TAR LINN AR AISTEAR MISTÉIREACH

8-23 SAMHAIN/NOVEMBER 2025

Ceannaigh do Thicéid ANSEO >

TAR LINN AR AISTEAR MISTÉIREACH

8-23 SAMHAIN/NOVEMBER 2025

Comháireamh Síos go IMRAM 2025

Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.

IMRAM works to put Irish language literature at the heart of our nation’s public life, through an innovative annual festival, supporting writers and publishers, encouraging the sale of books, provoking debate, and engaging Irish speakers and Irish learners across Ireland and the diaspora.

AMHRÁIN NA GEALAÍ: TIONSCADAL PHOEBE BRIDGERS

Léiriú draíochtúil leis na hamhránaithe AOIBHA agus JESSIE DINGLE ag casadh leaganacha áille d’amhráin PHOEBE BRIDGERS trascruthaithe go Gaeilge ag na filí Caitríona Ní Chléirchín agus Dairena Ní Chinnéide. Beidh na liricí agus íomhánna aoibhne cruthaithe ag Margaret Lonergan á dteilgeadh ar scáileán le linn an tseó.

BARD NA PÁIRCE: THE POET OF CROKE PARK

Céiliúradh liteartha ar shaol agus ar shaothar an sárthráchtaire spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh, file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael, le filíocht agus prós nuachoimisiúnaithe ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Alan Titley, Colm Mac Gearailt agus Dara Ó Cinnéide, amhráin nuachumtha ó Cholm Ó Snodaigh, agus ealaín cruthaithe ag Margaret Lonergan.

CNÁMHA SCOILTE: SPLIT BONES

Síceolaí, file, scríbhneoir agus máthair as Ceantar na nOileán i gConamara í JulieBreathnach-Banwait atá lonnaithe san Astráil.  Léifidh sí píosaí as an gcnuasach phrósfhilíocht dhátheangach nua léi, CNÁMHA SCOILTE/SPILT BONES, le tionlacan ceoil ón gcumadóir agus boscadóir Jack Talty, amhráin ar an sean-nós á gcasadh ag Síle Denvir, agus íomhánna cruthaithe ag Kim Sharkey.

CLÁR IMRAM 2025

IMRAM-na-nÓg-2022
Morleamh
Clar-Imram-2022-Mapaí
Clar-Imram-2022-Ó-Scolaí
Clar-Imram-2022-Ó-Scolaí
Clar-Imram-2022-Ó-Síomóin

AILCEIMIC AN AISTRITHEORA

THE TRANSLATOR’S ALCHEMY

The Chapel, Irish Museum of Modern Art |  Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

8 Samhain / November 2.30pm

Plé ar aistriúcháin liteartha – An tOllamh Michael Cronin i mbun comhrá le Máirín Nic Con lomaire, Antain Mac Lochlainn agus Mícheál Ó hAodha.

Ar na haistriúcháin atá foilsithe ag Antain Mac Lochlainn tá dhá leabhar i sraith Nairnia le C.S. Lewis, mar atá An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh agus An Capall agus a Ghiolla. Chuir sé Gaeilge ar cheithre albam sa tsraith chlúiteach le Goscinny agus Underzo, ina measc Asterix na nGallach agus Asterix agus an Corráin Óir. Is file Gaeilge agus aistritheoir é Mícheál Ó hAodha. I measc na n-aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla atá deanta aige tá Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna faoin teideal This Road of Mine; agus Exiles, leagan Gaeilge de Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh. Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con lomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Na Ríthe Beaga an dara húrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe ón bhFraincis aici; foilsíodh a leagan de Khalil le Yasmina Khadra i bhFómhar 2021.

The term ‘transcreation’ is often used to capture how literary translation is an alchemical act, designed to evoke the same emotional response and cultural resonances in the target language as in the original text. This round-table talk features three leading translators – from other languages into Irish, and from Irish to English – discussing their craft with Professor Michael Cronin.

The Chapel, Irish Museum of Modern Art, Royal Hospital Kilmainham, Dublin

Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

In association with:

MÓROÍCHE FILÍOCHTA AGUS CHEOIL

GALA POETRY AND MUSIC NIGHT
Bartley’s Lounge
The Grafton Hotel, Dublin 2
Saorchead isteach/free admission
Booking: Ticéid Anseo
8 Samhain / November 6.00pm

Tá an ghontacht sa chnuasach nua ó Louis de Paor, Cé a Mharaigh Emma Mhic Mathúna? a mbeifeá ag súil leis ó shárfhile, an aoir fhaobhrach, an searbhas fiú, an greann agus an briseadh croí. Tugann Rince Aeir le Caitríona Ní Chléirchín ar thuras beatha sinn trí bhóithre corracha an ghrá agus an uaignis dhaonna. Mhol an criticeoir Máirín Nic Eoin é mar chnuasach ‘a bheireann greim ar an Iéitheoir lena dhrámatúlacht liriceach agus a shamhlaoidí cumhachtacha’. Is geall le haislingí beaga na dánta sa chnuasach I Muinín na nDúI le Máire Dinny Wren; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an haiku, a thugann móimintí Iéargais dúinn. Is amhránaí agus seinnteoir bouzouki as an Rinn é Macdara Ó Faoláin, a bhfuil aitheantas bainte amach aige as a chur chuige nuálach i gceol traidisiúnta na hÉireann.

Louis de Paor has been hailed by critic Máirín Nic Eoin as ‘a master of the short lyric in which the literal and the figurative combine in a tight nexus of images that distil the character of a particular individual, relationship or encounter’. Caitríona Ní Chléirchín’s poetry was praised by the judges of the Michael Hartnett Award as ‘powerful, courageous, sassy and important’. Máire Dinny Wren’s latest collection I Muinín na nDúI is a beautifully realised sequence of haiku exploring the landscapes of her native Donegal. Macdara Ó Faoláin is a bouzouki player, fiddle player and singer, renowned for his innovative approach to traditional trish music.

Bartley’s Lounge, The Grafton Hotel, Dublin 2

Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

In association with:

ÁINE NÍ GHLINN:

AGALLAMH POIBLÍ

Books Upstairs | Cead isteach/admission €10
Booking: Ticéid Anseo
17 Samhain / November 6pm

File, drámadóir agus scríbhneoir do dhaoine óga í Áine Ní Ghlinn. Tá 40 leabhar scríofa aici – pictiúrleabhair, drámaí do pháistí, scéalta agus úrscéalta do léitheoirí óga agus do dhéagóirí, cnuasaigh filíochta do pháistí agus do dhaoine fásta. Ainmníodh í mar shéú Laureate na nÓg, 2020 go dtí 2023. An mórthionscnamh Laureate a bhí aici ná An Bosca Leabharlainne, agus é mar aidhm aici daoine óga a spreagadh chun bheith ag léamh as Gaeilge mar phléisiúr seachas díreach mar obair scoile. Bronnadh Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann ar Daideo. Bronnadh Gradam Ibby ar Brionglóidí agus tá go leor duaiseanna eile buaite aici dá saothar drámaíochta agus filíochta agus dá húrscéalta do pháistí. 

Áine Ní Ghlinn is one of Ireland’s finest poets, with her work praised by Theo Dorgan as ‘direct, human, insightful, witty and sometimes wicked, always compassionate and brave’. Áine has had a distinguished and prolific career, covering poetry, fiction, nonfiction, radio broadcasting and drama. She has won numerous accolades including the Réics Carlo Irish Language Children’s Book of the Year Award and the Patrick Kavanagh Fellowship for Poetry. From 2020 to 2023, she was the Arts Council’s Laureate na nÓg, marking her as the first children’s literature laureate to write exclusively in Irish. Her latest novel, Cairdeas & Cogadh will be published by Cló Iar-Chonnacht in 2025. 

Tonight IMRAM is proud to present Áine in conversation with critic and writer Professor Michael Cronin about her remarkable life and work. 

Books Upstairs, 17 D’Olier Street, Dublin 2

Cead isteach/admission €10

Booking: Ticéid Anseo

GILE NA GILE

THE LIFE AND MUSIC OF AOGÁN Ó RATHAILLE

Smock Alley | Cead isteach/admission €15/€12

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

17 Samhain / November 8pm

Thit an domhan Gaelach as a chéile le linn saol Aogáin Uí Rathaille, agus bhí sé mar dhuine de phríomhthráchtaire ar an gcasadh cinniúnach seo i stair agus litríocht na hÉireann. Is le linn scoil na mbard a rugadh é agus fuair sé bás i mbochtanas le linn aimsir na bpéindlíthe agus na gcúirteanna filíochta. Is é a ghin an aisling pholaitiúil; ceol an dóchais le linn aois gan dóchas.

Filíocht dhomhain dhána fhíochmhar a scríobh an Raitheallach. Fínné cáinteach ar am cúiseach tréigtheach ab ea é, a scríobh le tuiscint agus súil i gcónaí ar áilleacht i mbriathar. An file ba chumasaí i ré nua na Gaeilge. File nach bhfuil sáraithe fós. Tugtar ‘Dante na Mumhan’ air. Sa Iéiriú nua seo, Gile na Gile, beidh an lucht féachana faoi dhraíocht ag ceol nuachumtha atá bunaithe ar fhilíocht Aogáin Uí Rathaille, á chur i Iáthair ag an gcumadóir Lorcán Mac Mathúna in éineacht leis na ceoltóirí Martin Tourish agus Éamonn Galldubh.

Aogán Ó Rathaille (1670-1726) is a titanic figure in the history of Irish poetry. He lived through a time of dramatic political and cultural upheaval that saw the Irish language driven to the margins and the death of the bardic tradition. Ó Rathaille’s poetry drew on vernacular speech and song; and more than any other poet, he developed the aisling – or vision poem – into high art. In Gile na Gile, composer and singer Lorcán Mac Mathúna has set his poems to stunning new music, which he will sing to accompaniment from musicians Martin Tourish and Éamonn Galldubh.

Smock Alley, Exchange Street Lower Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €15/€12

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

DÁN NA CAILLÍ

SONG OF THE HAGWITCH
 
Royal Irish Academy | Cead isteach/admission: €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
18 Samhain/November 7.00pm

Is seanbhean í an Chailleach i miotaseolaíocht na nGael, bandia a shamhlaítear leis an talamh, leis an ngeimhreadh agus leis an saol eile, an saol iarbháis. Is minic caille uirthi, í ar leathshúil, mílítheach. Is bean feasa leis í. In Albain, tugtar Beira uirthi agus luaitear í le Leithinis Bhéara i gCo. Chorcaí. Luaitear go minic i litríocht na Gaeilge í: Mise Éire, sine mé ná an Chailleach Bhéara (an Piarsach); luaitear sa bhéaloideas í, i bhfilíocht na mbard, i saothar an Chadhnaigh agus Angela Bourke.

In Gaelic mythology, the Cailleach is an old woman, and a goddess associated with the land, winter, and with the otherworld of the dead. She is often depicted as a veiled hag, with one eye and deathly pale skin. She appears throughout Irish literature, from early Munster folklore, to the age of the bards, to modern poetry.

Dán na Caillí is a multi-media performance featuring newly commissioned poetry about the Cailleach by Laoighseach Ní Choistealbha, Dairena Ní Chinnéide and Eithne Ní Ghallchobhair; and poetry from Scottish poet Caitrìona Lexy Campbell. It will also feature songs from Fermanagh composer, vocalist and instrumentalist Róis, acclaimed by The Guardian as ‘an arresting new talent’; and on-screen visuals from artist Margaret Lonergan.

Royal Irish Academy
19 Dawson Street, Dublin 2

Cead isteach/admission €15/€12

Booking: Ticéid Anseo

THE DISCOVERY LECTURES

I gCOMHAR LE LEABHARLANN AN LEXICON
Lexicon Library | Cead isteach/Saorchead isteach/free admission

Booking: Alan Titley Lecture: Ticéid Anseo

19 Samhain/November 10am
ALAN TITLEY

NEITHER SHILLELAGHS NOR SHAMROCK: THE OTHER IRISH NOVEL

The novel in Irish begins in the late 19th century as it did in most European countries. Since then about three hundred have been written and some have gained the status of classics amongst readers in the Irish language. In this talk, Alan Titley will look at some of those classics and evaluate them both in their own time and for ours. Alan is nothing less than a phenomenon in Irish letters – a novelist, poet, dramatist, columnist, and a sparkling talker par excellence widely known for the wit of his expression.

Lexicon Library, Haigh Terrace, Moran Park, Dún Laoghaire

Booking: Máirín Nic Eoin Lecture: Ticéid Anseo

19 Samhain/November 12pm
MÁIRÍN NIC EOIN

THOUSANDS ARE SAILING:
THE LITERATURE OF IRISH EMIGRATION

Máirín Nic Eoin is one of Ireland’s leading experts on literature in Irish. She is one of the editors of the acclaimed anthology Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hlmirce, which explores themes of migration and exile in Irish language literature through work by writers such as Micí Mac Gabhann; Dónall Mac Amhlaigh; Pádraic Ó Conaire; Áine Ní Ghlinn; Maidhc Dainín Ó Sé; and many others. In this lecture she will explore how the lrish emigrant experience has been represented in fiction, poetry and song, with a particular focus on Irish emigrant life in the USA and in England.

CNÁMHA SCOILTE SPLIT BONES

Smock Alley  |  Cead isteach/admission €15/12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
19 Samhain/November 8pm

Síceolaí, file, scríbhneoir agus máthair as Ceantar na nOileán i gConamara í Julie Breathnach-Banwait. Tá breis is deich mbliana caite aici féin, a fear céile agus a mac in larthar na hAstráile. Ag tagairt don Ghaeilge, deir sí:

‘Tá seilbh ag an teanga orm. Is í an teanga a chruthaigh is a mhúnlaigh mé. Táimid doscartha óna chéile in aon taipéis chasta amháin.’ Is Síc-FhiIe í agus sa chéad leabhar filíochta uaithi, Dánta Póca, cantar na limistéir mhothúchánacha sin atá idir na réimsí fisiceacha agus síceolaíochta.

Sa chnuasach phrósfhilíochta dhátheangach nua Iéi, Cnámha Scoilte/Split Bones, téann sí i ngleic leis an gcuimhne agus leis an dúchas.

Writing about Cnámha Scoilte/Split Bones, critic Professor Cassandra Atherton says: ‘Julie Breathnach-Banwait engages with the uncanniness of place and the politics of memory in prose poetry with electrifying rhythms and beguiling cadence’. Her work explores family, landscape and history, taking the reader from the shores of Conamara to the deserts of Australia. Tonight she will read to live music from composer and concertina player Jack Talty, interwoven with sean-nós songs from Síle Denvir, and featuring on-screen visuals created by Donegal artist Kim Sharkey.

Smock Alley, Exchange Street Lower Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €15/12

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

CEOLTA

AN HIP-HAP GAELACH
The CobbIestone |  Cead isteach/admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
20 Samhain/November 7.30pm

Arna eagrú i gcomhpháirt le Craobh 1916 agus Club Chonradh na Gaeilge

Tar linn ón gCúirt Filíochta go Cúirt an Dlí agus sinn ag tabhairt spléachadh spleodrach ar staid reatha na rapála Gaeilge. Sa mhórléiriú seo cloisfear meascán mearaí den rapcheol Gaelach ó gach cearn den tír, agus níos faide i gcéin.

Cloisfimid siollaí snasta ardrí na geabaireachta Gaelaí Súil Amháin, leis an gceoltóir Ushmush ina theannta. Meascfaidh Amano an sean agus an nua-nós. Trasnófar Sruth na Maoile le buillí rithimiúla is Gàidhlig ghasta Hammy Sgith. Ó Chorcaigh cloisfear dord Julie Goo ó shelovescalpol. Rincfimid le horthaí Oisín Mac agus déanfaimid damhsa le trombhuillí Torby. Tabharfaimid éisteacht do jeaicín an hiphap imeallaigh James Shannon. Cloisfear éigse ardfhilí na hardchathrach, Ciara Ní É agus Cúán de Búrca.

An teacht le chéile is mó riamh sa hip-hap Gaeilge! Cá bhfios nach mbeidh aoi speisialta nó beirt ann…

Come with us from the Cúirt Filíochta to the Court of Law, as we take a look at the current state of Irish rap. This showcase will feature a medley from across the country and beyond.

We’II hear the skillful syllables of the rí of Irish rap, Súil Amháin, accompanied by music from Ushmush. Amano will mix the old and the new-nós. We’II row across Sruth na Maoile in time to the furious Gàidhlig beats of Hammy Sgith. From Cork, the bass of Julie Goo from shelovescalpol. We’II jump to the rhythms of Oisín Mac and tango to Torby. We’II listen to alternative hip-hop jeaicín James Shannon and hear the polished words of Dublin poets Ciara Ní É and Cúán de Búrca.

Join us for the biggest gathering yet in Irish hip-hop! Who knows, there might be a special guest or two…

This event is curated by Eoin P. Ó Murchú.

The CobbIestone, 77 King Street North Smithfield, Dublin 1

Cead isteach/admission: €15/€12

Booking: Ticéid Anseo

DUAIS HAIKU BASHō

HAIKU READING AND AWARD PRESENTATION

Smock Alley  |  Event for schools
Booking: DUAIS HAIKU BASHŌ: Ticéid Anseo

21 Samhain/November 11.00am - 2.00pm

IMRAM i gcomhar le Poetry Ireland Education

Sa chomórtas filíochta Haiku Duais Bashō tugtar cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur faoi bhráid moltóra. Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tseapáin sa 17ú Aois, agus a bhláthaigh i ré an mháistir mhóir, Bashō. Scríobhtar dánta haiku i dtrí line de ghnáth agus tá seacht siolla dhéag ar a mhéad iontu.

In the Duais Bashō Haiku Poetry Competition, post-primary students are invited to compose a haiku in the English or Irish language and submit their haiku for adjudication. The haiku is the shortest poetic form in the world which originated in Japan in the 17th Century, first refined and championed by haiku master Bashō. Haiku poems are usually written in three lines and contain a maximum of seventeen syllables. As part of this project, haiku poets Rody Gorman, Liam Carson and Maeve O’Sullivan conducted workshops with students throughout the country. Poet and acclaimed haiku doyen Gabriel Rosenstock adjudicated the entries.

Event for schools

Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

IMRAM in association with Poetry Ireland

GUTH NA hÉIGSE

COMÓRTAS LABHARTHA FILÍOCHTA D’IAR-BHUNSCOILEANNA

Smock Alley  |  Event for schools
Booking GUTH NA hÉIGSE: Ticéid Anseo

Is comórtas labhartha filíochta d’iar-bhunscoileanna é Guth na hÉigse atá bunaithe ar an gcomórtas Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic Iéinn a spreagadh ar fud oileán na hÉireann chun dánta Gaeilge a chur de ghlanmheabhair agus na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais agus ag craobh náisiúnta i Smock Alley.

Guth na hÉigse is a Poetry Speaking Competition for Post-Primary Schools, based on the successful and well-established Poetry Aloud Poetry Speaking Competition initiated by the National Library of lreland and Poetry lreland in 2007. Through Guth na hÉigse, students throughout the island of lreland are encouraged to commit Irish-language poems to memory and then speak the poems aloud for judges and an audience. Acclaimed spoken word poet

Julie Goo, whose poetry is featured in Guth na hÉigse, will perform at this event.

BARD NA PÁIRCE

CÉILIÚRADH AR SHAOL AGUS AR SHAOTHAR MHÍCHÍL UÍ MHUIRCHEARTAIGH

21 Samhain/November 7.30pm

Bhí Éire go Iéir faoi scamall bróin agus an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh, guth chluichí na nGael ar feadh na dtrí scór bliain a chaith sé le gairm na tráchtaireachta, ar shlí na fírinne. Rinne tráchtaireacht shainiúil Mhíchíl agus an tslí a bhí aige leis an dá theanga a úsáid go nádúrtha file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael de agus bhíodh guth an Chiarraígh mar fhuaimrian an tsamhraidh ag Gaeil le breis is leathchéad bliain. Is ábhar mórtais d’IMRAM é ceiliúradh cuí a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Mhíchíl; Iéamh filíochta agus próis coimisiúnaithe; sleachta as craoltaí leis; agus ceol coimisiúnaithe.

Mícheál Ó Muircheartaigh was without doubt Ireland’s most gifted sports commentator. Across his sixty year career, from his 1949 radio debut to his last All-lreland final on television in 2010, he was a deeply loved companion for generations of GAA fans. On his death, President Michael D Higgins said: ‘…so many matches may in fact be remembered more for his commentary than for the action on the pitch. For Mícheál turned every match into an epic tale, his commentaries capturing like no other the sense of occasion, the atmosphere in the stadium and on the terraces, the ebb and flow of the play and of every movement.’

Bard na Páirce is a literary celebration of Mícheál’s life and work, featuring specially commissioned poetry and prose from Colm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dara Ó Cinnéide and Alan Titley; as well as new songs and music from Colm Ó Snodaigh, accompanied by Brian Hogan. The show will also feature archive recordings of Mícheál’s commentaries; and on-screen images, created by Margaret Lonergan. Curated by Majella Ní Chríocháin.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €15/12

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

IMRAM in association with RTE Archives

TURAS: PILGRIMAGETIMEJOURNEY

I gCOMHAR LE LEABHARLANN AN LEXICON, DÚN LAOGHAIRE

The Studio Lexicon Library | Saorchead isteach/free admission
Booking: Ticéid Anseo
22 Samhain/November 3.00pm

Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire, CiII Mhantáin agus Ríocht ársa Chualann a spreagann saothar gleoite seo Rody Gorman, tírdhreach agus cuimhní fite fuaite ina chéile. Tugtar ar imram sinn ar fharraige focal ó Mhuilte Uí Bheoláin agus Droichead Portobello i gcroílár na hardchathrach, via tránna Chuas an Ghainimh agus Rinn na Mara, go dtí sliabh eibhir Chipiúr agus lochanna Chill Mhantáin. Machnamh ar aislingí na hóige atá sa seó cumasach seo, le híomhánna scaileáin ó Mhargaret Lonergan agus fuaimdhreacha beo á gcruthú agus á seinm ag Seán Mac Erlaine.

Dublin, Dún Laoghaire, Wicklow and the ancient Kingdom of Cuala are at the heart of Rody Gorman‘s exquisite poetic pilgrimage through landscape and memory. In this series of tercets – three line poems in Irish and in English – Gorman takes us on a journey from Boland’s Mill and Portobello Bridge in Dublin city, via the beaches of Sandymount and Seapoint, to the granite mountain of Kippure and the lakes of Wicklow. He recalls school days ‘on Charleville Road with Ms O’Rourke’s books’; a childhood ‘vision-poem dream beside the Poddle’; and sees himself ‘back on my own in Bewley’s, our salon de thé, like it was only yesterday and in 1966’.

Rody reads to visuals created by artist Margaret Lonergan and soundscapes created and performed by composer and musician Seán Mac Erlaine.

The Studio, dlr Lexicon Library Haigh Terrace, Moran Park, Dún Laoghaire

Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

AMHRÁIN NA GEALAÍ:
TIONSCADAL PHOEBE BRIDGERS

MOON SONGS: THE PHOEBE BRIDGERS PROJECT
Smock Alley  |  Cead isteach/admission €20/€15
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
22 Samhain/ November 7.30pm

Meascann Phoebe Bridgers ceol tire acústaice le popcheol leictreonach aislingeach agus tá cáil ar a cuid sárliricí a chuimsíonn briseadh croí, caillteanas, creideamh, caidreamh teaghlaigh agus teacht in inmhe. Comhrá a bhíonn ar siúl aici ina cuid amhrán a tharraingíonn an t-éisteoir isteach i dtírdhreacha mothúchánacha atá greannmhar agus fírinneach. Thug Rolling Stone ardmholadh dá scil mar chumadóir.

Fusing pastoral acoustic folk with dreamy electronic pop, Phoebe Bridgers is known for exquisitely crafted lyrics that explore themes of heartbreak, loss, faith, family relationships and coming-of-age. Rolling Stone has acclaimed her ‘uncanny knack for pop songcraft and classic American songbook melody.’

Amhráin na Gealaí is a special performance of her songs translated into Irish by poets Caitríona Ní Chléirchín and Dairena Ní Chinnéide, and performed by Belfast indie-pop artist Aoibha, of whom Hot Press has declared ‘her gripping vocals could halt anyone in their tracks.’ She will be joined by her five-piece band; and by Jessie Dingle, who wowed audiences with her dynamic performance at IMRAM 2024’s Taylor Swift Project. The lyrics will be projected on-screen with beautiful art selected by visual designer Margaret Lonergan.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €20/€15

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

AR AN gCOIGRÍOCH

The Dot Theatre | Cead isteach/admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
23 Samhain/November 2.00pm

Agus gluaiseachtaí frith-inimirce ag fás ar na mallaibh, theastaigh ós na healaíontóirí Caitríona Ní Mhurchú agus Niall Toner Jr freagra fileata a thabhairt ar an bhfuath seo atá ag borradh go tréan, tré Iéiriú ilmhéanach a chruthú ag úsáid an tsaothair iomráitigh Ar an gCoigríoch, Díolaim Litríochta ar Scéal na hlmirce (Cló lar-Chonnacht) a chnuasaigh Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin mar bhunchloch. Déanfar sleachta ábhartha a fhí le chéile le ceol beo leictreonach, ealaín fuaime agus físealaín a cruthaíodh go speisialta don dtogra.

As a poetic response to the growth of anti-immigration movements and racism, artists Caitríona Ní Mhurchú and Niall Toner Jr create a multi-media piece using the notable work Ar an gCoigríoch, Díolaim Litríochta ar Scéal na hlmirce (Cló lar-Chonnacht), compiled and edited by Aisling Ní Dhonnchadha and Máirín Nic Eoin as a jumping-off point. Extracts from the anthology will be woven together with live electronic and analogue music with voices, as well as specially created visuals musing on the twin themes of home and absence, creating a moving and immersive spoken word chamber piece. Caitríona and Niall will perform live on stage with the acclaimed singer Sharyn Ward.

The Dot Theatre, 6a Pembroke Place, Dublin 2

Booking Alan Titley Lecture: Ticéid Anseo

Booking: GUTH NA hÉIGSE: Ticéid Anseo

21 Samhain/November 11.00am - 2.00pm

IMRAM i gcomhar le Poetry Ireland Education

Is comórtas labhartha filíochta d’iar-bhunscoileanna é Guth na hÉigse atá bunaithe ar an gcomórtas Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic Iéinn a spreagadh ar fud oileán na hÉireann chun dánta Gaeilge a chur de ghlanmheabhair agus na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais agus ag craobh náisiúnta i Smock Alley.

Guth na hÉigse is a Poetry Speaking Competition for Post-Primary Schools, based on the successful and well-established Poetry Aloud Poetry Speaking Competition initiated by the National Library of lreland and Poetry lreland in 2007. Through Guth na hÉigse, students throughout the island of lreland are encouraged to commit Irish-language poems to memory and then speak the poems aloud for judges and an audience. Acclaimed spoken word poet

Julie Goo, whose poetry is featured in Guth na hÉigse, will perform at this event.

Smock Alley, Exchange Street Lower Temple Bar, Dublin 8

Event for schools

Booking GUTH NA hÉIGSE: Ticéid Anseo

IMRAM in association with Poetry Ireland

BARD NA PÁIRCE

CÉILIÚRADH AR SHAOL AGUS AR SHAOTHAR MHÍCHÍL UÍ MHUIRCHEARTAIGH

Cead isteach/admission €15/12
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

21 Samhain/November 7.30pm

Bhí Éire go Iéir faoi scamall bróin agus an sárchraoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh, guth chluichí na nGael ar feadh na dtrí scór bliain a chaith sé le gairm na tráchtaireachta, ar shlí na fírinne. Rinne tráchtaireacht shainiúil Mhíchíl agus an tslí a bhí aige leis an dá theanga a úsáid go nádúrtha file cúirte neamhoifigiúil Chumann Lúthchleas Gael de agus bhíodh guth an Chiarraígh mar fhuaimrian an tsamhraidh ag Gaeil le breis is leathchéad bliain. Is ábhar mórtais d’IMRAM é ceiliúradh cuí a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Mhíchíl; Iéamh filíochta agus próis coimisiúnaithe; sleachta as craoltaí leis; agus ceol coimisiúnaithe.

Mícheál Ó Muircheartaigh was without doubt Ireland’s most gifted sports commentator. Across his sixty year career, from his 1949 radio debut to his last All-lreland final on television in 2010, he was a deeply loved companion for generations of GAA fans. On his death, President Michael D Higgins said: ‘…so many matches may in fact be remembered more for his commentary than for the action on the pitch. For Mícheál turned every match into an epic tale, his commentaries capturing like no other the sense of occasion, the atmosphere in the stadium and on the terraces, the ebb and flow of the play and of every movement.’

Bard na Páirce is a literary celebration of Mícheál’s life and work, featuring specially commissioned poetry and prose from Colm Mac Gearailt, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Dara Ó Cinnéide and Alan Titley; as well as new songs and music from Colm Ó Snodaigh, accompanied by Brian Hogan. The show will also feature archive recordings of Mícheál’s commentaries; and on-screen images, created by Margaret Lonergan. Curated by Majella Ní Chríocháin.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €15/12

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

IMRAM in association with RTE Archives

TURAS: PILGRIMAGETIMEJOURNEY

I gCOMHAR LE LEABHARLANN AN LEXICON, DÚN LAOGHAIRE

The Studio Lexicon Library | Saorchead isteach/free admission
Booking: Ticéid Anseo
22 Samhain/November 3.00pm

Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire, CiII Mhantáin agus Ríocht ársa Chualann a spreagann saothar gleoite seo Rody Gorman, tírdhreach agus cuimhní fite fuaite ina chéile. Tugtar ar imram sinn ar fharraige focal ó Mhuilte Uí Bheoláin agus Droichead Portobello i gcroílár na hardchathrach, via tránna Chuas an Ghainimh agus Rinn na Mara, go dtí sliabh eibhir Chipiúr agus lochanna Chill Mhantáin. Machnamh ar aislingí na hóige atá sa seó cumasach seo, le híomhánna scaileáin ó Mhargaret Lonergan agus fuaimdhreacha beo á gcruthú agus á seinm ag Seán Mac Erlaine.

Dublin, Dún Laoghaire, Wicklow and the ancient Kingdom of Cuala are at the heart of Rody Gorman‘s exquisite poetic pilgrimage through landscape and memory. In this series of tercets – three line poems in Irish and in English – Gorman takes us on a journey from Boland’s Mill and Portobello Bridge in Dublin city, via the beaches of Sandymount and Seapoint, to the granite mountain of Kippure and the lakes of Wicklow. He recalls school days ‘on Charleville Road with Ms O’Rourke’s books’; a childhood ‘vision-poem dream beside the Poddle’; and sees himself ‘back on my own in Bewley’s, our salon de thé, like it was only yesterday and in 1966′.

Rody reads to visuals created by artist Margaret Lonergan and soundscapes created and performed by composer and musician Seán Mac Erlaine.

The Studio, dlr Lexicon Library Haigh Terrace, Moran Park, Dún Laoghaire

Saorchead isteach/free admission

Booking: Ticéid Anseo

AMHRÁIN NA GEALAÍ:
TIONSCADAL PHOEBE BRIDGERS

MOON SONGS: THE PHOEBE BRIDGERS PROJECT
Smock Alley  |  Cead isteach/admission €20/€15
Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo
22 Samhain/ November 7.30pm

Meascann Phoebe Bridgers ceol tire acústaice le popcheol leictreonach aislingeach agus tá cáil ar a cuid sárliricí a chuimsíonn briseadh croí, caillteanas, creideamh, caidreamh teaghlaigh agus teacht in inmhe. Comhrá a bhíonn ar siúl aici ina cuid amhrán a tharraingíonn an t-éisteoir isteach i dtírdhreacha mothúchánacha atá greannmhar agus fírinneach. Thug Rolling Stone ardmholadh dá scil mar chumadóir.

Fusing pastoral acoustic folk with dreamy electronic pop, Phoebe Bridgers is known for exquisitely crafted lyrics that explore themes of heartbreak, loss, faith, family relationships and coming-of-age. Rolling Stone has acclaimed her ‘uncanny knack for pop songcraft and classic American songbook melody.’

Amhráin na Gealaí is a special performance of her songs translated into Irish by poets Caitríona Ní Chléirchín and Dairena Ní Chinnéide, and performed by Belfast indie-pop artist Aoibha, of whom Hot Press has declared ‘her gripping vocals could halt anyone in their tracks.’ She will be joined by her five-piece band; and by Jessie Dingle, who wowed audiences with her dynamic performance at IMRAM 2024’s Taylor Swift Project. The lyrics will be projected on-screen with beautiful art selected by visual designer Margaret Lonergan.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8

Cead isteach/admission €20/€15

Booking: (01) 6770014 or Ticéid Anseo

AR AN gCOIGRÍOCH

The Dot Theatre | Cead isteach/admission €15/€12
Booking: Ticéid Anseo
23 Samhain/November 2.00pm

Agus gluaiseachtaí frith-inimirce ag fás ar na mallaibh, theastaigh ós na healaíontóirí Caitríona Ní Mhurchú agus Niall Toner Jr freagra fileata a thabhairt ar an bhfuath seo atá ag borradh go tréan, tré Iéiriú ilmhéanach a chruthú ag úsáid an tsaothair iomráitigh Ar an gCoigríoch, Díolaim Litríochta ar Scéal na hlmirce (Cló lar-Chonnacht) a chnuasaigh Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin mar bhunchloch. Déanfar sleachta ábhartha a fhí le chéile le ceol beo leictreonach, ealaín fuaime agus físealaín a cruthaíodh go speisialta don dtogra.

As a poetic response to the growth of anti-immigration movements and racism, artists Caitríona Ní Mhurchú and Niall Toner Jr create a multi-media piece using the notable work Ar an gCoigríoch, Díolaim Litríochta ar Scéal na hlmirce (Cló lar-Chonnacht), compiled and edited by Aisling Ní Dhonnchadha and Máirín Nic Eoin as a jumping-off point. Extracts from the anthology will be woven together with live electronic and analogue music with voices, as well as specially created visuals musing on the twin themes of home and absence, creating a moving and immersive spoken word chamber piece. Caitríona and Niall will perform live on stage with the acclaimed singer Sharyn Ward.

The Dot Theatre, 6a Pembroke Place, Dublin 2

Cead isteach/admission: €15/€12

Booking: Ticéid Anseo

Share via
Copy link