Léirmheasanna
Trí Leabhar as Dún na nGall
Léirmheas ag Cathal Póirtéir ar thrí leabhar as Gaeltacht Dún na nGall
AG TARRAINGT AS TOBAR AN TRAIDISIÚIN I dTÍR CHONAILL
Léirmheas le CATHAL PÓIRTÉIR
SCÉALTA DRAÍOCHTA MHICÍ SHEÁIN NÉILL
Caitlín Nic Niallais
Éabhlóid | €15
Bhí Micí Sheáin Néill Ó Baoill ar dhuine de na scéalaithe traidisiúnta is fearr in Éirinn lena linn. Bhí scéalta draíochta, finnscéalta, seanchas, paidreacha agus filíocht aige agus fonn air an saibhreas béil sin a chur os comhair lucht éisteachta. Bhí sé d’ádh orm féin a bheith sa lucht éisteachta sin go minic ag ócáidí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta agus bhí dúil agam ann mar sheanchaí agus mar dhuine. Cosúil le go leor eile chaith mé roinnt míonna ina theach agus mé ag foghlaim na Gaeilge nuair a d’fhreastal mé ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste agus mé ar an mheánscoil agus ar an ollscoil. Le mo mheas air féin agus ar an scéalaíocht traidisiúnta a léiriú scríobh mé tráchtas MA ar Mhicí agus a chuid scéalta breis agus tríocha bliain ó shin.
Thug Caitlín Nic Niallais a hómós féin dó i dtráchtas máistéireachta eile agus tá an saothar sin mar bhunús don bhailiúchan ocht scéal déag atá tugtha le chéile aici anseo i bhfoirm leabhair, le brollach ón teangeolaí Jim McCloskey, céimí eile de chuid Theach Mhicí Sheáin Néill, mar aon le hathchoimire ar shaol Mhicí Sheáin agus nótaí ar bhailiú agus ar chlárú na scéalta. Níl iomlán scéalta nó seanchas Mhicí i gceist anseo agus tá scéalta Fiannaíochta agus Ruraíochta, mar shampla, fágtha ar leataobh aici. Tá cuid acu sin ar fáil idir Maith Thú a Mhicí leis an Ath. Seosamh Mag Uidhir (1956); Lá de na Laethaibh leis an Ath. Lorcán Ó Searcaigh (1983); ar an cheirnín le Gael-Linn Scéalta Aduaidh (1962) agus i Micí Sheáin Néill: Scéalaí agus Scéalta le Cathal Póirtéir (1993). Tá sé doiligh a theacht ar na foilseacháin sin anois agus beidh léitheoirí na Gaeilge agus lucht na scéalaíochta iontach buíoch do Chaitlín Nic Niallais go bhfuil na scéalta seo anois curtha in eagar go slachtmhar aici agus iad ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge. B’iontach an éacht é amach anseo dá gcuirfeadh duine inteacht iomlán seanchais agus scéalta Mhicí Sheáin Néill le chéile in aon imleabhar amháin le raon a chumais a léiriú i réimsí éagsúla den traidisiúin. Idir an dá linn beidh sásamh ar dóigh le baint as Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill.
Is mór an t-ardú croí é ceann ar bith de na scéalta iontacha seo a léamh. Tá saibhreas na scéalaíochta traidisiúnta ar achan leathanach den leabhar. Tá draíocht le fáil sna scéalta seo uilig agus tá draíocht eile ina n-insint ag máistir na scéalaíochta as Rann na Feirste. Déan do rogha idir An Cearrbhach Mac Cába, Iníon Rí Chnoc an Óir, An Capall Rua, An Tarbh Beag, Banríon na Rothaí nó Mac Rí na hÉireann. Tá siad sin uilig ann agus tuilleadh nach iad a chuirfidh faoi gheasa tú má ligeann tú don scéalaí agus don scéal tú a mhealladh isteach i saol na scéalaíochta.
Do dhuine ar bith nach raibh sé d’ádh air scéalta mar seo a chluinstean ó bhéal an tseanchaí féin, tá féasta scéalaíocht sa leabhar seo a osclóidh saol eile amach roimh an léitheoir sin, saol a mhair i samhlaíocht na ndaoine ar feadh na gcianta agus atá ar fáil do ghlúin eile i bhfoirm scríofa anois. Ní hionann an scéalaíocht traidisiúnta seo agus an scéalaíocht chomhaimseartha scríofa ar a bhfuil an saol mór chomh cleacahtaithe leis le cúpla céad bliain anuas agus tugann an cnuasach seo deis do léitheoirí pilleadh ar bhunús na scéalaíochta traidisiúnta idirnaisiúnta i leaganacha Éireannacha de scéalta a bhíodh á n-aithris ar fud na hEorpa agus níos faide ó bhaile lá den tsaol. Bhí an t-ádh dearg orainn gur mhair, agus go maireann, samplaí chomh healaíonta den reacaireacht ársa sin mar dhlúthchuid d’oidhreacht na Gaeilge nuair atá siad caillte ag mórán cultúr teanga eile.
Bím i láthair go minic ag Oireachtas na Samhna agus thar aon rud eile bainim taitneamh as na comórtais scéalaíochta. Is ardú croí dom i gcónaí é scéalta mar seo a chluistin i mbéal na scéalaithe atá ann i láthair na huaire, mórán acu as Rann na Feirste agus móran acu ag tarraingt as an tsaibhreas a thug Mhicí Sheáin Néill ar aghaidh go dtí na glúnta ina dhiaidh. Anois, a bhuíochas do Chaitlín Nic Niallais, beidh an t-ardú croí sin ar fáil gan stró do dhune ar bith ach an leabhar seo a oscailt. Tá súil agam go mealann an saoathar seo na léitheoirí atá tuillte aige mar shampla de scoth na scéalaíochta traidisiúnta Gaeilge ina bhfuil saibhreas samhlaíochta agus teanga chomh dúchasach ann.
*
SCÉALTA Ó M’ÓIGE
Nuala Ní Ghallchóir
Éabhóid | €10
Cuimhní cinn agus scéalta beaga ó óige an údair i nGaeltacht Thír Chonaill atá sa chnuasach seo le Nuala Ní Ghallchóir. Díríonn siad isteach ar eachtraí beaga an tsaoil, eachtraí a bhí mór i saol agus i samhlaíocht an ghirsigh óig seo a tógadh idir an Fál Carrach agus Gaoth Dobhair i dteaghlach ina raibh féith na scríbhneoireachta agus dúil sa Ghaeilge. (Rinne éabhlóid athchló ar Cáitheadh na dTonn, leabhar a scríobh a hathair faoin ainm pinn Muirghein.)
Ba ar na maillibh a cuireadh lámhscríbhinn na scéalta seo faoi bhráid an fhoilsitheora nuair a bhí sé ag plé le Cáitheadh na dTonn agus gabhann sé buíochas leis an duine a choinnigh slán iad thar na blianta. Ar an drochuair níor mhair an scríbhneoir ná an cara sin leis na scéalta a fheiceáil i gcló sa leabhar seo. Chuir An tUltach saothar léi i gcló thar na blianta agus léiirigh sí roinnt dramaí a scríobh sí nuair a bhí sí ag múineadh i mBaile Átha Cliath.
Bíodh is gur cuireadh Nuala Ní Ghallchóir ar an mheánscoil i nGaillimh (áit a raibh sí in aon rang leis an aisteoir iomráiteach Siobhán Nic Chionnaith) agus go ndearna sí céím ollscoile i mBaile Átha Cliath, choinnigh sí a dlúthcheangal lena muintir agus lena cairde i nGaoth Dobhair thar na blianta sin agus na blianta a chaith sí ag múineadh i gContae na Mí agus san ardchathair.
Is léir na cuimhní glégheala a choinnigh Nuala ar a hóige i nGaoth Dobhair sna pictiúir a tharraingíonn sí anseo den cheantar agus de na daoine a raibh síina measc mar ghirseach óg agus mar chailín. Tá an scríbhneoireacht soiléir agus na scéalta simplí go maith ach ní haon locht orthu an dá thréith sin. Is beag duine nach mbainfidh na heachtraí seo macalla inteach as nuair a smaoineann siad siar ar a n-óige féin agus na mioneachtraí agus míthuiscintí a bhain leis an tréimhse sin agus iad ag teacht i méadaíocht. Rugadh Nuala i 1920 agus, mar sin, baineann Scéalta ó m’Óige leis na 1920aidí agus tús na 1930aidí – saol a bhfuil cuid mhór de imithe anois, céad bliain ina dhiaidh sin, ach mar sin féin níl athrú chomh mór sin uilig tagtha ar intinn an pháiste nó ar shaol na clainne, mar a léiríonn scéalta Nuala anseo. Tá sí dílis do channúint Ghaoth Dobhair tríd síos agus cuireann na léaráidí, seanphictiúir dubh agus bán de Ghaoth Dobhair ó na 1940aidí agus 1950aidí slacht ar an leabhar tríd síos agus tá réamhrá deas scríofa ag an Athair Cathal Ó Fearraí a thugann mórán eolais faoi Nuala agus a saol nach bhfuil ar fáil sna scéalta.
*
AN CRAICEANN AGUS A LUACH
Eithne Ní Ghallchóir
Arlen House | €15
Is iomaí uair a raibh sé de phribhléid agus de phléisiúr agam éisteacht le hEithne Ní Ghallchóir agus í i mbun scéalaíochta ag ócaidí ar fud na tíre agus ní raibh aon uair nár thuig mé go raibh mé i láthair duine ar thug a croí taitneamh do na scéalta céanna liom féin – scéalta Fiannaíochta agus Ruaraíochta, scéalta draíochta agus finnscéalta, scéalta ársa ón traidisiún béil ar féidir leo i gcónaí éisteoirí a thabhairt go tír draíochta ina gclaíonn laochra a naimhde agus ina maireann daoine cróga go sona sásta i ndeireadh an scéil. Caidé eile a bheadah uait?
Is as Ard an Rátha i dTír Chonaill d’Eithne Ní Ghallchóir agus le blianta beaga anuas tá a cuid scríbhneoireachta i ndiaidh aird a tharraingt de bharr a cuid samhlaíochta agus a léargais ar an timpeallacht, ar an nadúr agus ar nadúr an duine. Bhuaigh Súil (2018) an duais do Shaothar Próis ag Oireachtas na Gaeilge agus ainmníodh Múscail, a Ghiorria (2020) do Leabhar na Bliana. Ina shaothar nua, An Craiceann agus a Luach, tugann sí le chéile a cumas liteartha agus a cion don scéalaíocht traidisiúnta i leagan den scéal faoi Mhaighdean Mhara a phósann fear daonna. Tá a clóca draíochta goidthe uaithi agus curtha i bhfolach i ngan fhios di agus bíonn uirthi fanacht leis an fhear ar thír mór in éadan a tola agus a nadúir. Ar deireadh faigheann sí amach cá bhfuil a fallaing curtha i bhfolach aige agus éiríonn léi éalú ar ais chun na farraige agus a muintir féin.
Chaith sí an craiceann
thart ar a gualainn.
Tharraing an cochall
anuas ar a ceann.
Cheangail le snaidhm é
timpeall ar a com.
Agus sciorr go géar, gasta
i dtreo dhordan na dtonn. (86)
Chaith sí an craiceann
thart ar a gualainn.
Tharraing an cochall
anuas ar a ceann.
Cheangail le snaidhm é
timpeall ar a com.
Agus sciorr go géar, gasta
i dtreo dhordan na dtonn. (86)
Tomann an t-údar isteach in eachtraí follasacha sa scéal le téamaí eile a aimsiú faoin dromchla agus tugann sí aghaidh ar cheisteanna faoi shaoirse phearsanata, ansmacht, leatrom na bhfear ar mhná
Níor admhaigh sé riamh
gur chuir sé a bhean i ndaoirse
gur sciob uaithi a craiceann,
gur bhain daoithe a saoirse
Níor admhaigh sé riamh
gur chuir sé a bhean i ndaoirse
gur sciob uaithi a craiceann,
gur bhain daoithe a saoirse
I gcroílar an scéil tá an gá atá ann mianta do chroí a chomhlíonadh agus a bheith istigh leat féin. Ní hamháin go n-éiríonn leis an scríbhneoir sin a dhéanamh ach cuireann sí i gcrích é go fuinte fileata sa leagan véarsaíochta den scéal a chuireann sí romhainn anseo.
Ní chlaoíonn sí le haon chineál amháin véarsaíochta agus bíonn éagsúlach sna rithimí agus sa chur chuige de reir mar a théann an scéal ar aghaidh. I ndan chomh fada leis tá géarghá lena leithéid d’éagsúlacht agus éiríonn léi sin a thabhairt dúinn gan stró.
Óch! Músclaíodh na marbháin
ag an chnagadh, ag an chleatar,
an ruaille buaille,
an liútar léatar. (26)
D’éirigh mórtas farraige
agus círéabacha gaoithe.
Scaoileadh saor na goltraí,
na caointe, na laoithe. (28)
Óch! Músclaíodh na marbháin
ag an chnagadh, ag an chleatar,
an ruaille buaille,
an liútar léatar. (26)
D’éirigh mórtas farraige
agus círéabacha gaoithe.
Scaoileadh saor na goltraí,
na caointe, na laoithe. (28)
Bhí sé d’ádh orm bheith ann nuair a d’aithris Eithne sleachta as an leabhar ag ócáid de chuid Imram i samhradh 2021 nuair a rinneadh físeán di i mbun aithriseoireachta ag Blas na gConallach i nDrioglann Chroithlí. B’fhiú go mór do léitheoirí breathnú ar an fhiseán sin.
Agus chomh cinnte is atá ionga ar bhun d’ordóige,
chomh cinnte is ata imleacán i gcroí do mharóige,
chomh cinnte is atá cúr bán ar cheann do phionta
agus gurbh fhearr an ghloine chéanna a bheith líonta …(90)
Agus chomh cinnte is atá ionga ar bhun d’ordóige,
chomh cinnte is ata imleacán i gcroí do mharóige,
chomh cinnte is atá cúr bán ar cheann do phionta
agus gurbh fhearr an ghloine chéanna a bheith líonta …(90)
Mura spreagann sin tú leis an leabhar seo a léamh níl slánú i ndán duit ar muir nó ar tír!
CATHAL PÓIRTÉIR
Baile
Home