Léirmheasanna

Tinte na Farraige Duibhe

Úrscéal ficsean eolaíochta nua i nGaeilge agus doircheacht ár n-aimsire féin 
Léirmheas le ANTAIN MAC LOCHLAINN

IOMRAMH GO TÍR NA
n-IONTAS

TINTE NA FARRAIGE DUIBHE
Tim Armstrong a scríobh
Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh
Leabhar Breac  |  €15

Oscail d’aigne sula n-osclaíonn tú an leabhar seo, más léitheoir thú a bhíonn ag doicheall roimh sheánraí áirithe. Is ea, is úrscéal ficsean eolaíochta é – lipéad a chuideoidh le leabharlannaithe é a chatalógú. Ach is iomramh go tír na n-iontas é fosta, agus tóraíocht den chineál a d’aithneodh scéalaithe na Fiannaíochta. Scéalaí oilte atá san údar agus tá scéal maith le ríomh aige. Nach cuma, mar sin, más cultacha spáis nó cultacha comhraic atá ar na laochra a chuireann sé os ár gcomhair?

Dá bhrí sin, nuair a léifidh tú gur ‘leathchrogall’ atá i sáirsint na bpóilíní, ná buair do cheann ag lorg fios fátha an scéil. Is é do dhúshlán íomhá de leathchrogall a chruthú i d’aigne. Ná fan le míniú; téann céad leathanach thart sula luaitear gur mar gheall ar an innealtóireacht ghéiniteach a tháinig ann do chine na leathchrogall an chéad lá riamh:

…ba speiceas de chroschineálaigh a bhí iontu, leath bealaigh idir an reiptíl agus an duine. Bhíodar úsáideach, cinnte. Bhíodar láidir, gan trua agus bhíodar dílis ina mbealach féin. Ba dhea-phóilíní iad. (126)

…ba speiceas de chroschineálaigh a bhí iontu, leath bealaigh idir an reiptíl agus an duine. Bhíodar úsáideach, cinnte. Bhíodar láidir, gan trua agus bhíodar dílis ina mbealach féin. Ba dhea-phóilíní iad. (126)

Glac leis, mar an gcéanna, go bhfuil ollchathair ann a bhfuil 73 billiún duine ina gcónaí inti; dream beag acu go sócúlach agus an mhórchuid go dócúlach. Ní gníomh mór samhlaíochta a theastaíonn, má chuimhnítear ar chathracha an phláinéid seo. Agus buanna an fhicsin staire á bplé aige, scríobh Nietzsche an méid seo: ‘tagann dath úrnua ar an lá inniu nuair a scaoiltear isteach solas ón lá inné’. I gcás an fhicsin eolaíochta, scaoiltear cuid de dhoircheacht ár n-aimsire féin isteach san am atá le teacht.

Inniu, táthar ag tuar go ndéanfar an cholainn dhaonna agus trealamh teicneolaíochta a chumasc le chéile – beart inmhianaithe, dar le dream. Tá an cumasc sin curtha i gcrích sa ré ina bhfuil Tinte suite agus ní uafás go dtí é. Chuaigh creathán fuachta tríom agus mé ag léamh an chuntais ar ríomhaire ‘orgánach’ atá ceaptha ag bithiúnach an scéil chun léargais na hinchinne daonna a chur le cumhacht phróiseála an mheaisín:

Bhí na coirp lomnochta ceangailte leis an ríomhaire, agus bhí píopaí tanaí, sreanga agus gléasanna tacaíochta beatha ina dtimpeall. Shín na píopaí agus na sreanga isteach sna coirp – isteach trína mbéal, trína srón agus trí pholl iomadúla eile ina bhfeoil – á gceangal leis an ríomhaire agus á gcoinneáil beo. (128)

Bhí na coirp lomnochta ceangailte leis an ríomhaire, agus bhí píopaí tanaí, sreanga agus gléasanna tacaíochta beatha ina dtimpeall. Shín na píopaí agus na sreanga isteach sna coirp – isteach trína mbéal, trína srón agus trí pholl iomadúla eile ina bhfeoil – á gceangal leis an ríomhaire agus á gcoinneáil beo. (128)

Mór idir sin agus todhchaí gheal na haislinge!

Níl mórán le rá agam faoi chuid an aistritheora den saothar seo, nó tá a chuid oibre déanta go healaíonta ag Eoin P. Ó Murchú; chomh healaíonta sin go mba dhóigh leat gur i nGaeilge a scríobhadh Tinte an chéad riamh. B’fhéidir go ndéarfá, ‘Nárbh fhurasta dó, nuair is i nGaeilge na hAlban a scríobhadh é?’ Tharla go bhfuil cleachtadh agam féin ar an eadar-theangachadh ó Ghàidhlig go Gaeilge agus ní dhéanfainn beag dá dhua. Bun agus barr an dea-aistriúcháin idir péire teangacha ar bith: an cinneadh ceart a dhéanamh arís agus arís eile. Is le fonn a léigh mé Tinte, a bhuíochas sin don réiteach éifeachtach a fuarthas ar fhadhb chomhréire anseo, ar fhadhb réime ansiúd agus ar fhadhb foclóra ina dhiaidh sin.

Spreag Tinte ceist i m’aigne maidir leis an chol a bhíonn ag lucht na Gaeilge le téarmaí nua a mheasann siad a bheith ‘mínádúrtha’ nó ‘dothuigthe.’ An breithiúnas ar na téarmaí féin é sin nó ar na haistriúcháin liopasta ina mbíonn a leithéid le fáil? Tá ualach mór nuathéarmaí in Tinte (imtharraingt nialais, piostal plasma, nanaróbataic), ach féach mar a fíodh isteach in abairtí slachtmhara iad. Cancrán a déarfadh go bhfuil deacrachtaí tuisceana ag baint leo.

Is comaoin ar an scíthléitheoireacht Tinte a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá siúráil san insint ó thús deireadh. Duine cruachroíoch nach mothódh dáimh leis na príomhcharachtair Sál agus Ríosa, atá chomh haineolach leis an léitheoir féin faoi chuid mhór dá bhfuil ag tarlú dóibh. Fulaingíonn siad an t-uafás i gcaitheamh an scéil agus cruthaíonn siad an mianach atá iontu, gach duine ar a bhealach féin. Tá dóchas i ndeireadh an scéil ach ní críoch shona shiúcrúil Hollywood atá ann, ná baol air. Dar leat, tá brat diamhair dorcha timpeall ar a bhfuil i ndán do Shál agus Ríosa. Agus dúinn go léir.

 

ANTAIN MAC LOCHLAINN

 

LÉIRMHEASANNA
REVIEWS

Scríbhneoireacht

New Writing

 

Baile

Home

 

Share via
Copy link