Léirmheasanna

Madame Lazare

Léirmheas le Réaltán Ní Leannáin ar Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin

SCÉAL CEILTE AGUS STAIR TEAGHLAIGH

Léirmheas le RÉALTÁN NÍ LEANNÁIN

MADAME LAZARE
Tadhg Mac Dhonnagáin
Barzaz  |  €16

Caidé eile a dhéanfadh an cat ach crónán, a deirtear.

Filleann cuimhní seandaoine ar a ndúchas agus iad ag filleadh ar na laethe nuair a bhí siad óg. Go minic is trí philleadh ar theanga dúchais nach bhfuil thart orthu a léiríonn siad é sin. In amanna is trí sheanscéalta a ríomh ón ré órga nuair a bhí siad óg, lúfar, nó amhráin ó laethe a n-óige a chanadh. In amanna, má tá na cuimhní sin ar a n-óige pianmhar, níl siad in ann acu. Tá staidéir déanta ar mharthanóirí ón Uileloscadh a chuireadh lámh ina mbás féin agus iad sean, de réir mar a thagann a gcuid cuimhní ar an am sin ar ais chucu go géar, goimhiúil.

De réir an údair féin, luíonn síol an scéil seo i gcuimhne, cuimhne a shíneann siar go dtí na 1920aidí. Bhíodh comharsa ag máthair a athar fá chomharsa a labhair Béarla riamh le gach duine. Thiontaigh an duine seo ar an Ghaeilge a labhairt ina sheanaois dó. Ní raibh a fhios ag duine ar bith dá chuid comharsan gur tógadh le Gaeilge é nó go raibh focal den teanga sin aige, an seanfhear céanna, go dtí gur chuala siad na binnbhriathra ag teacht óna bhéal ina laethe deiridh.

Is iomaí rún, scéal ceilte nó stair teaghlaigh a thagann chun solais de réir mar a théann daoine anonn in aois, ar ndóigh. Is trí bhriathra seanmhná a thagann an dúchas chun tosaigh sa chás seo, i mblianta deiridh a ré. Leanaimid Hana Lazare trí laethe deiridh a saoil – Madame Lazare an teidil. Insítear dúinn mar a theith Hana a baile san Eastóin roimh ghéarleanúint na Naitsíoch in aghaidh na nGiúdach i rith an Dara Cogadh Domhanda. Gan chara, gan ghaol i bPáras, i bhfad ar shiúl ón Eastóin, chruthaigh Hana saol nua di féin is dá hiníon i measc an phobail sa chathair sin. Níor labhair sí mórán ar an tráma ón tréimhse sin san Eastóin, mar a rinne go leor Giúdach. Ag iarraidh an drochshaol a chur taobh thiar di, a shíl daoine ag an am. Níor mheasc sí mórán leis an phobal Giúdach, fiú, mar gheall ar na cuimhní sin. Nó, ar a laghad, b’shin an rud a thuig na daoine thart uirthi.

De réir mar a thagann néaltrú ar Hana ina seanaois, áfach, tagann briathra chuig a béal a chuireann mearbhall ar a gariníon, Levana. Tosaíonn an tochailt agus an taighde le ciall a bhaint as an teanga choimhthíoch atá á haithris aici go rithimiúil agus go fileata. Cuirimid aithne ar aistritheoirí atá ag obair le Parlaimint na hEorpa, agus mar a chuireann siad seo an eochar ar fáil a osclaíonn an glas ar rúin shaol Hana agus í ina cailín óg.

Déanann Mac Dhonnagáin é seo go sciliúil, agus ní ligeann sé dá chuid taighde féin teacht idir an léitheoir agus an scéal. Bíodh is go bhfuil ábhar ó bhéaloideas na hÉireann agus Oileáin Árann go háirithe,  ón saol comhaimseartha i bPáras agus sa Bhruiséil, agus ón stair shóisialta in Oileáin Árainn sna daichidí, bíodh is go bhfuil siad seo uilig go léir fite fuaite tríd an scéal, is gan uaim, gan siúnta a chuirtear an sníomh seo i gcrích.

Scil ar leith é úrscéal bleachtaireachta a chur le chéile, agus i ndeireadh na dála is bleachtaireacht atá i gceist anseo – tóir ar an fhírinne, tóir ar an dúchas. Ceann de na gnéithe is suntasaí den seánra sin atá le feiceáil go follasach anseo ná an síorathrú a dhéantar ó thréimhse ama go tréimhse ama, ó thír go tír, leis na píosaí éagsúla de mhíreanna mearaí an scéil a chur romhainn. Cuirimid an scéal iomlán le chéile píosa ar phíosa. Le linn an ama, coinníonn Mac Dhonnagáin an léitheoir ar obair agus gafa agus gníomhach agus é/í ag léamh.

Tá dhá bhealach le hamharc ar léarscáil de chuid na hEorpa. Bealach amháin ná go bhfuil Éire amuigh ar imeall gach aon rud, ar bhruach an Atlantaigh, nó ar an bhealach eile is í Éire an chéad choiscéim ar aistear Eorpach. Tosaímid ar imeall an Atlantaigh ar Oileáin Árainn sa scéal, tugaimid sciuird ar fud na Mór-Roinne, agus cuirtear clabhsúr ar an leabhar agus muid ar ais in ar na hoileáin thiar. Scéal Eorpach é an t-úrscéal anseo, le críocha uile na hEorpa thuaidh, thiar, thoir is theas á síneadh anonn is anall sa reic.

LÉIRMHEASANNA
REVIEWS

Scríbhneoireacht

New Writing

 

Baile

Home

 

Share via
Copy link