Léirmheasanna

Crooked Love/Grá fiar

Cumhacht phaiseanta na Filíochta agus Louis de Paor
Léirmheas le CAITRÍONA NÍ CHLÉIRCHÍN

AN TOST IDIR TIC AGUS TEAC

CROOKED LOVE/GRÁ FIAR
Louis de Paor
Bloodaxe  |  £12.99

Is cnuasach an-téagartha cumsitheach é an cnuasach nua dátheangach Grá fiar/Crooked Love leis an fhile tábhachtach Louis de Paor. Tá an cnuasach seo bunaithe ar ábhar ó leabhair eile dá chuid: agus rud eile de, Cúpla Siamach an Ama, Uimhir a Seacht: Ón gCroí nach dTuigeann agus Grá fiar. Tá aistriúcháin den scoth ann le Kevin Anderson, Biddy Jenkinson agus de Paor féin. Sonraítear tionchar Mheiriceá agus na bhfilí Meiriceánacha anseo agus tá an leabhar roinnte i gcúig mhír le solúbthacht foirme nach bhfacthas cheana i saothar de Paor. Sa dán deireanach ‘Paidir Ameiriceánach’ luann an file an ‘grá fiar’ seo don uile chreatúr atá mar fhealsúnacht aige:

Dún do dhá shúil láithreach bonn baill, a dhuine, go líonfadh grá fiar.
Don uile chreatúr geancach uair amháin eile tú, go mbeidh tú chomh trócaireach.
Éidreorach le dia a leigheasfadh gach pian, gach briseadh croí dá mb’fhéidir…

Tá sé ag glacadh leis an saol agus le daoine mar atá siad, neamhfhoirfe agus fiar. An ionann fiar agus fíor?

Tá de Paor macánta anseo faoin chrá croí a bhaineann le bheith i d’fhile Gaeilge mar a fheicim muid sa dán: ‘’Don gcéad ghlúin a mhairfidh tréis bhás na Gaeilge’( 9). Tá cliseadh foighne agus fearg le brath sna línte: ‘Ní fiú mórán dua a chaitheamh leis an dán so/ ní bheidh tusa ábalta é a léamh pé scéal é’, ach fós féin, streachlaíonn sé leis mar gheall ar bhinneas agus ar áilleacht na teanga. Braithim go bhfuil croí an fhile ‘á ghreadadh féin’ anseo agus é ag ceistiú luach na filíochta féin sa dán ‘Luck’ atá suite sa subway fá bhun Madison Square Garden:

in Ainm Dé;
Nó cad sa foc
Is fiú dán

i ngleann seo
Gan trócaire
Na ndeor?

Ach míníonn sé sa dán ‘Ar cuairt’: ‘gurb é tús na filíochta é, an tost dofhulaingthe idir tic agus tac, sea is ní hea na síoraíochta, a líontar le sceon is le dóchas baoth an duine’ mar a deir Frank Kermode. Go deimhin, tá ‘loinnir an tsaoil eile’ agus na síoraíochta le brath tríd an chnuasach seo ar fad. Claochlaítear an saol laethúil ar bhealach beagnach osnádúrtha nó osréalach ann.

Sonraítear scil reacaireachta agus samhlaíocht as cuimse an fhile sa tsraith ‘Lá dá raibh/One day, a leanann lá amháin i sráidbhaile samhlaithe in iarthar na hÉireann áit a gcasann na mairbh agus na neacha beo le chéile. Is féidir éisteacht leis an tsraith dhátheangach seo a bhí athchóirithe don ráidió le ceol ó Dana Lyn agus a craoladh ar RTÉ Lyric FM agus ar Raidió na Gaeltachta i 2021 trí na códanna QR clóite sa leabhar a scanadh. Agus sílim go gcuireann sé seo go mór le héifeacht na sraithe.

Is iad na dánta is mó a sheasann amach domsa sa tsraith agus sa leabhar seo ná: ‘An Léitheoir Profaí’, ‘Ar Thalamh Phortaigh an Bhróin’, ‘Na Mairnéalaigh Bháite’ agus ‘Sa Reilig Ghallda’. Tá cur síos iontach ar an ‘obair mhaslach’ a bhaineann leis an cheartú sa dán ‘An Léitheoir Profaí’.

Tá an léitheoir profaí
ag ceartú leis i gcónaí
I ngairdín na teanga,

Ag glanadh amach
na mbotún a d’fhág
comhréir bhriste na staire

sa chaint; baineann sé
fiailí nár chualathas
á labhairt i gceart

ó bhláthaigh an tost
I mbéal Mháire Ní Eidhin.

Tá an baol ann dár ndóigh gur seoda iad cuid de na’ fiailí’ atá sé ag iarraidh a bhaint. Braitheann sé go bhfuil a shaol caite amú aige ‘caite i bhfásta’ ‘ag iarraidh na driseacha a bhaint timpeall ar uaigh an fhile’ agus  ‘dúisíonn sé i lár na hoíche agus allas leis: tá saor cloiche ag tolladh a chléibh agus dearmad marfach á ghearradh aige ar leac na huaighe os a chionn féin ar feadh na síoraíochta’.

Is dán fíorálainn é an dán ‘Ar Thalaimh Phortaigh an Bhróin’ i mo thuairim agus tá an t-aistriúchán thar barr ar fad. Baineann sé le sochraid athar cheathrar iníonacha agus níl an iníon is sine acu pósta. Tugtar le fios go bhfágfar í ina haonar mar gheall ar an ‘deoir airgid’ ar a méar nocht.

In the wetlands of sorrow,
Withered irises
Are crumpled handkerchiefs
As grimy as confetti;

Conamara ponies stand
To attention in the rain
As graceful and awkward
As the hillpeople.

Is dán den scoth é ‘Na Mairnéalaigh Bháite’ chomh maith mar gheall ar an bhás agus an bháthadh agus tá se faoi mar a thrasnaíonn an file an tairseach idir an bheatha is an bás ann.

Bás cluthar is ea báthadh,
A deir an dream a thagann slán –
Scaoileadh, géilleadh,
Ligint uait, dul le sruth

Go líonfaidh an t-uisce leis féin tú,
Go nglanfaidh gach rian buartha
Ded aghaidh shuaite.

Braithim sa chnuasach máistriúil seo ag Louis de Paor go bhfuil ‘grá treascartha an tsaoil seo ag déanamh dhá leath dá lár’ agus sílim go rachaidh cumhacht phaiseanta na filíochta ann go mór i bhfeidhm ar léitheoirí.

CAITRÍONA NÍ CHLÉIRCHÍN

LÉIRMHEASANNA
REVIEWS

Scríbhneoireacht

New Writing

 

Baile

Home

 

Share via
Copy link