MÓRLÉAMH LE CEOL

DÉ DOMHNAIGH 13 SAMHAIN
Sunday 13 November

2.00pm

THE PRINTWORKS
Caisleán Bhaile Átha Cliath

 

 

MÓRLÉAMH LE CEOL

GALA READING WITH MUSIC

THADDEUS Ó BUACHALLA, COLM Ó SNODAIGH

Guth úrnua mealltach atá ag Thaddeus Ó Buachalla, úrscéalaí, file agus cumadóir agus dúradh go n-aithneofá macalla ó Umberto Eco sa chéad úrscéal uaidh, EL. Léifidh sé a shaothar nua Immram an Phréacháin dúinn, dán fada atá scríofa i dtraidisiún na scéalta iomraimh. Anseo áfach, feicimid turas osréalach trí Chathair Chorcaí san oíche. Léifidh sé le tionlacan cruite ó Sam Uí Bhuachalla, Moze Jacobs (clairinéad agus sacsafón) agus Paul McMahon (giotár, dordghiotár agus bainseó). Is scríbhneoir nótáilte é Colm Ó Snodaigh, chomh maith le bheith ina amhránaí agus ina cheoltóir iluirlisí le Kíla, agus is géar nua-aimseartha iad na scéalta aige in Cnaipí agus scéalta eile, scéalta a phléann le caidrimh bhriste, mí-úsáid drugaí agus caillteanas pearsanta – agus iad molta go hard ag Books Ireland as a gcumas chun cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin agus áiteanna.

Poet and composer Thaddeus Ó Buachalla is an exciting new voice. His début novel EL echoes the work of Umberto Eco in its bizarre fusion of science fantasy and historical fiction. Today he will read from his new work Immram an Phréacháin, with musical accompaniment from Sam Uí Bhuachalla (harp), Moze Jacobs (clarinet and saxophone) and Paul McMahon (guitar and banjo). Singer and multi-instrumentalist Colm Ó Snodaigh of Kíla is also a remarkable writer, and the stories in his latest book, Cnaipí agus scéalta eile are sharp and modern, dealing with themes of broken relationships, drug abuse and personal loss – and have been praised by Books Ireland for their ‘intense capture of emotions or places.’ 

In association with the Dublin Book Festival

Saorchead isteach/
free admission

Saorchead isteach/free admission

Thaddeus Ó Buachalla

MÓRLÉAMH LE CEOL, 13 Samhain

Colm Ó Snodaigh

MÓRLÉAMH LE CEOL, 13 Samhain

Imeachtaí Eile…

Share via
Copy link