Léirmheasanna

Leabhar Beag Glas

Léirmheas le Alan Titley ar Leabhar Beag Glas na  Drámaíochta Gaeilge

MAO ÓG AGUS AN DRAMAÍOCHT

 

Léirmheas le ALAN TITLEY

LEABHAR BEAG GLAS NA DRÁMAÍOCHTA GAEILGE:
FORÓGRA LE hAGHAIDH DRÁMADÓIRÍ ÓGA NA GAEILGE
Mao Óg

Nuair a fuaireas an leabhar seo léim mo chroí le háthas. Ní hé go raibh aon chaitheamh i ndiaidh leabhair bhig dheirg Chathaoirleach an Pháirtí Chumannaigh sa tSín agam, ach go mbeadh cuimhne fós ag duine air mar réabhlóidí. Go mbeadh cuimhne ar an leabhar beag dearg féin, ar shíl mé gur chuid den tseanstair faoi seo é. Ba leor an méid sin féin le forógra a thabhairt gur forógra ba ea é seo, agus is ea, le trumpaí móra práis.

Níl aon oidhre ar seo seachas na forógraí sin, na manifestóanna lánghuthacha le muinchillí trusáilte suas a dhéanadh lucht ealaíne i dtús na haoise seo caite, na Dadaigh (nach raibh tada le rá acu), na hImpriseanaigh (a chuaigh i bhfeidhm anois is arís), na Todhchaíthe (atá fós ag féachaint rompu), na hOsréalaigh (cáis na gréine faoin muir). Is fada ó bhí a leithéid de ráiteas againn maidir le litríocht na Gaeilge de.

Thosnaíos lem chleite pinn ag cur ticeanna dearfacha le gach ar réitigh liom agus bulla báisín fós im chloigeann maidir le dáine agus le misneach an ábhair. Liosta fada le háireamh iad mar thiceanna dearfacha: ‘iarracht a dhéanamh drámaíocht Ghaeilge a chruthú atá idirdhealaithe ó dhrámaíocht an Bhéarla’ ar an gcéad leathanach. Sea, ar mh’anam. ‘Caithfidh tú a bheith ag foghlaim as an nua…’ Cé nach dtiocfadh leis sin? ‘Ní hé aeistéitic an Iarthair an t-aon tslat tomhais chun an drámaíocht a mheas’. Is fíor sin, ach tiocfaimid go dtí na hagúis ar ball.’Bí fiáin agus bí docheansaithe’; nárbh aoibhinn linn é? ‘An chruthaitheacht, an tsamhlaíocht, an tiomantas…na háiseanna is fearr atá agat.’ Cé déarfadh a mhalairt? Agus sea, ‘Ná bí i do Playboy of the Western World…’ Husá agus hurrú leis sin.

D’fhocal gearra, ba cheart conair eile ar fad a ghearradh amach do dhrámaíocht na Gaeilge seachas na seanbhóithre comónta sin bunaithe ar thraidisiún drámaíochta an iarthair a bhfuil seanchleachtadh againn orthu. Bheadh a leithéid sin bunaithe ar na pobail iarchoilíneacha eile sin ar chóir go mbeadh dáimh againn leo, agus chun gach ceart agus tuilleadh a thabhairt dó, tugann sé a n-ainm is a sloinne dúinn, rud a fhágann nach caint san aer ná fothú teoirice baoithe atá anseo.

Níl de locht agamsa ar aon rud anseo istigh ach amháin conas é a chur i bhfeidhm. Nuair a bhí na díospóireachtaí móra maidir le caint na ndaoine versus an Ghaeilge chlasaiceach in airde láin breis mhaith agus céad bliain ó shin níorbh é neart an áitimh a réitigh an cheist ach feidhm an ghnímh féin. Thaispeáin an tAthair Peadar agus Pádraic Ó Conaire agus an Piarsach an tslí. Dhein siad an bheart. Chruthaigh siad litríocht i gcaint na ndaoine. Mar sin is dá bhrí sin, níl le déanamh ach go dtiocfadh an slánaitheoir drámadóra ar an bhfód, go scríobhfadh sé nó sí an saothar a leanfadh go dílis na tuairimí seo, go léireofaí é leis an ealaín agus leis an díocas is dual, go nglacfaí leis le hósannanaí agus le puililiú, agus go mbeadh drámaíocht na Gaeilge slán go huncaí deoraí as sin amach.

Ní leomhfainn smaoineamh ar an deoir is lú amhrais a chaitheamh anuas ar an idéalachas atá anseo. Ní hé an t-idéalachas is cás liom, ach cuid áirithe de bhunús na tuairimíochta.

Tá go maith, agus tá go saibhir, ag taispeáint na slí inar chóir aghaidh a thabhairt ar ‘Shawmut, Warumungu, Salvador de Bahia, Jakarta nó Marrakesh’ seachas, bhuel, Boston, Berlin agus Béal Átha na Muice. Luann sé i measc go leor eile ‘drámaíocht Yorúba na hAfraice’. Níl a fhios agam an dtugann seo aon údarás faoi leith dom, ach tharla gur léirigh mé drámaí le Wole Soyinka ar Yoruba é, agus cinn eile le John Pepper Clarke-Bekederemo ar de bhunadh Ijaw agus Urhubo é. Iad seo i measc a muintire féin. Is ea, is i mBéarla a bhí siad, Béarla Syngeúil na muintire (tá náire orm a rá), ach tháinig pobail na mbailte isteach lena bhfeiscint agus bhíodar go dlúth comhpháirteach ann maidir le greann agus le ceol de. Lasmuigh de sin, chonaic mé drámaí pobail sna teangacha dúchais á léiriú nárbh ar aon stáitse traidisiúnta iad.

Is é atá bunoscionn ná go moltar dúinn ‘droim láimhe a thabhairt don réalachas, don nádúrachas, don mythos, don chatairsis, don mhiméis agus don uile choinbhinsiún eile a cheanglaítear’ leis an drámaíocht mar is aithne dúinn í. Ionann sin agus droim láimhe a thabhairt don saol siar amach hólas bólas níos sia ná mar a ritheann. Ar cumadh dráma riamh nach raibh iarsma de phioc éigin díobh seo ann? B’fhéidir d’aisteoirí as Uranus dráma dá leithéid a chumadh is a léiriú, ach ní heol dom go ndéanann go fiú an Kabuki, Ondinnok, Ilbijerry, Angeldemonio ná Yirra Yaskin a leithéid, nó ba láidir dá dtuigfí iad.

Tá míthuiscint bhunúsach anseo chomh maith maidir le béalaireacht agus litríocht. Tá Mao Óg ar a chapall ard álainn ag áiteamh gur cheart ‘diúltú scun scan’ don litríocht dhrámata. Mar athrach ar sin, ba cheart ‘tús áite’ a thabhairt don ‘bhéalaireacht’ sa drámaíocht. Ní fheicim an chodarsnacht. Cad tá sa drámaíocht liteartha is fearr ach dea-chaint? Béalaireacht ardliteartha is ea an chuid is fearr de litríocht na Gaeilge. Ní aithneodh Máire Bhuí Ní Laoghaire ná Raiftearaí ná Micí Sheáin Néill go raibh aon chlaí eatarthu. Bheadh cuid againn a d’áiteodh go raibh eagla ar dhrámaíocht na Gaeilge roimh an bhfocal labhartha agus líofascríofa ar feadh i bhfad, agus gurbh iad na geamaireachtaí gan chrích agus an phramsáil ar stáitse agus na sorcais síoraí a thoradh.

Is ea, tá cic agus dorn sa phus sa leabhrán seo. Tá súil agam go ngabhtar i ngleic leis. Feicimis dath agus cur i gcrích na moltaí, áfach, ná fágtar ar an leathanach glas amháin iad. Cuirtear i bhfeidhm iad, agus fillfimid ar na ceisteanna móra teoiriciúla arís ansin.

Aon rud amháin eile, áfach. Ag an deireadh, nach mór, scaoiltear liosta chugainn de na nithe ar chóir diúltú dóibh, ar nós paróisteachas, piúratánachas, smaointeoireacht choimeádach agus eile. Ina measc, fógraítear ‘Diúltaigh don rógaireacht.’

Seo í an áit is mó, ball díreach, inar scaras leis. Ní hea!’ Rógaireacht atá uainn, rógaireacht gan teorainn, rógaireacht gan chrích! Ba dhóigh leat go mbréagnaíonn a bhfuil anseo istigh a chuid comhairle féin óir rógaireacht is ea an chuid is fearr dá áiteamh.

ALAN TITLEY

LÉIRMHEASANNA
REVIEWS

Scríbhneoireacht

New Writing

 

Baile

Home

 

Share via
Copy link