FÉILE IMRAM 6-15 SAMHAIN/NOVEMBER 2026
FÉILE IMRAM 6-15
SAMHAIN/NOVEMBER 2026
Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.
IMRAM works to put Irish language literature at the heart of our nation’s public life, through an innovative annual festival, supporting writers and publishers, encouraging the sale of books, provoking debate, and engaging Irish speakers and Irish learners across Ireland and the diaspora.
CLÁR IMRAM 2026
CLÁR IMRAM 2026
MÚSAEM NA nGRÉIBHLÍ
THE MUSEUM OF CURIOSITIES
The Museum of Curiosities | Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
Friday 6 Samhain / November 7pm & 8pm
In association with Dublin Book Festival
Is áit iontach go deo é Músaem na nGréibhlí i mBaile Átha Cliath. Cathair ghríobháin dhá stór de dheismireáin, nithe scáfara agus scéalta ar leith. Tá a scéal féin ag gach rud; blúiríní béaloideasa, taismí leighis nó iarsmaí de chreidimh nach ann dóibh a thuilleadh. Sa léiriú seo, tá scéalta le Daithí Ó Muirí a ghlacann inspioráid ó na nithe atá sa mhúsaem. Léifear na scéalta os ard le tionlacan fuaime leis an gceoltóir Fergus Kelly.
The Museum of Curiosities is Dublin’s most unusual destination – a two-floor labyrinth of strange artefacts, eerie objects and peculiar histories. Every object tells a story: fragments of folklore, medical missteps, theatrical inventions or traces of long-lost belief. Daithí Ó Muirí, whose work is marked by the surreal, has written stories inspired by the museum. They will be read to the accompaniment of a spooky soundtrack from musician Fergus Kelly.
The Museum of Curiosities, 35 Pembroke Street, Dublin 2
Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

MACALLAÍ NA STAIRE
THE ECHOES OF HISTORY
Royal Irish Academy of Music | Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
Saturday 7 Samhain / November 2pm
In association with Dublin Book Festival
Plé ar fhicsean staire leis an Ollamh Michael Cronin. Úrscéal é Bódléar le Darach Ó Scolaí a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Bhuaigh An Cléireach, úrscéal leis atá suite sa chéad leath den 17ú haois, Duais an Oireachtais in 2007. Ina úrscéalta staire, tugann Liam Mac Cóil trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin in 2006, agus roghnaigh an iris Comhar í ar na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid, agus tá sí anois sa tríú cló. Tarraingíonn Réaltán Ní Leannáin ar stair agus ar chuimhní teaghlaigh ina húrscéal, Cití na gCártaí.
A round-table discussion with Professor Michael Cronin on historical fiction in Irish-language literature. Darach Ó Scolaí is the author of Súil an Daill, set in a world of bishops and clergy, clerks and councillors, lords and ladies in the Medieval and Renaissance Gaeltacht. Liam Mac Cóil is the author of the acclaimed Lúcás Ó Briain series of historical thrillers set in a war-ravaged Europe in 1612. In her acclaimed novel, Cití na gCartaí, Réaltán Ní Leannáin tells the story of Katarina, a young Maltese woman who marries an Irish soldier in the British army, taking us from the slaughter of Gallipoli to the sectarian conflict of 1920s Belfast.
Royal Irish Academy of Music, 36 Westland Row, Dublin 2
Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

MÓROÍCHE FILÍOCHTA AGUS CEOIL
GALA POETRY AND MUSIC NIGHT
Teeling’s Distillery | Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
Saturday 7 Samhain / November 6:30pm

Tugann filíocht Róise Uí Bhaoill muid ar thuras a thugann léargas dúinn ar áilleacht agus ar fhulaingt an tsaoil. Tháinig a cnuasach filíochta Dordéan as tréimhsí taistil ar fud na cruinne le breis agus deich mbliana anuas. Tá a dúchas go smior ina cuid filíochta, ach déanann sí leacacha crua na cathrach a thaiscéaladh go líofa chomh maith ina cuid dánta ina ndéanann sí comóradh ar phobal agus ar shaol Ghaeil Bhéal Feirste i gceartlár bharbarthacht agus uafás na dtrioblóidí. Tá ceithre chnuasach filíochta agus trí húrscéal déag foilsithe as Gaeilge ag Mícheál Ó Ruairc. Bhuaigh an bailiúchán dátheangach filíochta, Dambatheanga:Damlanguage leis an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014. Bíonn an ceol agus an fhilíocht á nascadh le chéile ag Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, spreagtha go mór ag leabhar filíochta nua Éire, Puisín Beag an Diabhail.
In her poetry Róise Ní Bhaoill takes us on a journey from the Donegal Gaeltacht to Belfast during the Troubles, to Palestine and Japan, fusing the lyrical and the political. Described by the Irish Times as ‘both rebel yell and death rattle’, Dambatheanga: Damlanguage by Mícheál Ó Ruairc is a brilliant exploration of questions of language and identity. Éire Ní Fhaoláin and Cú Chulainn Ó Faoláin fuse traditional music and poetry, inspired by Éire’s new poetry book Puisín Beag an Diabhail, which explores Irish folklore surrounding the black cat and the number nine.
Teeling’s Distillery, 13-17 Newmarket, The Liberties, Dublin 8
Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

NA PÚCAÍ INA CHEANN
The Pookahs in his Head
A celebration of the life and work of Gabriel Rosenstock
The Teachers’ Club | Cead isteach/Admission €12/€10
Booking: Ticéid Anseo
Monday 9 Samhain / November 7:30pm
‘D’fhéadfá a rá go raibh níos mó ná Gabriel Rosenstock amháin ann. Uair amháin, d’fhiafraigh mé de Ghabriel cén próiseas a bhí aige agus é ag tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar liricí le Bob Dylan. ’Próiseas?’ a d’fhreagair sé, ‘níl aon phróiseas ann, seachas na púcaí i mo cheann!’ Más rud é go raibh púcaí i gceann Ghabriel, púcaí na cruinne (ní as Éirinn amháin) a bhí i gceist, iad líofa in achan teanga. Taobh istigh de chloigeann Ghabriel, mhair mórfhilí ar nós Matsuo Bashō, Rabindranath Tagore, Günter Grass, Lí Hè, agus na céadta eile, iad uilig beo arís faoi chló Gaelach. Ach taobh amuigh de na filí sin, mhair roinnt pearsantachtaí in anam Ghabriel. An leasainm a bhí ag a mháthair air na ‘The Wild Man of Borneo’, agus ghlac sé leis an ainm sin le fonn; cheap sé gur ‘onóir’ a bhí ann – agus ‘cuid de m’fhéiniúlacht feasta bheadh ann’.’
– Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM
Of the late – and much-missed – Gabriel Rosenstock, poet Gwyneth Lewis said: ‘he defies gravitational laws, leaping out of the confines of the Irish language through the vigour of his writing and its total disregard of time and space’. A poet, novelist, children’s author, haikuist, essayist and translator, he published over 400 books. His work was that of a shape-changer writer – a true literary pookah.
Tonight we celebrate his life and work with a gala reading of the very best of his poetry featuring Amanda Bell, Paddy Bushe, Des Geraghty, Aifric Mac Aodha, Caitríona Ní Chléirchín, Séamus Barra Ó Súilleabháin and Tristan Rosenstock, with music from Cormac Breathnach and others. Visuals by Margaret Lonergan. Fear an tí for the night is Cathal Póirtéir.
The Teachers’ Club, 36 Parnell Square West, Dublin 1
Cead isteach/Admission €12/€10
Booking: Ticéid Anseo
CRANN MÓR
TREE
Smock Alley | Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
Tuesday 10 Samhain/November 7:30pm
Iomann siansach don chrann agus gach gné de is ea Tree de chuid Richard Berengarten, dán fada a tharraingíonn ar Chrann na Beatha sa Chabála, agus an áit lárnach atá ag an gcrann i dtraidisiúin spioradálta ar fud an domhain. Tá Nick Roth tar éis an leagan Gaeilge de a rinne Gabriel Rosenstock a chur in oiriúint do chór guthanna leis na hamhránaithe Caitríona O’Leary, Michelle O’Rourke agus Olesya Zdorovetska.
Richard Berengarten’s poem Tree is a symphonic hymn to a tree in all its aspects, drawing on its sacred and central place in the world’s mythology, history and religion. Commissioned by IMRAM in 2020, Gabriel Rosenstock’s Irish language translation of the poem Crann was first presented as a film directed by Laura Hilliard. This expanded version of Crann Mór for nine voices, percussion and film sees the upper voices of Chamber Choir Ireland and conductor David Young join the original vocal trio in a new live staging, directed by Adrian Dunbar.
Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8
Cead isteach/Admission €15/€12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
DUAIS HAIKU BASHŌ
Haiku reading and award presentation
Teachers’ Club | Saorchead isteach/Free admission
Event for schools
Wednesday 11 Samhain/November 11am-2pm
IMRAM in association with Poetry Ireland Education
Sa chomórtas filíochta haiku Duais Basho tugtar cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur faoi bhráid moltóra. Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú Aois, agus a bhláthaigh i ré an mháistir mhóir, Bashō. Scríobhtar dánta haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla dhéag ar a mhéad iontu.
In the Duais Basho haiku poetry competition, post-primary students are invited to compose a haiku in the English or Irish language and submit their haiku for adjudication. The haiku is the shortest poetic form in the world which originated in Japan in the 17th Century, first refined and championed by haiku master Bashō. Haiku poems are usually written in three lines and contain a maximum of seventeen syllables. As part of this project, haiku poets Maeve O’Sullivan and Liam Carson conducted workshops with students throughout the country. Haiku poet Rody Gorman adjudicated the entries.
Teachers’ Club, 36 Parnell Square West, Dubin
Saorchead isteach/Free admission
Event for schools
IMRAM in association with Poetry Ireland

GUTH NA hÉIGSE
COMÓRTAS LABHARTHA FILÍOCHTA do Dhaltaí Iarbhunscoile

Wednesday 11 Samhain/November 11am - 2pm
IMRAM i gcomhar le Poetry Ireland Education
Is comórtas labhartha filíochta do scoláirí iarbhunscoile é Guth na hÉigse atá bunaithe ar an gcomórtas Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse daltaí ar fud na hÉireann a spreagadh chun dánta Gaeilge a chur de ghlanmheabhair agus na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais agus ag craobh náisiúnta.
Guth na hÉigse is a Poetry Speaking Competition for Post-Primary students, based on the successful and well-established Poetry Aloud Poetry Speaking Competition initiated by the National Library of Ireland and Poetry Ireland in 2007. Through Guth na hÉigse, students throughout Ireland are encouraged to commit Irish language poems to memory and then speak the poems aloud at heats and at the national final. Poet Padaí de Cléir will perform at this event.
Teachers’ Club, 36 Parnell Square West, Dubin 1

AG SEINM SAMHRAIDH
SINGING THE SUMMER: THE PEARSE HUTCHINSON PROJECT
Teachers’ Club | Cead isteach/Admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
Wednesday 11 Samhain/November 7:30pm
Is glór ar leith i saol na filíochta a bhí in Pearse Hutchinson (1927-2012). Tháinig sé sa gcéad áit in Ardteist an Bhéarla sa bhliain 1945 agus foilsíodh na chéad dánta aige i mBéarla (in The Bell) agus i nGaeilge (in The Capuchin Annual) sa bhliain chéanna. Sna caogaidí, bhí sé ag cur faoi in Barcelona, áit ar thit sé i ngrá le teanga na Catalóine. Foilsíodh a chéad mhórchnuasach Gaeilge, Faoistin Bhacach, a bhuaigh Gradam Butler do scríbhneoireacht Ghaeilge, sa mbliain 1968. Téamaí lárnacha ina chuid scríbhneoireachta caillteanas agus marthanas na féiniúlachta agus teanga, chomh maith le cairdeas, gean agus grá. Is cúis náire é gur ligeadh chun dearmaid filíocht Hutchinson i ndiaidh a bháis agus is é an cuspóir atá ag Ag Seinm Samhraidh spéis a athbheochan sa saothar iontach aige.
Pearse Hutchinson (1927-2012) was a unique voice in Irish poetry. His first Irish-language collection, Faoistin Bhacach, published in 1968, received a Butler award for Irish writing.
His poetry dealt with themes of loss and survival of identity and language. Beyond these themes, there were also many poems exploring friendship, affection, tenderness and love. Ag Seinm Samhraidh features the best of his work in Irish read by Eiléan Ní Chuilleanáin, Peter Sirr and Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, accompanied by on-screen projections of archive photos and art by Margaret Lonergan.
With thanks to Peter Fallon, Gallery Press and Vincent Woods, The Pearse Hutchinson Estate.
Teachers’ Club, 36 Parnell Square, Dubin 1
Cead isteach/Admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
AN HIP-HAP GAELACH
The Soundhouse | Cead isteach/Admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
Thursday 12 Samhain/November 7:30pm
Arna eagrú i gcomhpháirt le Craobh 1916 agus Club Chonradh na Gaeilge
Tá an Hip-hap Gaelach fillte tar éis sárthaispeántais ag IMRAM na bliana seo caite. Cloisfimid roinnt de na rapadóirí tréitheacha a chualamar anuraidh, chomh maith le glórtha úra Gaelacha. Éistfimid le ceol an mharfóra gan mhaith Cúán de Búrca agus a chomhchoirpeach hHH. Caol díreach ó Nua-Eabhrac braithfimid fuinneamh fuinte Cailín Lofa. Tá Limonead tar éis clú a bhaint amach di féin le cnagairí hip-hap pop i nGaeilge na hAlban. Rachaimid chomh fada le Tír na nÓg ar an eitleán bán le Blue Niall. Ó Bhéal Feirste cois cuain cloisfear rannta snasta an fhile ó bhéal Padaí de Cléir. Táimid ar tinneall le héisteacht le Mory, fear atá ag tabhairt glóir do BHÁC na nGael le stáir anois. Bímis réidh do rithimí James Shannon lena línte líofa uirbeacha. Cuirfidh Ciara Ní É cló eile uirthi féin agus í ag dul níos faide fós isteach i saol an cheoil. Bígí ann nó beifear gann srl srl, tá a fhios agaibh an chraic, laidhc.
An Hip-hap Gaelach rides again! We’ll hear some new voices rapping in Irish/Gaelic along with some stalwarts of the scene. Look forward to songs of the ruthless killer Cúán de Búrca and his fellow criminal hHH. Straight from New York, Cailín Lofa straddles the traditional and transgressive. Limonead will deliver with her own brand of Scottish Gaelic hip-hap rap pop. Catch Blue Niall’s cheapo airline flight to Tír na nÓg. From Belfast, the lyrical verses of the spoken word poet Padaí de Cléir. Mory gives Dublin an Irish voice and then we’ll bounce to the urban rhythms of James Shannon. Ciara Ní É will travel even further into the world of song. Be there or be square, djaknowwhatimean, like?
This event is curated by Eoin P. Ó Murchú.
The Soundhouse, First Floor, 28 Eden Quay, Dublin 1
Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo

AN 424: AN BUS GO DTÍ AN GHEALCHATHAIR
THE BUS TO THE BRIGHTCITY
Smock Alley | Cead isteach/Admission €15/12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
Friday 13 Samhain/November 7:30pm
Tar linn ar aistear draíochta an 424, an bus a thógann muid ó dhorchadas na maidine thiar i gCarna tríd bhóithre casta Chonamara go dtí an Ghealchathair. Fág ‘aiteann, fraoch, fiataíl, srutháin, claíocha, tolláin, gleannta’ i do dhiaidh agus tú ar oilithreacht i dtreo na Gaillimhe. Cas leis na carachtair uile a bhordálann an bus: Lugh Lámhfhada lena chuid gruaige rua a thuirlingíonn i gcónaí ag stop na bhForbacha; an cailín faoileánda a chaitheann an turas ag canadh léi féin agus a fhágann cleite ina diaidh; an seanfhear a bhfuil cos leis san uaigh agus an chos eile ar bhus 424; an bhean a bhíonn ag cabaireacht agus ag argóint leis an duine dofheicthe atá lena hais sa suíochán.
Everyone who lives in Conamara or who has visited knows the road the 424 takes west from Galway city, along the coast, past lakes, bogs and hills to quiet fields where men and cattle stop to gaze at the colourful bus. Long ago the driver might stop to deliver boxes of chickens at houses on the way; a man might burst into a hoarse rendition of the fifty verses of ‘Úna Bhán’. These days voices from Ukraine, Eastern Europe and Asia join those of the native speakers and the woman who lost her Irish in America as they sway to and fro on the road to Galway.
Poet Laoighseach Ní Choistealbha, novelist Jackie Mac Donncha and poet and musician Cúán de Búrca read from new work inspired by their journeys on the bus. Music from Trá Pháidín, whose first album was An 424, and visuals from broadcaster and film maker Donal Dineen. Curated by Majella Ní Chríocháin.
Smock Alley, Exchange Street Lower Temple Bar, Dublin 8
Cead isteach/Admission €15/12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

DIAMAINT AGUS MEIRG
DIAMONDS AND RUST: THE DYLAN-BAEZ PROJECT
Smock Alley | Cead isteach/Admission €20/15
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
Saturday 14 Samhain/November 7:30pm
D’éirigh go han-mhaith leis an dá thionscadal a d’eagraigh IMRAM cheana ar Bob Dylan – ceann ar na hamhráin is mó clú aige agus ceann ar na hamhráin gaspal. Leagann an tionscadal úr seo béim ar an ngaol cruthaitheach agus pearsanta a bhí aige le Joan Baez. Tháinig rabharta spéise i saothar na beirte le teacht amach an scannáin A Complete Unknown agus is minic déagóirí ag postáil seinnliostaí ina gcloistear an bheirt ag gabháil cheoil as a chéile.
IMRAM has already staged two hugely successful Bob Dylan projects – one on his greatest hits, and the other on his gospel songs. This new project focuses on his creative and personal relationship with Joan Baez. This show features their songs translated into Irish by poets Rody Gorman and Caitríona Ní Chléirchín, as well as songwriter Tadhg Mac Dhonnagáin. They will be sung by Colm Seoighe and Jessie Dingle, who will be joined by musicians Aidan Claire (mandolin), Cathal Murphy (keyboards) and Cathal Seoighe (fiddle). Visuals by artist Margaret Lonergan. Curated by obsessive Bobcat Liam Carson. Concept by Eithne Carson.
Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8
Cead isteach/Admission €20/15
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

MÓRLÉAMH FICSIN
GALA FICTION READING
Books Upstairs | Cead isteach/Admission: €10
Booking: Ticéid Anseo
Sunday 15 Samhain/November 3pm
Úrscéalaí, file, gearrscéalaí, drámadóir, staraí, agus aistritheoir é Micheál Ó Conghaile, agus duine de mhórphearsana na litríochta comhaimseartha. Ar chuid de na saothair atá foilsithe aige tá An Fear a Phléasc, Sna Fir, agus Sa Teach Seo Anocht. Ag scríobh faoina úrscéal nua, An Bhlaosc sa mBois, dúirt Pádraig Ó Siadhail: ‘Is saothar cumhachtach den scoth é ina n-insítear an scéal go healaíonta cumasach, gan puinn maoithneachais ag baint leis’. Ina léirmheas ar an úrscéal teannais Sí le Seán Ó Muireagáin, dúirt Gearóidín Nic Carthaigh: ‘Stíl scríbhneoireachta ana-sholéite agus ana-tharraingteach atá sa leabhar tríd síos’. Tá cáil ar Anna Heussaff as a cuid úrscéalta spreagúla, snasta. Ainmníodh Sa Pholl Báite, an ceathrú mistéir bhleachtaireachta léi do léitheoirí fásta, ar an ngearrliosta do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana/Irish Book Awards 2023. Tá na lárcharachtair chéanna ann is atá in Bás Tobann, Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin.
Micheál Ó Conghaile is one of the most fearless writers in Irish literature. His latest novel, An Bhlaosc sa mBois examines the dark corners of the Irish psyche regarding the mother and baby homes scandal. Seán Ó Muireagáin is a novelist, poet, short story writer and singer. His work ranges from the surreal science fiction of the short story collection Bádh B’fhéidir to his page-turning thriller Sí. Anna Heussaff is acclaimed for her fast-paced contemporary fiction. Sa Pholl Báite, her fourth crime novel, was shortlisted for An Post’s Irish Language Fiction Book of the Year in 2023. Fear an tí is Cathal Póirtéir.
Books Upstairs, 17 D’Olier Street, Dublin 2
Cead isteach/Admission: €10
Booking: Ticéid Anseo
CLÁR IMRAM 2026

MÚSAEM NA nGRÉIBHLÍ
THE MUSEUM OF CURIOSITIES
The Museum of Curiosities | Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
Friday 6 Samhain / November 7pm & 8pm
In association with Dublin Book Festival
Is áit iontach go deo é Músaem na nGréibhlí i mBaile Átha Cliath. Cathair ghríobháin dhá stór de dheismireáin, nithe scáfara agus scéalta ar leith. Tá a scéal féin ag gach rud; blúiríní béaloideasa, taismí leighis nó iarsmaí de chreidimh nach ann dóibh a thuilleadh. Sa léiriú seo, tá scéalta le Daithí Ó Muirí a ghlacann inspioráid ó na nithe atá sa mhúsaem. Léifear na scéalta os ard le tionlacan fuaime leis an gceoltóir Fergus Kelly.
The Museum of Curiosities is Dublin’s most unusual destination – a two-floor labyrinth of strange artefacts, eerie objects and peculiar histories. Every object tells a story: fragments of folklore, medical missteps, theatrical inventions or traces of long-lost belief. Daithí Ó Muirí, whose work is marked by the surreal, has written stories inspired by the museum. They will be read to the accompaniment of a spooky soundtrack from musician Fergus Kelly.
The Museum of Curiosities, 35 Pembroke Street, Dublin 2
Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

MACALLAÍ NA STAIRE
THE ECHOES OF HISTORY
Royal Irish Academy of Music | Saorchead isteach/free admission
Booking: Ticéid Anseo
Saturday 7 Samhain / November 2pm
In association with Dublin Book Festival
Plé ar fhicsean staire leis an Ollamh Michael Cronin. Úrscéal é Bódléar le Darach Ó Scolaí a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Bhuaigh An Cléireach, úrscéal leis atá suite sa chéad leath den 17ú haois, Duais an Oireachtais in 2007. Ina úrscéalta staire, tugann Liam Mac Cóil trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin in 2006, agus roghnaigh an iris Comhar í ar na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid, agus tá sí anois sa tríú cló. Tarraingíonn Réaltán Ní Leannáin ar stair agus ar chuimhní teaghlaigh ina húrscéal, Cití na gCártaí.
A round-table discussion with Professor Michael Cronin on historical fiction in Irish-language literature. Darach Ó Scolaí is the author of Súil an Daill, set in a world of bishops and clergy, clerks and councillors, lords and ladies in the Medieval and Renaissance Gaeltacht. Liam Mac Cóil is the author of the acclaimed Lúcás Ó Briain series of historical thrillers set in a war-ravaged Europe in 1612. In her acclaimed novel, Cití na gCartaí, Réaltán Ní Leannáin tells the story of Katarina, a young Maltese woman who marries an Irish soldier in the British army, taking us from the slaughter of Gallipoli to the sectarian conflict of 1920s Belfast.
Royal Irish Academy of Music, 36 Westland Row, Dublin 2
Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

MÓROÍCHE FILÍOCHTA AGUS CEOIL
GALA POETRY AND MUSIC NIGHT
Teeling’s Distillery | Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
Saturday 7 Samhain / November 6:30pm
In association with Dublin Book Festival
Tugann filíocht Róise Uí Bhaoill muid ar thuras a thugann léargas dúinn ar áilleacht agus ar fhulaingt an tsaoil. Tháinig a cnuasach filíochta Dordéan as tréimhsí taistil ar fud na cruinne le breis agus deich mbliana anuas. Tá a dúchas go smior ina cuid filíochta, ach déanann sí leacacha crua na cathrach a thaiscéaladh go líofa chomh maith ina cuid dánta ina ndéanann sí comóradh ar phobal agus ar shaol Ghaeil Bhéal Feirste i gceartlár bharbarthacht agus uafás na dtrioblóidí. Tá ceithre chnuasach filíochta agus trí húrscéal déag foilsithe as Gaeilge ag Mícheál Ó Ruairc. Bhuaigh an bailiúchán dátheangach filíochta, Dambatheanga:Damlanguage leis an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014. Bíonn an ceol agus an fhilíocht á nascadh le chéile ag Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, spreagtha go mór ag leabhar filíochta nua Éire, Puisín Beag an Diabhail.
In her poetry Róise Ní Bhaoill takes us on a journey from the Donegal Gaeltacht to Belfast during the Troubles, to Palestine and Japan, fusing the lyrical and the political. Described by the Irish Times as ‘both rebel yell and death rattle’, Dambatheanga: Damlanguage by Mícheál Ó Ruairc is a brilliant exploration of questions of language and identity. Éire Ní Fhaoláin and Cú Chulainn Ó Faoláin fuse traditional music and poetry, inspired by Éire’s new poetry book Puisín Beag an Diabhail, which explores Irish folklore surrounding the black cat and the number nine.
Teeling’s Distillery, 13-17 Newmarket, The Liberties, Dublin 8
Saorchead isteach/Free admission
Booking: Ticéid Anseo
In association with:

NA PÚCAÍ INA CHEANN
The Pookahs in his Head
A celebration of the life and work of Gabriel Rosenstock
The Teachers’ Club | Cead isteach/Admission €12/€10
Booking: Ticéid Anseo
Monday 9 Samhain / November 7:30pm
‘D’fhéadfá a rá go raibh níos mó ná Gabriel Rosenstock amháin ann. Uair amháin, d’fhiafraigh mé de Ghabriel cén próiseas a bhí aige agus é ag tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar liricí le Bob Dylan. ’Próiseas?’ a d’fhreagair sé, ‘níl aon phróiseas ann, seachas na púcaí i mo cheann!’ Más rud é go raibh púcaí i gceann Ghabriel, púcaí na cruinne (ní as Éirinn amháin) a bhí i gceist, iad líofa in achan teanga. Taobh istigh de chloigeann Ghabriel, mhair mórfhilí ar nós Matsuo Bashō, Rabindranath Tagore, Günter Grass, Lí Hè, agus na céadta eile, iad uilig beo arís faoi chló Gaelach. Ach taobh amuigh de na filí sin, mhair roinnt pearsantachtaí in anam Ghabriel. An leasainm a bhí ag a mháthair air na ‘The Wild Man of Borneo’, agus ghlac sé leis an ainm sin le fonn; cheap sé gur ‘onóir’ a bhí ann – agus ‘cuid de m’fhéiniúlacht feasta bheadh ann’.’
– Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM
Of the late – and much-missed – Gabriel Rosenstock, poet Gwyneth Lewis said: ‘he defies gravitational laws, leaping out of the confines of the Irish language through the vigour of his writing and its total disregard of time and space’. A poet, novelist, children’s author, haikuist, essayist and translator, he published over 400 books. His work was that of a shape-changer writer – a true literary pookah.
Tonight we celebrate his life and work with a gala reading of the very best of his poetry featuring Amanda Bell, Paddy Bushe, Des Geraghty, Aifric Mac Aodha, Caitríona Ní Chléirchín, Séamus Barra Ó Súilleabháin and Tristan Rosenstock, with music from Cormac Breathnach and others. Visuals by Margaret Lonergan. Fear an tí for the night is Cathal Póirtéir.
The Teachers’ Club, 36 Parnell Square West, Dublin 1
Cead isteach/Admission €12/€10
Booking: Ticéid Anseo

CRANN MÓR
TREE
Smock Alley | Cead isteach/Admission: €15/€12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
Tuesday 10 Samhain/November 7:30pm
Iomann siansach don chrann agus gach gné de is ea Tree de chuid Richard Berengarten, dán fada a tharraingíonn ar Chrann na Beatha sa Chabála, agus an áit lárnach atá ag an gcrann i dtraidisiúin spioradálta ar fud an domhain. Tá Nick Roth tar éis an leagan Gaeilge de a rinne Gabriel Rosenstock a chur in oiriúint do chór guthanna leis na hamhránaithe Caitríona O’Leary, Michelle O’Rourke agus Olesya Zdorovetska.
Richard Berengarten’s poem Tree is a symphonic hymn to a tree in all its aspects, drawing on its sacred and central place in the world’s mythology, history and religion. Commissioned by IMRAM in 2020, Gabriel Rosenstock’s Irish language translation of the poem Crann was first presented as a film directed by Laura Hilliard. This expanded version of Crann Mór for nine voices, percussion and film sees the upper voices of Chamber Choir Ireland and conductor David Young join the original vocal trio in a new live staging, directed by Adrian Dunbar.
Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8
Cead isteach/Admission €15/€12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

DUAIS HAIKU BASHō
HAIKU READING AND AWARD PRESENTATION