Léirmheasanna

Review of Mé Suibhne

GEALTACHT SUIBHNE

Ceisteanna chomhaimseartha spreagtah ag leagah nua den mórthéacs liteartha luathghaeilge.

Mé Suibhne
Feargal Ó Béarra
Leabhar Breac €16


Léirmheas le Simon Ó Faoláin

Is é Mé Suibhne an tarna mórthéacs liteartha luathGhaeilge atá curtha in oiriúnt do léitheoirí an lae inniu ag Feargal Ó Béarra. Bhaineas féin an-sult as An Tromdámh, leabhar deireanach Uí Bhéarra agus leagan den scéal grinn Tromdámh Ghuaire. Bhí saibhreas iontach sa tslí gur chuir sé an scéal sin in iúl, ag caomhnú stíl álainn ghrod an bhunleagain. Ach cé ná fuaireas féin aon ró-dheacracht tuisceana ag baint leis an leabhar sin, bhí léirmheastóirí a luaigh go bhfuaireadar stíl aithrise agus foclóir An Tromdámh deacair doiléir. Beidh áthas orthu siúd a chloisint go bhfuil céim beagán níos sia i dtreo na stíle comhaimseartha tógtha ag an údar sa leabhar atá faoi chaibidil anseo, gur leagan den scéal clúiteach Buile Shuibhne é. Ach tá an chéim luaite tógtha ar bhealach atá chomh fíor-ealaíonta sin gur ar éigin gur cailleadh aon chuid de bhlas grod seanda an bhunleagain. Éacht nach beag, mhuis!

Is ábhar thar a bheith saibhir an prós seo, agus ar nós sócamas bia dá shórt, do mholfainn don léitheoir sult a bhaint as roinnt bheag leathanach nó caibidil aonar na’ aon lá, chun fadú a chur leis an leabhar agus chun tinneas boilg na hintinne a sheachaint.

Ina iarfhocal spéisiúil léannta, admhaíonn an t-údar gur saghas athleagan nó athscríobh ar fad is ea an leabhar seo, rud a bheidh tugtha faoi deara go luath ag éinne a léigh an bunleagan, nó fiú leagan Sheáin Uí Shé a d’fhoilsigh Coiscéim roinnt blianta ó shin, is a bhí níos mó ina aistriúchán díreach ó MheánGhaeilge go NuaGhaeilge ná Mé Shuibhne. Ag teacht le claonadh an léitheora comhaimseartha, tá an coibhneas idir prós agus filíocht a bhí sa bhunleagan casta timpeall ag Ó Béarra, chun gur troime taobh an phróis aige. Ach ní baol dóibh siúd go bhfuil gean acu ar an rannaíocht, tá go leor leor den fhilíocht fágtha ann ag an údar. Ar uairibh, cruthaíonn Ó Béarra comhrá – rud eile  is gnáth sa litríocht chomhaimseartha – san áít nach raibh ach cur síos lom sa bhunleagan, ach tá seo déanta chomh maith sin nach n-aithneofaí an t-ábhar nua ón sean-ábhar, le caraictéirí ag babhtaíl míreanna groda cainte ar nós go mb’agallamh beirte a bhí ar siúl acu. Cuireann an chaint dhíreach seo breis teasa agus sáraíochta agus, sa tslí seo, breis daonnachta leis an téacs. Mar shampla, címid Suibhne agus Loingseachán ag raideadh spallaí agus achasáin lena chéile i modh cumarsáide a aithnímid agus a ligeann do chomhbhá agus tuiscint do na caractéirí péacadh i samhlaíocht an léitheora. Is fíor go gcailltear roinnt de choimhthíos agus d’aisteacht an bhuntéacsa de bharr seo, ach níl aon dul as, agus is ann i gcónaí don mbunleagan agus do leagan Uí Shé más sin atá uainn.

Mar a phléann an t-údar san iarfhocal, is carachtar ar leith ar fad é Suibhne i luathlitríocht na hÉireann agus na hEorpa. Guth na hindibhide, ach ní hámháin sin, guth na hindibhide atá cráite ag an eisiúnt le linn ré go raibh  – mar a thuigimidne inniu pé scéal é – an duine i bhfad níos cóngaraí don dúlra agus an sochaí daonna níos fréamhaithe sa saol nádúrtha, gan an coimhthiú agus anóime a shamhlaímid le saol uirbeach teicniúil ár linne a bheith i gceist. Ach fós, et in Arcadia (nó Hibernia) ego, ní hamháin don mbás, ach don míréir choigníoch chomh maith céanna, chun gurb ann le ré Shuibhne don inchinn ar ghá di teitheadh ón saol daonna.

Léiríonn clochló Shuibhne bunfhíric uilíoch a gcuirtear síos air, mar shampla, sa traidisiún Síneach Taoach mar Yang iomarcach ag iompó ina Yin. Is é sin, má théann duine rófhada i dtreo amháin, tiocfaidh sé go dtí an taobh eile ar fad. Ó bheith ina rí sotalach feargach forégneach éadálach agus ina cheannaire fear atá go hiomlán dírithe ar a phearsa, a chumhacht, agus a áit lárnach ina thuath féin, iompaíonn Suibhne ina   neach amhrasach faiteach foluaineach gan fód nach mbíonn ar a chompórd i bhfoisceacht an chine daonna is atá ina theifeach ag scinneadhgo truamhéalach ó thearmann glas iarghúlta amháin go fásach foraoiseach fíor-aistreánach eile. Is minic ceangal i dtuiscintí sibhialtachta idir ciall/meabhair ar an taobh amháin agus áit ghníomhach sa sochaí daonna ar an taobh eile. Ní haon iontas go gcailleann Suibhne a mheabhair agus a seasamh sóisialta ag an am céanna. Is fiú cuimhneamh anseo go dtagann an focal idiot sa Fhraincís agus sa Bhéarla ón nGréigis ἰδιοτικός, a chiallíonn ‘príobháideach’, agus an tuiscint ag na seanGhréigigh gur amadán a té nach raibh gníomhach sa sochaí. Dá bhrí sin tá an té a theitheann óna chomhdhaoine gan mheabhair ar dhá bhealach.

Cuirim spéis i gcúis ghealtachta Shuibhne, gur i lár catha a thit an taom air. Is dóigh liomsa gur léiriú atá ina chaint agus ina mháchail intinne ar rud a d’aithin lucht cogaidh riamh anonn, ach a bhíonn á phlé san aimsir reatha ar nós gur tréith den duine nár tháinig chun cinn ach le fíor-dhéanaí (ar nós an-chuid tréithe daonna eile, seo in éagmais aon tuiscint nó taithí cheart ag formhór daoine ar shean-litríocht, stair ársa ná seandálaíocht), is é sin Neamhord Struis Iarthrámaigh (PTST an Bhéarla). Tá go leor inscní ó bhéal Shuibhne sa téacs a d’fhéadfadh a bheith tagtha as béal iarshaighdúra d’ár n-aois féin. Mar shampla:

“Gach taobh dá mbioraím cluas ó shin is i dtólamh – i gcroílár an lae ghil nó i nduibheagán na hoíche uaigní – cloisim i mo chloigeann cráite, ag uaillfairt is ag éamh, crua-ghleo an chatha sin agus tuargain na troda úd” (lch. 21)

Léiríonn seo cuid de shainchomharthaí na staid mheabhrach sin. Agus téann aithne ar an NSI siar i bhfad níos faide ná an 12ú Céad AD, tráth a bhreacadh scéal Shuibhne ar phár. Tá cás láidir déanta sa leabhar The Theatre of War ag an drámadóir agus clasaiceoir Brian Dorries, a bhíonn ag obair le hiarshaighdiúirí, gurbh é príomhchuspóir drámaíocht thragóideach na nGréigeach ná cabhrú le saoránaigh na hAitéine (go raibh orthu ar fad tréimhse a chaitheamh san airm) dul i ngleic le tráma na cogaíochta.

Tá cáil, dar ndóigh, ar scéal Shuibhne as a fhilíocht álainn dúlra, go bhuil cuid de ar chomhchaighdeán leis an gcuid is fearr de na liricí dúlra luaithe a leagtar ar mhanaigh díthreabhacha de ghnáth. Ó thaobh seo dhe, tugaimse i gcónaí, ag léamh Buile Shuibhne dom, ceann ar leith dá mhinic is a bhíonn tagairt ann d’uisce íon glan gléineach agus do na bianna fiáine a bhí ag fás ann nó taobh leis, go háirithe príomh-mhír Shuibhne, an biolar. Mar dhuine agus scríbhneoir a bhíonn ag tabhairt cheann de, agus ag déanamh fianaise de, mheath dúlra mo cheantair tuaithe féin, is spéisiúil machnamh ar a bheadh i ndán do leithéid Shuibhne sa lá atá inniu ann, dámbeadh sé ag cleachtadh an aistear bia chéanna. Tá an biolar ann sa díog, chomh breá glas folláin le feiscint is a bhí riamh. Ach ní chathair mar a tuairisc í. Anuas ar gach crá croí agus scóladh intinne a luann sé cheana, bheadh ae Shuibhne millte agus pollta ag scaoth leitheanna uisce de bharr ró-iomadúlacht na gcaorach ar an sliabh, agus a dhuáin ag teip air as ucht na fiailnimhe, gliofosáit agus loitnicídí atá sruthlaithe isteach i dtoibreach agus glaisí ó ghoirt is páirceanna.

Is léir domsa ó na ceisteanna comhaimseartha seo a spreagann scéal Shuibhne im inchinn: ceist caidreamh an duine lena chomhdhaoine – gníomhaíocht phoiblí agus cúrsaí cogaíochta – agus caidreamh an duine leis an domhan níos leithne – ceisteanna timpeallachta – gur claisic shuthain é an scéal seo. Tá an meá ceart aimsithe ag Ó Béarra idir ómós don mbunleagan agus toilteanacht dul i ngleic le fadhbanna an bhunleagain chun iad a réiteach chun sástachta an léitheora chomhaimseartha. Ní bheadh sé in ann seo a dhéanamh ach an cur amach doimhin atá aige ar an téacs. Tá gaisce mór déanta aige agus tá cruth an leabhair is ealaín an chlúdaigh ar an gcaighdeán ard atáthar ag súil leis ó Leabhar Breac.

SIMON Ó FAOLÁIN

 

Share via
Copy link
Powered by Social Snap