Léirmheasanna

Three Poetry Collections

Trí chnuasach uaillmhianach, plódaithe le mothúcháin agus samhlaíocht

FILÍOCHT NUA

Léirmheas le CEAITÍ NÍ BHEILDIÚIN

SCÁIL AN SCÉIL, Mícheál Ó Siochrú, Coiscéim, 2019
SPÁSAS, Marcus Mac Conghail, Coiscéim, 2021
LÍOMÓIDÍ’S RÚBARB, Róisín Sheehy, Coiscéim, 2021

Cnuasach suaithinseach de scéaldhánta atá againn i Scáil an Scéil. Thum Mícheál Ó Siochrú isteach i ndomhan ársa béaloideasa agus miotaseolaíochta uair a tharraing sé Leabhar Sheáin Í Chonaill chuige féin. D’aimsigh sé taisce agus achmhainn ins na scéalta ann a spreag a cheathrú cnuasach filíochta. Le samhlaíocht scóipiúil ealaíontóra, chruthaigh sé paistís d’íomhánna láidre ildaite go mbuailimid le fathaigh, feirmeoirí, fia-chailleacha, ríthe agus truáin sna dánta anseo, gach carachtar gafa in eachtra dhrámatúil ina mbíonn idir uafás agus draíocht. Le blaiseadh ina measc, tá taisí de scéalta Fiannaíochta agus a gcóracha catha:

is nuair a chrom Céadach ar rámhaíocht
chuir gach aon chruabhuille uaidh
seacht léig thar dhroim na farraige í;
(‘Cleithiúnas’)

dheineadar ball cruaidh den áit bhog
is ball bog den áit chruaidh
(‘Taghdaire’)

is nuair a chrom Céadach ar rámhaíocht
chuir gach aon chruabhuille uaidh
seacht léig thar dhroim na farraige í;
(‘Cleithiúnas’)

dheineadar ball cruaidh den áit bhog
is ball bog den áit chruaidh
(‘Taghdaire’)

Faighimid gach gné den mbéaloideas fostaithe sa leabhar. Dinnseanchas agus miotas cruthaíocht atá sa dán ‘Toisc Góidrisc’, ina ghoideann iníon Chailleach an Daingin dhá oileán a tharraingíonn sí tríd an bhfarraige go dtí láthair nua: ‘stán sí in uafás/ ar bhonn gach oileáin díobh/ á shlogadh go grinneall/ i mBá na Scealg,/ gan corraí astu a thuilleadh.’ Tábhacht na marbh agus a n-adhlactha i saol traidisiúnta a luíonn taobh thiar de dhánta áirithe eile. Tagraítear do na ceallúnaigh agus do dhaoine bheith athchurtha. ‘Ag gol is ag tóch/ i mbun sluaiste is piocóide/ d’oscail an fear cráite uaigheanna/ sa cheallúnach….’(Dearóile’) Tagraíonn teideal an dáin ‘Cinedhíothú 1847’ do na faillíocha a dheintear ar phobal a fágadh chun bás a fháil le hocras le linn an Gorta. Léirítear an t-uafás mór seo go héifeachtach sa dán gan ach íomhá amháin de bhean agus leanbh a úsáid.

Fite as mórthéamaí ár dtaithí daonna ó thús ama, feidhmíonn miotas agus béaloideas ina slabhraí d’fhírinní moráltacha a cheanglaíonn sinn leis an neamh-chomhfhios. Tarraingíonn Ó Siochrú ar na mórthéamaí mar gur shainmhíniú iad ar an saol. Cuireann a dhánta an maith ag iomrascáil leis an olc. Cnagann siad an fhírinne as a riocht trí mhistéir a chruthú timpeall fíricí staire agus sóisialta, fíricí polaitíochta agus eaglaise. Sa tslí seo deimhníonn dánta Uí Shiochrú an réalachas dúinn i ndomhan a bhíonn go minic suaite. Mar a dúirt Stephen Greenblatt: We must throw the entire painting out of perspective in order to bring into perspective what our usual mode of perception cannot comprehend. Is minic a dheintear é seo trí mheafar a úsáid. Sa dán ‘Na Gruanna Méithe’ glacann Ó Siochrú an Glas Ghaibhneach mar mheafar agus é ag ceistiú mar a mhairimid lenár gcomhchréatúirí: ‘á casadh abhaile go luath,/ a ceann cromtha/ i gceangal an chrobhnaisc’.

Mionscéal i ngach dán, leagan an file a stór amach i línte agus rannta fileata. Caolaíonn sé ón réalachas chun sinn a thabhairt thar tairseach isteach go domhan lán de chumhacht osnádúrtha, ar thóir córa agus cúitimh: 

Síos le hIolann Airiminic i gciseán
rópaí is geatairí
chuig an domhan faoi thalamh
d’fhonn an Gruaghorm, fuaiditheoir a mhná
a threascairt
(‘Gus’)

Síos le hIolann Airiminic i gciseán
rópaí is geatairí
chuig an domhan faoi thalamh
d’fhonn an Gruaghorm, fuaiditheoir a mhná
a threascairt
(‘Gus’)

Tugann an dán le tuiscint dúinn go leanann brúidiúlacht sa domhan, mar nach mbíonn aon lámh in uachtar ag éinne againn ar na brúideanna: ‘toisc leithéidí Iolann Airiminic/ a bheith in easnamh orainn.’ Shamhlófaí stad an domhain inniu bheith á phlé ag an bhfile. 

Spásas is ea an dara leabhar filíochta ó pheann Marcus Mac Conghaíl. Leanann sé sa chnuasach seo mar a thosaigh sé amach ina chéad chnuasach, Ceol Baile, a dhúil i dteanga á fhorbairt aige fad a phléann sé an saol i slí mhothúchánach fhileata. Is fíorchruthaitheach agus nuálach í an tslí a phósann Mac Conghail teangacha lena chéile. Níl aon dabht, i gcomhthéacs a phlé ar dhíothú an éin sa dán ‘An Gheabhróg Artach’, ach go bhfuil brí an fhocail Bhéarla ‘gone’ le cloisint is le tuiscint d’aon ghnó i sraith d’fhocail a chum sé, ar nós ‘oighergan’ agus ‘screadgan’, focail a iompríonn uaigneas agus éagmais iontu. Tá an teanga á síneadh ag an bhfile chun ligint di níos mó a rá. Ar an dul céanna, baisteann sé ‘dán fríotha’ sa bhfotheideal, ar a dhán ‘Wouldn’t it be great if’. Cloisimid macalla an fhocail Bhéarla ‘free’ i ‘fríotha’, rud a iompraíonn ann an tuiscint ‘saor in aisce’. Is casadh an fhile féin é seo chun cur síos ar dhán a bheadh an lipéad ‘found poem’ air go minic sa Bhéarla.

Is maith le Mac Conghail a cheart a thabhairt don saghas Gaeilge a labhrann daoine nach bhfuil Gaeilge lán-líofa acu, agus aitheantas a thabhairt do gach saghas úsáid Ghaeilge, ina dhánta:  

oscail mé mo bhéal
agus abair siad níl mé ceart
(‘Leah’)

oscail mé mo bhéal
agus abair siad níl mé ceart
(‘Leah’)

Is soiléir í tuiscint an fhile ar athruithe an tsaoil agus ar a n-impleachtaí do theanga agus do phobal na mionteangacha. Chíonn sé go bhfuil gá ann na hathruithe sa Ghaeilge a cheiliúradh agus gur ceart an teanga a bheith ina scáthán ar shaol an lae inniu. Deimhníonn oscailt an dáin ‘Iolraigh’ an tuiscint seo dúinn:

Deireadh le dénárthacht na dialachtaice

– leis an idirdhealú inscne
– leis an míchlaonadh réamháirithe
– le calcadh na cineáldheighilte

Deireadh le dénárthacht na dialachtaice

– leis an idirdhealú inscne
– leis an míchlaonadh réamháirithe
– le calcadh na cineáldheighilte

Fostaíonn an file mionteangacha éagsúla chomh maith, chun banda na cumarsáide a leathnú. Cad as a thagann teideal an dáin ‘Éize’, mar shampla? Samhlaím é mar an t-iarmhír ‘-éize’ ó theangacha Galló-Iodálacha, a cheanglaíonn bunfhocal le háit. Nascann an file é féin agus triúr eile le háit áirithe ina dhán seo, Club an Chonartha. ‘Dá mbeadh Paddy Malone/ suite ina chúinne cois contúrach/ déarfadh sé ‘Ambaist!’  Foilsítear

bundán Gaeilge agus a aistriúchán go Manannais taobh le taobh sa chnuasach, ‘Amhrán Dóchais’/ ‘Arrane dy Hreishteil’. Faighimid bundán eile agus é aistrithe go Gáidhlig na hAlban, ‘The Union Jack’/ ‘Seoc an Aonaigh’. Cinntíonn siad seo luí an fhile le mionteangacha. I dteannta le sin, léiríonn Mac Conghail meas ar theangacha éan, ag bronnadh an téarma ‘colúirise’ ar cheann acu (‘Colúir’). Tugann an file guth do chorp portaigh sa dán cumhachtach ‘Teorainn Críche,’ dán a d’fhéadfaí a léamh mar mheafar leanúnach ar stair agus cinniúint na Gaeilge. Tá frustrachas an fhile féin le teanga, le braistint sa líne: ‘An béalbhach seo im bhéal.’ Faighimid macalla den bhfrustrachas céanna i líne deireanach an chnuasaigh: ‘– foc focail anyway’ (‘Gan Teideal’).

I bhfios nó i ngan fhios don bhfile, tá anáil an Ríordánaigh le haireachtáil ar an gcnuasach. Tagaimid uirthi sa líne ‘scaoileas saor an daor’, sa dán ‘Gach Rud Ok’. Freagraíonn ‘Paidir Chapaill’ ag an bhfile, don dán ‘Malairt’ ag an Ríordánach. Agus nach bhfreagraíonn an cnuasach ar fad do théama ‘A Theanga Seo Leath-liom’, agus frustrachas an Ríordánaigh ag méadú i Mac Conghail?

Tá rian an cheoil le clos i ndánta grá agus dánta taistil an fhile-cheoltóra seo. I leagan amach cairéaiseach na ndánta ‘Tuama’ agus ‘An Gheabhróg Artach’, chífimid go bhfuil a shaothar ag dul comhthreomhar le saothar nuálach scríbhneora agus ceoltóra eile, Richard Skelton. Tá gach dícheall á dhéanamh ag Mac Conghail focail a ghaibhniú le chéile, le fuinneamh agus teannas nua. Scríobhann sé go coinsiasach i gcónaí, é ag iarraidh dul i ngleic le conas mar a dheighleálaimid le hainmhithe díobhálacha, le bás carad, le cailliúint gaoil, agus é ag cuardach i gcónaí don rud lastall de theanga. Cuireann láimhseáil chumasach na teanga go mór le héifeacht a dhánta –

scáildhráma na beatha
ar an mbráillín bhán.
(Tocht)

scáildhráma na beatha
ar an mbráillín bhán.
(Tocht)

Má chuireann Mac Conghail dúil i dteanga agus Ó Siochrú dúil sa bhéaloideas, i Líomóidi ’s Rúbarb, ceiliúrann Róisín Sheehy chomh maith an dá ghné seo de chultúr. Seo a chéad chnuasach filíochta agus léiríonn Sheehy a paisean ann don saol agus dá éagsúlacht. Trí mheas a léiriú ar sheanchas, scéalta, ceol agus rince, comórann sí saoirse agus neart na gcrann – na crainn darach ach go háirithe. Cúis eile ceiliúrtha di ná an bhean feasa, an bhean tincéara agus an bhean chaointe. Deineann sí comhbhá le carachtair agus cainteoirí a dánta, leis an dúlra agus le hainmhithe. Is breá léi aon ghnó déanta ón gcroí amach. Nuair a labhrann sí i nguth na mná caointe, deir sí:

ní ceol a dhéanaim
ach gol diamhar a chnagfadh scoilt i gcarraig
(‘Bean Chaointe’)

ní ceol a dhéanaim
ach gol diamhar a chnagfadh scoilt i gcarraig
(‘Bean Chaointe’)

Ceiliúrann sí na hinimircigh a ‘Thugadar leotha an Sahára, An Mhuir Chairb’ (‘Cromáin’), chomh maith le daoine a mhaireann ar imeall an phobail: ‘Nuair a thagann Nóra/ Tugann sí léithi mianach tincéara/ Tinte cnámh, míle beannacht.’ (‘Cuairt ó Bhean den Lucht Siúil’) Caoineann sí dochar déanta do mhná in ospidéil na tíre, ‘Níor bhac an lucht leighis leis an caesarean/ Gearradh na cnámha ionainn’ (‘Cromáin’), agus samhlaíonn sí tuiscint na mbandéithe ársa dóibh: ‘Tá Anú, Ériu, Fodhla agus Banba/ ag caoineadh i ngach/ cuan ’s tobar fud faid na tíre.’ Comórann sí daoine a thaistealaíonn: an lucht siúil, oilithrigh agus daoine ar imirce.

Thuig cách go raibh mianach na himirce ionat
ón lá a saolaíodh tú i gcomhluadar
fiacha mara ’s fuipíní ar charraig ag lagthrá
(‘An Bhean a Saolaíodh ar Charraig’)

Thuig cách go raibh mianach na himirce ionat
ón lá a saolaíodh tú i gcomhluadar
fiacha mara ’s fuipíní ar charraig ag lagthrá
(‘An Bhean a Saolaíodh ar Charraig’)

Ceiliúrann sí teangacha agus ilteangachas an domhain, ag baint úsáid as blúirí Breatanaise (‘Oilithreacht’), Portaingéilise (‘Líomóidí) agus Spáinnise (‘Domhan Rúndiamhrach an Údair’); blúire Fraincíse leis, nuair a luann sí scéal Jean Giano, L’homme qui plantait les arbres, sa dán‘Un homage à Elzèard Bouffier’. Déanann sí tagairt do theanga na mbodhar agus samhlaíonn sí saol ina féidir le daoine a chéile a thuiscint in ainneoin a dteangacha difriúla. (‘Teanga Ársa an Nádúr’) Tagraítear chomh maith do litríocht domhanda Lorca (‘Domhan Rúndiamhrach an Údair’), agus beireann an dán ‘Ar Meisce’ anáil leis de ‘Le bateau ivre’ ag Rimbaud. Ní raibh aon ghá ag an bhfile tumadh sa bhéaloideas chun teacht ar shlí isteach go dtí domhan eile:

Thána ar an áit seo i gcúlshráid dorcha i Malaga
Ní féidir aon ghúgláil a dhéanamh air.
(‘Domhan Rúndiamhrach an Údair’)

Thána ar an áit seo i gcúlshráid dorcha i Malaga
Ní féidir aon ghúgláil a dhéanamh air.
(‘Domhan Rúndiamhrach an Údair’)

Fós, tá móitíf ón mbéaloideas ag Sheehy sa dán grá ‘Fliúrse’, a mheabhródh ‘Stua na mBláth’, dán le Ó Siochrú, dúinn. Úsáideann sí móitíf eile ón mbéaloideas i ndán grá eile, ‘Filleann Fianna’, ag cruthú a leagain féin de scéal Saidhbh agus Oisín. Sníonn sí filíocht a chum sí mar chuid dá saothar drámaíochta ‘Snámh na Saoirse’ isteach sa chnuasach. Ceiliúradh ar ghrá is ea dhá dhán as a dráma, grá a shamhlaíonn Sheehy bheith idir Éibhlín Nic Niocaill agus Dhómhnaill Ó Criomhthain.’

Trí chnuasach uaillmhianach atá anseo againn, iad plódaithe le mothúcháin agus samhlaíocht, seoda teangan agus seoda béaloideasa. Bualann an nuálaíocht leis an rud ársa iontu agus baineann na cnuasaigh macallaí as a chéile.

LÉIRMHEASANNA
REVIEWS

Scríbhneoireacht

New Writing

 

Baile

Home

 

Share via
Copy link