Foireann IMRAM
Meet the IMRAM team
BORD STIÚRTHA IMRAM

FIONNUALA NÍ DHÚGÁIN
Is abhcóide í Fionnuala Ní Dhúgáin a chleachtann an dlí sibhialta le speisialtóireacht sa dlí tráchtála agus sa dlí talún. Bhain sí amach céim sa dlí ó Choláiste na Tríonóide agus Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ó OE Gaillimh roimh staidéir in Óstaí an Rí. Glaodhadh chun an bharra in Éirinn í sa bhliain 2005 agus chun an bharra i Sasana agus sa Bhreatain Bheag i 2013. Dáta tosaithe: 24 Bealtaine 2021.

LIAM Ó MAOLAODHA
Bleá Cliathach ó thús é ach tá sé ag cur faoi i gConamara le scaitheamh de bhlianta. Bhí sé ar feadh beagnach fiche bliain i gceannas ar Choláiste na bhFiann nó gur ceapadh é mar Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge i 1996 agusis ann a chríochnaigh sé a shaol oibre i 2021. Bhí plé go leor aige le féilte Cheilteacha eile, An Mód, Eisteddfod, Féile Interceltique Lorient agus le bunú Oireachtas Gaeilge Cheanada. Rinne sé ionadaíocht don Oireachtas ar an iliomad Coistí a bhí ag plé le cur chun cinn na Gaeilge agus na healaíon traidisiúnta teangabhunaithe ach go háirithe. Feictear go minic anois é ar chúrsaí Ghailf ar fud cúige Chonnachta. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

CORMAC Ó DÚLACHÁIN
Is Abhcóide Sinsearach é Cormac ó 2002 agus tá sé ina Chathaoirleach ar Cumann Barra na Gaeilge. Tá céim MA bainte amach aige le deireanas i Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge. Tá ceangal tharr na blianta aige le mórán eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta agus bhí sé gníomhach ar coistí gaelscoileanna. Tá suim faoi leith aige sa drámaíocht. Tá sé gníomhach leis na Gasóga Mara. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

CATHAL PÓIRTÉIR
(Cathaoirleach)
D’fhill Cathal Póirtéir mar chathaoirleach ar Bhord Imram mí na Beataine 2022 le cuidiú le forbairt na féile. Chaith sé roinnt bliana mar chathaoirleach ar Imram sna blianta tosaigh agus tá sé ag cuidiú le himeachtaí na féile ó shin. Is scríbhneoir agus craoltóir é a chaith 30 bliain mar léiritheoir raidió le RTÉ agus tá leabhair agus dlúthdhioscaí foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla, fiscean, neamh-fhiscean, drámaí agus filíocht san áireamh. Tá gradaim éagsúla bronnta air dá shaothar mar chraoltóir agus scríbhneoir, Buaic-ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge agus bonn óir ag na PPI Media Awards ina measc.
Bhain sé bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas agus tá céim MA sa Bhéaloideas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, chomh maith le diploma ollscoile i Stair na Péintéireachta Eorpaí.
Tá sé gníomhach ar choiste stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gailge ón tús agus tá sé ar choiste Chumann le Béaloideas Éireann, ar bhord Raidió na Life agus ar Chuideachta Gael-Linn. Chaith sé roinnt blianta ar bhord stiúrtha Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus bíonn léirmheasanna rialta ar leabhair Ghaeilge á scríobh aige do Books Ireland. Dáta tosaithe: 24 Márta 2022.

MUIRIS Ó FIANNACHTA
Craoltóir agus ceoltóir é Muiris Ó Fiannachta. Oibríonn sé go lánaimseartha mar Bhainisteoir Stáisiúin Raidió na Life. Tá gradam idirnáisiúnta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ buaite ag Raidió na Life ag Féile idirnáisiúnta na Meán Ceilteach faoi dhó faoina stiúir. Bíonn sé ag léachtóireacht go páirtaimseartha i gcúrsaí na meán cumarsáide le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé roimhe seo i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ agus sna comhlachtaí léiriúcháin teilifíse Animo TV agus Adare Productions. Tá céim aige sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis ó Ollscoil Mhaigh Nuad agus tá sé i mbun Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht leis an ollscoil chéanna faoi láthair. Tá sé paiseanta faoin gceol agus seinneann sé an giotár, dordghiotár, roinnt pianó/méarchlár agus ligeann sé air gur féidir leis roinnt buillí bunúsacha a sheinm ar na drumaí! Rac-cheol crua agus miotal trom is mó a thaitníonn leis. Bhí sé ina bhall de Choiste Comhairleach Gaeilge Údarás Craolacháin na hÉireann & Fhoras na Gaeilge ó 2019 go 2021 agus chaith sé tréimhse ar Choiste náisiúnta CRAOL/Raidió Pobail Éireann. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

ALAN TITLEY
Úrscéalta, gearrscéalta, fabhalscéalta, filíocht, drámaí stáitse agus raidió, scripteanna teilifíse, aistriúcháin, colúin, aistí agus scoláireacht scríte aige. Duaiseanna liteartha bainte aige san Oireachtas, fara Duais Pater don drámaíocht ón Astráil, Stewart Parker Award ón BBC, duais Eilís Dillon don scríbhneoireacht do dhaoine óga agus gradam ón Irish-American Cultural Institute.
Léiríodh drámaí leis in Amharclann na Mainistreach, Amharclann na Péacóige agus Amharclann Samuel Beckett agus aistríodh ceann díobh, Tagann Godot, go hIodáilis, Fraincis, agus Rúisis a léiríodh in Cív na hÚcráine. Chuir cláir litríochta i láthair ar RTÉ agus scríobh sé agus chuir sé i láthair Scéal na Gaeilge do TG4. D’aistrigh sé Cré na Cille an Chadhnaigh go Béarla faoin teideal The Dirty Dust, fara saothair eile dá chuid.
Chaith sé cúig mbliana fichead ina Cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach (NUI agus DCU) sular ceapadh ina Ollamh le Nua-Ghaeilge é in UCC a bhfuil sé ina ollamh emeritus ann anois. Seal caite, leis, aige ina ollamh cuarda in Ollscoil Uladh. Suim aige i ngach gné de litríocht na Gaeilge, agus cur amach aige chomh maith ar éigse Ghaidhlig na hAlban.
Corcaíoch ó dhúchas ó shráideanna na cathrach. Dáta tosaithe: 24 Bealtaine 2021.
GRÁINNE NÍ GHILÍN
Dáta tosaithe: 6 Meán Fómhair 2022.

EMMA NÍ CHEARÚIL
Is craoltóir agus cruthaitheoir í Emma Ní Chearúil. Faoi láthair tá sí ag obair mar léiritheoir ar Splanc (Newstalk), agus mar bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá. Tá ainmniúcháin agus gradaim bainte amach aici ó CRAOL, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, IMRO, agus ag Féile na Meán Ceilteach. Le cloisteáil i mbun cainte faoi chúrsaí ceoil ar Bladhaire (Raidió na Gaeltachta), ar Raidió na Life, ar Newstalk, agus is léirmheastóir cultúir í le Tuairisc.ie. Ta scríbhneoireacht – prós agus filíocht – dá cuid foilsithe in Comhar, agus Aistí ar an Aer ar Raidió na Gaeltachta. Tá an-taithí ag Emma i réimse na meán sóisialta, agus cruthaíonn sí ábhar d’Oireachtas na Gaeilge agus dreamanna eile. Dáta tosaithe: 6 Meán Fómhair 2022.
STIÚRTHÓIR

LIAM CARSON
Is stiúrthóir na féile litríochta Gaeilge IMRAM é Liam Carson. Is scríbhneoir agus léirmheastóir é chomh maith, is foilsíodh a chéad leabhar, Call Mother a Lonely Field, sa bhliain 2010. Scríobhann sé go rialta d’iris Éigse Éireann/Poetry Ireland Review, is foilsíodh aistí agus dánta leis sna hirisí New Hibernia Review, Seashores, Presence, Irish Review, Comhar agus An Guth.
BAINISTEOIR

MAJELLA NÍ CHRÍOCHÁIN
Tá os cionn 35 bliain caite ag Majella ag obair sna réimsí ealaíon, cumarsáide, cultúir, oideachais, forbairt phobail agus forbairt tuaithe. Tá iliomad imeachtaí cultúir agus ealaíon reáchtáilte aici thar na blianta, féilte ealaíon, féilte leabhar agus tréimhsí cónaitheacha ina measc. Tá saothar úr ealaíon coimisiúnaithe aici ó scríbhneoirí, ó cheoltóirí, ó fhísealaíontóirí, ó dhrámadóirí agus ó chóiréagrafaithe. Nuair nach bhfuil sí ag plé leis na healaíona, is breá léi a bheith ag rith, ag rothaíocht agus ag snámh.