Nuacht

News

IMRAM – Oifigeach Forbartha – Sonraí an Phoist

Post páirtaimseartha – 21 uair sa tseachtain, cianobair

Beidh solúbthacht i gceist maidir le laethanta oibre.

Tuarastal: €39,612 sa mbliain pro rata (€23,767)

Spriocdháta d’iarratais:  5:00 i.n. 26 Feabhra 2025

Agallaimh: Cuirfear agallamh orthu siúd a bheidh ar an ngearrliosta i mBaile Átha Cliath Dé hAoine 7 Márta


Cuir CV agus litir iarratais chuig
[email protected]

Dualgais agus Freagrachtaí:

Beidh an tOifigeach ag obair i gcomhar le Stiúrthóir agus le Bainisteoir IMRAM, agus beidh siad freagrach don Stiúrthóir.

Margaíocht agus Caidreamh Poiblí

Ábhar a chur ar fáil do na meáin shóisialta agus na hardáin sin a choinneáil beo i gcaitheamh na bliana – suíomh gréasáin IMRAM, Facebook, Bluesky, Instagram, Tiktok agus ardáin eile san áireamh.

Naisc agus caidreamh le heagrais Ghaeilge eile (Gaelchultúr, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus araile) agus le heagrais, féiltí agus ionaid litríochta eile (Áras na Scríbhneoirí, Munster Literature Centre agus araile) a fhorbairt.

Tabhairt faoi chúrsai fógraíochta sna meáin.

Imeachtaí do pháistí agus do dhaoine óga

a.         IMRAM na nÓg – teagmháil a dhéanamh le scoileanna, leabharlanna agus araile le dátaí/amanna a shocrú

b.         Guth na hÉigse agus Duais Basho – comhordú a dhéanamh ar an dá thionscadal

c.         IMRAM sna hOllscoileanna – caidreamh a fhorbairt le hinstitiúidí tríú leibhéal thart timpeall na tíre agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí litríochta a reáchtáil iontu. Aiseolas a fháil ó na mic léinn agus ó fhoirne na n-institiúidí maidir le himeachtaí IMRAM.

d.         Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta

a.          Déileáil le hionaid éagsúla le cinntiú go bhfuil an criú dea-eagraithe agus na riachtanais theicniúla in ord is in eagar

b.         Teicneoirí fuaime, soilse srl a chur in áirithe d’imeachtaí nuair is gá

c.          Foireann dheonach a earcú, oiliúint a chur orthu agus iad a bhainistiú nuair is cuí é sin a dhéanamh

d.         Ardán ticéad agus díolacháin a chur ar bun agus a bhainistiú

e.          Cuntais a choinneáil ar chaiteachas agus ar ioncam.

f.            Bunachar sonraí agus liosta teagmhálaithe a fhorbairt

g.         Socraithe maidir le taisteal, lóistín agus riachtanais eile a bheadh ag údair is ealaíontóirí agus aíonna eile na féile a dhéanamh

IMRAM – Oifigeach Forbartha  – Riachtanais

Ardscileanna labhartha agus scríofa i nGaeilge agus i mBéarla

Scileanna maithe idirphearsanra

Scileanna maithe cumarsáide

Scileanna maithe eagrúcháin

 

Taithí 3 bliana ar a laghad i réimse na n-ealaíon

Taithí a bheith ag reáchtáil imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíon do pháistí/dhaoine óga

Taithí a bheith ag comhordú tionscadal ealaíon

Taithí a bheith ag plé le scoileanna agus le húdair

Taithí riaracháin

Taithí a bheith ag plé leis na meáin shóisialta, á mbainistiú, ábhar a chruthú dóibh agus araile

Share via
Copy link