn Galldubh, David Redmond and Matt Jacobson.

CLÁR IMRAM 2022

IMRAM-na-nÓg-2022
Morleamh
Clar-Imram-2022-Mapaí
Clar-Imram-2022-Ó-Scolaí
Clar-Imram-2022-Ó-Síomóin
Clar-Imram-2022-Lí-Hé

A Voyage of Discovery

 

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. IMRAM brings its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature.

Tinte na Farraige Duibhe

 

multi-media dramatic reading of Tim Armstrong’s science fiction novel, featuring actors Seán T Ó MeallaighHilary Bowen Walsh and Eoin Ó Dubhghaill. Music by Tim Armstrong and Roddy Neithercut. Visuals by Margaret Lonergan

IMRAM na nÓg

 

Imeachtaí agus spraoi don teachlach go léir trí Ghaeilge – litríocht, scríbhneoireacht, drámaíocht, líníocht, scéalaíocht, cruthaitheacht, eolaíocht, agus draíocht – spreagadh don tsamhlaíocht! Free children’s literature and arts festival!

Tionscadal Kate Bush

 

Beidh Caitríona O’Leary againn – guth neamhshaolta an aingil aici – chun scoth na n-amhrán le Kate Bush a chanadh dúinn. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge. Accompanied by Nick Roth, Adrian Hart, Éamonn Galldubh, David Redmond and Matt Jacobson.

CLÁR IMRAM 2022

IMRAM NA nÓG

Imeachtaí do pháistí
Leabharlann an Lexlcon, Dún Laoghaire | Saor in aisce
12 Samhain/November 11.00am–4.00pm

Tá clár iomlán IMRAM na nÓg le feiceáil anseo

MÓRLÉAMH

Gala Reading

SEÁN Ó MUIREAGÁIN, ÓGIE Ó CÉILLEACHAIR,
MÁIRÍN NIC CON IOMAIRE

 
The Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath  |  Saor in aisce
12 Samhain/November 12.30pm

Gearrscéalaí par excellence é Seán Ó Muireagáin agus saothar ficsin eolaíochta atá sa bhailiúchán is déanaí uaidh Bádh B’fhéidir, eachtraí diostóipe nach bhfuil rófhada ón domhan comhaimseartha ina mairimid. In Árasán, déanann Ógie Ó Céilleachair cur síos ar cheathrar mac léinn sa chéad bhliain a bhfuil cónaí orthu san árasán céanna a labhraítear Gaeilge ann: an grá agus an ghruaim, deacrachtaí airgeadais, cairdeas agus teannas. Léifidh Máirín Nic Con Iomaire as Na Ríthe Beaga, aistriúchán ar Les Enfants Sont Rois leis an údar móréilimh Delphine de Vigan, scéinséir faoi leanbh ar iarraidh agus priacail na meán sóisialta. 

Seán Ó Muireagáin is a short-story writer par excellence, and his latest collection Bádh B’fhéidir is an imaginative exploration of the science fiction genre, with dystopian tales that have distinct echoes of our world. In Árasán, Ógie Ó Céilleachair tells the story of four first-year students living in the same Irish-speaking apartment and their experience of college life in all is aspects – night life and love, financial challenges, fights and friendships. Máirín Nic Con Iomaire will read from Na Ríthe Beaga, her translation into Irish of Les Enfants Sont Rois by bestselling author Delphine de Vigan, a thriller about the disappearance of a child and the perils of social media.

In association with the Dublin Book Festival

Léigh níos mó >

MÓRLÉAMH LE CEOL

GALA READING WITH MUSIC

Thaddeus Ó Buachalla, Colm Ó Snodaigh 

 
The Printworks, Caisleán Bhaile Átha Cliath  |  Saor in aisce
13 Samhain/November 2.00pm

Guth úrnua mealltach atá ag Thaddeus Ó Buachalla, úrscéalaí, file agus cumadóir agus dúradh go n-aithneofá macalla ó Umberto Eco sa chéad úrscéal uaidh, EL. Léifidh sé a shaothar nua Immram an Phréacháin dúinn, dán fada atá scríofa i dtraidisiún na scéalta iomraimh. Anseo áfach, feicimid turas osréalach trí Chathair Chorcaí san oíche. Léifidh sé le tionlacan cruite ó Sam Uí Bhuachalla, Moze Jacobs (clairinéad agus sacsafón) agus Paul McMahon (giotár, dordghiotár agus bainseó). Is scríbhneoir nótáilte é Colm Ó Snodaigh, chomh maith le bheith ina amhránaí agus ina cheoltóir iluirlisí le Kíla, agus is géar nua-aimseartha iad na scéalta aige in Cnaipí agus scéalta eile, scéalta a phléann le caidrimh bhriste, mí-úsáid drugaí agus caillteanas pearsanta – agus iad molta go hard ag Books Ireland as a gcumas chun cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin agus áiteanna.

Poet and composer Thaddeus Ó Buachalla is an exciting new voice. His début novel EL echoes the work of Umberto Eco in its bizarre fusion of science fantasy and historical fiction. Today he will read from his new work Immram an Phréacháin, with musical accompaniment from Sam Uí Bhuachalla (harp), Moze Jacobs (clarinet and saxophone) and Paul McMahon (guitar and banjo). Singer and multi-instrumentalist Colm Ó Snodaigh of Kíla is also a remarkable writer, and the stories in his latest book, Cnaipí agus scéalta eile are sharp and modern, dealing with themes of broken relationships, drug abuse and personal loss – and have been praised by Books Ireland for their ‘intense capture of emotions or places.’ 

In association with the Dublin Book Festival

Léigh níos mó >

MAPAÍ AGUS FINSCÉALTA

& LIG DON nGIORRIA SUÍ

Film Screening & Book Launch
 
Irish Writers Centre  |  Saor in aisce/Free
14 Samhain/November 6.00pm

There is little between landscape and inscape’ mar a deir Paddy Bushe sa dán ‘Toponomist’. Bíonn filíocht Paddy Bushe ag cuardach i gcónaí, an ceangal atá idir an fhilíocht agus an logainm á lorg aige, an tírdhreach agus an mhiotaseolaíocht. Sa leabhar Agallamh sa Cheo: Cnoc Bhréannain, dreapann Ceaití Ní Bheildiúin learga Chnoc Bhréanainn i gCiarraí; tá cairde roimpi is strainséirí, feirmeoirí is oilithrigh, comharsana is dreapadóirí eile. I sraith dánta atá ceangailte le chéile, iniúchann sí béaloideas, teanga agus stair agus mar a léirítear ar mhapaí iad.

IMRAM is proud to launch two major new poetry projects. The film Mapaí agus Finscéalta probes the links between poetry, placename, landscape and mythology. Paddy Bushe often writes of the haunting landscapes of islands. In her poems Ceaití Ní Bheildiúin takes us to the slopes of Mount Brandon in Kerry where she explores how folklore, language and history are shaped by landscape and their representation in maps. Their poems are read to a soundtrack composed by Neil Ó Lochlainn, and images by artist Margaret Lonergan. Tonight also marks the publication of Lig don nGiorria Suí/Let the Hare Sit (Dedalus Press), a selection of the very best of Ceaití Ní Bheildiúin’s poems in a dual-language format, with her potent Irish originals deftly rendered into English by Paddy Bushe.

DÉ LUAIN 14 SAMHAIN
Monday 14 November 6.00pm

MAPAÍ AGUS FINSCÉALTA
& LIG DON nGIORRAÍ SUÍ

FILM SCREENING & BOOK LAUNCH

Irish Writers Centre

Clar-Imram-2022-Mapaí

In association with Poetry Ireland and Dedalus

DÉ LUAN 14 SAMHAIN
Monday 14 November 7.00pm

MAPAÍ AGUS FINSCÉALTA

FILM SCREENING

Youtube

In association with Poetry Ireland and Dedalus

Léigh níos mó >

DARACH Ó SCOLAÍ

Agallamh poiblí
 

Irish Writers Centre  |  €5

15 Samhain/November 6.30pm

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008, agus d’ainmnigh Comhar é mar an ‘úrscéal is fearr ó chasadh an Chéid’. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach agus Feis Tigh Chonáin agus aistriúcháin ar dhá úrscéal le Robert Louis Stevenson, Oileán an Órchiste agus An Fuadach. Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín agus an BBC Stewart Parker Award amach. Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa, Dóiteoir na Samhna agus Bodach an Chóta Lachna.

Darach Ó Scolaí was recently described by Books Ireland as ‘one of the most important Irish language writers of his generation’. His fiction explores history and mythology in rich and evocative prose of the highest order. His latest novel, Súil an Daill, takes us to Tyrone in 1539, and tells a tale of power struggles in the Medieval and Renaissance world of the Gaelic lords. His publishing house, Leabhar Breac, is noted for its standards of excellence, and has an imaginative list that covers fiction, critical works, poetry, translations of classics and graphic novels.

Tonight Darach talks about his life and work in the company of writer and broadcaster Cathal Póirtéir.

Léigh níos mó >

FILE AGUS FEAR CONSPÓIDE

POET AND PASSIONATE POLEMICIST

A CELEBRATION OF THE LIFE AND WORK OF TOMÁS MAC SÍOMÓIN

Irish Writers Centre  |  Saor in aisce/Free
16 Samhain/November 7.00pm

File, úrscéalaí, fear aistí, fear conspóide, eagarthóir, iriseoir, aistritheoir agus duine den bheagán scríbhneoirí radacacha Gaeilge a raibh taithí idirnáisiúnta aige ab ea Tomás Mac Síomóin. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta Cinn Lae Seangáin duais Oireachtais sa bhliain 2005 agus an bhliain dár gcionn bronnadh an phríomhdhuais Oireachtais ar a úrscéal fantaisíochta, An Tionscadal. Dánta, scéalta agus ailt leis foilsithe in an-chuid irisí móide aistriúcháin ón gCatalóinis agus ón Spáinnis. Cailleadh é i mbliana. Fathach i measc scríbhneoirí na Gaeilge.

Political activist, poet, critic, essayist, novelist, scientist and translator, Tomás Mac Síomóin was a uniquely eclectic voice. A biology researcher, he also edited the literary journal Comhar for many years. His fiction includes the darkly humourous short story collection Cín Lae Seangáin, and the science fantasy novel An Tionscadal. The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland is a piercing study of the effects of colonialism on Irish linguistic and cultural identity. His 21 Dán/Poemes/Poemas (Coiscéim, 2011) is a selection of his translations of his own poems in Irish, Catalan and Spanish. He died in Spain in February 2022. 

Tonight Aontas na Scríbhneoirí and IMRAM are proud to celebrate his life in the company of poets, writers and critics, including fear an tí Cathal Póirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Mícheál Mac Aonghusa, Máirín Nic Eoin, Celia de Fréine, Éamon Ó Ciosáin. 

Cormac Breathnach agus Martin Dunlea a bheidh i mbun ceoil.

I gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Léigh níos mó >

DUAIS BASHŌ/GUTH NA hÉIGSE

TWO EVENTS FOR SCHOOLS

Smock Alley  |  Saor in aisce/Free

17 Samhain/November 11.00am–2.00pm
DUAIS BASHŌ

HAIKU READING & AWARD PRESENTATION

Thug Comórtas Filíochta Duais Haiku Bashō cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur isteach le haghaidh breithiúnais. Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú hAois, cruthaithe ar dtús ag an máistir haiku Bashō. Scríobhtar dánta Haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla déag ar a mhéad iontu.

The Duais Haiku Bashō Poetry Competition asked post-primary students to compose a haiku in the English or Irish language or a hybrid and submit their haiku for adjudication by 24 October 2022. The haiku is the shortest poetic form in the world which originated in Japan in the 17th Century, refined and championed by haiku master Bashō. Haiku poems are usually written in three lines and contain a maximum of seventeen syllables. As part of this project, haiku poet Maeve O’Sullivan has been conducting workshops with students throughout the country. Poet and acclaimed haiku doyen Gabriel Rosenstock is adjudicating the entries. This morning will feature a haiku reading and the announcement of the winners.

In association with Poetry Ireland Education

Léigh níos mó >

 

 

 

 

 

GUTH NA hÉIGSE

NATIONAL FINAL OF POETRY SPEAKING COMPETITION

Is comórtas píolótach Comórtas Labhartha Filíochta d’Iarbhunscoileanna é Guth na hÉigse, atá bunaithe ar an gComórtas Labhairt Filíochta, Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic léinn a spreagadh ar fud oileán na hÉireann chun dánta Gaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ansin na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais, cluichí ceannais réigiúnacha agus ag craobh náisiúnta a bheidh ar siúl inniu i Smock Alley.

Guth na hÉigse is a pilot Poetry Speaking Competition for Post-Primary Schools, based on the successful and well-established Poetry Aloud Poetry Speaking Competition initiated by the National Library of Ireland and Poetry Ireland in 2007. Guth na hÉigse aims to encourage students throughout the island of Ireland to commit Irish language poems to memory and then speak the poems aloud at heats, regional finals and at the national final that takes place today in Smock Alley.

In association with Poetry Ireland Education

Léigh níos mó >

GRINDR, SAGHDAR & CHER

Trí mhonalóg úrnua le ceol beo agus ealaín físe

MULTI-MEDIA SPOKEN WORD DRAMA

Smock Alley  |  €10

17 Samhain/November 8.00pm

Tógann fear tuaithe a chéad chéim riamh thar an tairseach isteach i mbeár aerach. Freastalaíonn leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach (‘díreach’ mar dhea). Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile.

Trí mhonalóg. Triúr carachtar LADTA+. Trí dhearcadh ar leith acu ar an saol. Trí scéal a thiteann amach ar aon oíche amháin.

A man takes his first ever step across the threshold of a gay bar. A lesbian attends a hen party with a group of straight women (or “straight” women, to be precise). A man gives himself a haircut that only one other man will see. 

Three monologues. Three LGBTQ+ characters. Three different outlooks. 

Three stories taking place on one fateful night. Written by Ciara Ní É, Eoin McEvoy and Sam Ó Fearraigh for Oireachtas na Samhna 2022, this multi-media show features music by the group Bandia and atmospheric screen projections by Margaret Lonergan.

AerachAiteachGaelach (AAG) is a queer arts collective founded by Ciara Ní É and Eoin Mc Evoy in 2020 which operates through the medium of Irish. The group has over 70 members and the collective supports practitioners of a wide variety of art forms – playwrights, writers, musicians, drag performers and visual artists.

Léigh níos mó >

PORT A’ tSAOIL

TIONSCADAL KATE BUSH

CAITRÍONA O’LEARY, NICK ROTH, ADRIAN HART, ÉAMONN GALLDUBH, DAVID REDMOND, MATT JACOBSON

Smock Alley  |  €15

18 Samhain/November 8.00pm

Níl éinne inchurtha le Kate Bush mar ealaíontóir. Fitear rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre go han‑éifeachtach ar fad sa saothar aici. Baineann drámatúlacht thar na bearta lena liricí agus í ag tarrac go tuisceanach as réimse leathan d’fhoinsí liteartha agus cineamatagrafacha, téamaí a bhaineann leis an óige, an grá, an bás, cogadh agus miotaseolaíocht. Ón gcéad singil sin aici ‘Wuthering Heights’ go dtí an pop barócach in ‘Babooshka’ is an paisean tnúthánach in ‘Running up the Hill’ tá dúshshlán agus aoibhneas dodhearmadta iontu go léir. 

Anocht beidh Caitríona O’Leary againn – guth neamhshaolta an aingil aici, dar le Crescendo Magazine – chun scoth na n-amhrán le Kate Bush a chanadh dúinn. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge.

Kate Bush is an artist like none other – weaving rock, classical and folk music to extraordinary effect. Her lyrics are highly dramatic, drawing on a wide range of literary and cinematic sources, exploring themes of childhood, love, death, war and mythology. Tonight Caitríona O’Leary – acclaimed by Crescendo Magazine for ‘her angelic and etheral voice – will perform the very best of Bush’s songs, translated into Irish by Gabriel Rosenstock. She will be joined by Nick Roth (keyboard), Adrian Hart (fiddle), Éamonn Galldubh (flute, whistles, uilleann pipes), David Redmond (double bass) and Matt Jacobson (drums). The show features on-screen projections of the lyrics with images created by Margaret Lonergan.

Léigh níos mó >

TINTE NA FARRAIGE DUIBHE 

A multi-media Science Fiction show

Smock Alley  |  €15

19 Samhain/November 8.00pm

Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais – agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa – agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu.

Sál and Ríosa are on the run from Roghail, a small moon off a distant red planet. They escape on a cargo ship – with the human-crocodile Sergeant Rathaid hot on their heels. But out there waiting for them is a greater menace – and, unknown to her, Ríona hides a secret that will bring the forces of destruction upon them.

Tinte na Farraige Duibhe is a science fiction novel written in Scottish Gaelic by Tim Armstrong, and won the Saltire Society First Book of the Year Award in 2013. Eoin P Ó Murchú, the translator of the book into Irish, has directed tonight’s thrilling multi-media dramatic reading, featuring actors Seán T Ó Meallaigh, Hilary Bowen Walsh, and Eoin Ó Dhubhghaill. Music by Tim Armstrong and Roddy Neithercut. Visuals by Margaret Lonergan.

Léigh níos mó >

COMHRÁ LE LÍ HÈ

A multi-media poetry film
Youtube  |  Saor in aisce/Free
20 Samhain/November 8.00pm

Ní raibh Lí Hè (790–816) ach seacht mbliana d’aois nuair a thosaigh sé ag cumadh filíochta. Cailleadh go hóg é, gan ach sé bliana is fiche slánaithe aige. Ba nós leis dul ag marcaíocht le giolcadh an ghealbhain, stopadh chun dán a scríobh agus ansin an pár a chaitheamh san aer. Bhíodh giolla á leanúint agus bhailíodh seisean ná dánta i mála taipéise. Cuireann criticeoirí ár linne féin i gcomparáid le Rimbaud, Baudelaire agus Keats é.

Thar aon fhile eile lenár linn, tá cumarsáid an-diamhair ar siúl ag Rosenstock le héigse an Oirthir le leathchéad bliain anuas. I gcuid de na dánta is snoite a tháinig riamh óna pheann, labhraíonn sé le hanam Lí Hè, an file a bhí sa leabhar ag an bhfiach dubh.

Whilst seriously ill in 2019, Gabriel Rosenstock was given a copy of The Collected Poems of Lí Hè. In the months that followed, he immersed himself in the crepuscular and erotic universe of this Chinese ‘crazy poet’ of the late Tang Dynasty. Rosenstock has long engaged in a remarkable dialogue with the poetry of the east. Here, in some of his finest poems ever, he speaks to the spirit of the doomed Lí Hè – bringing us into a world where we smell plum blossoms and courtesans’ perfume and traverse an ancient land of war, drought and plague that has uncanny resonances of our own age. 

Comhrá le Lí Hè features these remarkable poems read to music composed and performed by Nick Roth, and beautiful animations created by Donegal artist Kim Sharkey. 

The book Comhrá le Lí Hè/Conversations with Lí Hè (Cross-Cultural Communications) features Rosenstock’s poems along with illustrations by Tania Stokes and English translations by Garry Bannister.

IMRAM in association with Éigse Éireann / Poetry Ireland. 

Léigh níos mó >

Thaddeus Ó Buachalla

MÓRLÉAMH LE CEOL, 13 Samhain

Guth úrnua mealltach atá ag Thaddeus Ó Buachalla, úrscéalaí, file agus cumadóir agus dúradh go n-aithneofá macalla ó Umberto Eco sa chéad úrscéal uaidh, EL.

Ceaití Ní Bheildiúin

MAP AGUS FINSCÉALTE, 14 Samhain 

Sa leabhar Agallamh sa Cheo: Cnoc Bhréannain, dreapann Ceaití Ní Bheildiúin learga Chnoc Bhréanainn i gCiarraí; tá cairde roimpi is strainséirí, feirmeoirí is oilithrigh, comharsana is dreapadóirí eile.

Darach Ó Scolaí

DARACH Ó SCOLAÍ, 15 Samhain

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008, agus d’ainmnigh Comhar é mar an ‘úrscéal is fearr ó chasadh an Chéid’.

Celia de Fréine

FILE AGUS FEAR CONSPÓIDE, 16 Samhain

 

Tim Armstrong

TINTE NA FARRAIGE DUIBHE, 19 Samhain

 

Ticéidí
Share via
Copy link