Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga

 

Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga

Clár Ábhair:  

 

  1. Ráiteas um Chumhdach Leanaí
  1. Cód Iompair na Foirne, Oibrithe Deonacha agus Ealaíontóirí
  1. Nósanna Imeachta Tuairiscithe
  1. Ráiteas Rúndachta
  1. Nósanna Imeachta Sábháilte maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán
  1. Bainistíocht Shábháilte Foirne
  1. Páirtíocht Daoine Fásta Freagracha agus Roinnt Eolais
  1. Déileáil le Droch-Chleachtas agus Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne
  1. Nósanna Imeachta maidir le Gearáin agus Timpistí
  1. Ag Déileáil le Leanaí Caillte
  1. Cur i bhfeidhm

Ráiteas um Chumhdach Leanaí IMRAM 2019

Tá IMRAM tar éis an Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo a aontú de réir mar atá leagtha amach inár bPolasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga agus de réir na riachtanas reachtúla atá orainn. Tá oibrithe IMRAM faoi cheangal ag an Ráiteas um Chumhdach Leanaí seo agus táimid tiomanta do leasa leanaí agus daoine óga lena chinntiú go gcuirtear gach gné dár gclár ealaíne agus oideachasúil agus gníomhaíochtaí uile IMRAM ar fáil i dtimpeallachtaí slána agus sábháilte.

Seirbhísí IMRAM:

Eagraíonn IMRAM féile bhliantúil agus imeachtaí ar leith do leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois ar a dtugtar ‘IMRAM na nÓg’ gach fómhar i gcomhar le heagraíochtaí eile lena n-áirítear Comhairle Contae Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin, Glór na nGael, Éigse Éireann agus Foras na Gaeilge. Glacann leanaí agus daoine óga chomh maith le scríbhneoirí, ealaíontóirí, éascaitheoirí, múinteoirí agus teaghlaigh páirt sna himeachtaí a bhíonn ar siúl i scoileanna, leabharlanna agus ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath.

Nosanna Imeachta i bhfeidhm chun Riosca a Bhainistiú:

Tá measúnú riosca déanta againn ar na féidearthachtaí dochair do leanaí agus daoine óga agus iad páirteach i bhféile IMRAM na nÓg agus ag freastal ar ár n-imeachtaí. Aithnítear na réimsí riosca agus na nósanna imeachta nó próisis a theastaíonn chun na rioscaí seo a mhaolú. Aithníodh na nósanna imeachta seo a leanas sa Mheasúnú Riosca le cosaint a thabhairt do leanaí a bhaineann úsáid as ár gcuid seirbhísí:

 

Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga agus Polasaí Grinnfhiosrúcháin lena n-áirítear:

  • Cód Iompair
  • Treoir maidir le tuairisciú líomhaintí nó imní faoi mhí-úsáid in aghaidh baill foirne nó oibrithe
  • Nósanna Imeachta Sábháilte maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán

 

Oifigeach Ainmnithe ceaptha: Siobhán Nic Gaoithín [email protected]

Leas-Oifigigh Ainmnithe ceaptha: Liam Carson, [email protected]; Bríd Ní Ghruagáin, [email protected]

Tá Ráiteas um Chumhdach Leanaí IMRAM forbartha de réir riachtanais na reachtaíochta atá leagtha amach san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015. Déanfar athbhreithniú gach 12 mhí ar an ráiteas seo.

 

Sínithe: ______________________________________________

 

Cathaoirleach, Bord Stiúrtha IMRAM 

 

Dáta: ________________________________________________

Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga – IMRAM

 

Tá IMRAM tiomanta i dtreo cur chuige leanbhláraithe san obair a bhíonn ar súil againn le leanaí agus daoine óga. Táimid tiomanta chun timpeallacht agus eispéireas slán sábháilte a chur ar fáil agus tús áite tugtha do leasa leanaí agus daoine óga i ngach gné de ghníomhaíochtaí IMRAM. Cloífimid le Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí tré nósanna imeachta a bheith againn agus iad a chur i bhfeidhm a bhaineann le:

 

  • Cód Iompair na Foirne, Oibrithe Deonacha agus Ealaíontóirí  
  • Nósanna Imeachta Tuairiscithe
  • Ráiteas Rúndachta
  • Nósanna Imeachta Sábhailte maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán
  • Bainistíocht Shábháilte Foirne
  • Páirtíocht Daoine Fásta Freagracha agus Roinnt Eolais
  • Ag Déileáil le Droch-Chleachtas agus Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne
  • Nósanna Imeachta maidir le Gearáin agus Timpistí
  • Ag Déileáil le Leanaí Caillte
  • Cur i bhFeidhm

 

 

  1. Cód iompair na foirne, oibrithe deonacha agus ealaíontóirí:

 

Cur chuige leanbhláraithe:

  • Tugtar tús áite do leas agus do shábháilteacht an linbh agus duine óg i gcónaí ag imeachtaí IMRAM.
  • Caitear go cothrom le gach leanbh agus duine óg le meas agus le dínit.
  • Caitear le gach leanbh agus duine óg mar dhuine aonair.
  • Úsáidtear cumarsáid chuí (labhartha agus fisiciúil) i gcónaí.
  • Fáiltítear roimh chead cainte agus páirtíocht i ndéanamh cinntí (mar is cuí).
  • Tugtar misneach, tacaíocht agus moladh do leanaí agus daoine óga agus aiseolas cuiditheach nuair is gá.
  • Léirítear meas agus aird ar éagsúlacht i gcumas, teanga, cultúr, reiligiún, cine agus gnéaschlaonadh.
  • Tugtar aird ar na teorainn ama a bhíonn ag leanaí agus daoine óga nuair atá clár ama gníomhaíochtaí/cleachtaí á leagan amach, m.sh. obair scoile/scrúduithe agus eile.
  • Cuirtear comhaontuithe/conarthaí i bhfeidhm le scoileanna/leabharlanna/ionaid ina mbeidh imeachtaí IMRAM ar siúl.
  • Ní fhágfar ealaíontóir, oibrí deonach ná ball foirne IMRAM ina n-aonar le leanbh/duine óg ag aon am.
  • Deimhnítear go mbeidh ball foirne, múinteoir, caomhnóir, oibrí deonach nó tuismitheoir ag maoirsiú gach leanbh i rith imeachtaí IMRAM na nÓg go léir.

Iompar Míchuí:

  • Ní úsáidtear agus ní cheadaítear iompraíocht nó caint nó cumarsáid nó teagmháil gháirsiúil, mhíchuí nó mhaslach riamh.
  • Ní léirítear fabhraíocht agus ní dhéantar cáineadh i leith aon leanbh/duine óg.
  • Ní dhéantar ceap magaidh nó ní tharraingtear aird nó fócas nach bhfuil ag teastáil ar aon leanbh/duine óg.
  • Ní cheadaítear agus ní úsáidtear aon teagmháil mhíchuí le leanbh/duine óg.
  • Ní cheadaítear lámh a leagan ná gortú d’aon sórt a theacht ar leanbh/duine óg.
  • Ná bíodh aon teagmháil shóisialta mhíchuí le leanaí/daoine óga, mar shampla, taobh amuigh de ghníomhaíochtaí struchtúrtha IMRAM.
  • Ná bíodh aon teagmháil mhíchuí i scríbhinn nó ar líne nó ar na meáin shóisialta le haon leanbh/duine óg.
  • Bíodh comhaontú le múinteoirí/tuismitheoirí/daoine fasta freagracha nuair is cuí maidir le hiompar inghlactha agus conas iompar míchuí a láimhseáil ag imeachtaí IMRAM.

 

 

Teagmháil Fhisiceach: 

  • Bíodh meas ar spás pearsanta leanaí agus daoine óga i gcónaí.
  • Faigh cead ón leanbh/duine óg do theagmháil fhisiceach le tacú nó cabhrú leo (seachas i gcás éigeandála agus an leanbh/duine óg i ndainséir).
  • Seachnaítear pleidhcíocht agus ní cheadaítear aon teagmháil mhíchuí le leanbh/duine óg.
  • Cinntigh le leanaí/daoine óga faoina gcompord agus iad i mbun gníomhaíochtaí teagmhála.

 

 

Sláinte agus Sábháilteacht:

  • Ná bíodh leanaí fágtha gan aon duine ina bhfeighil ná gan mhaoirsiú.
  • Déan bainistiú ar aon ábhair dhainséaracha.
  • Cuir timpeallacht shábháilte ar fáil.
  • I gcás timpiste, ba cheart nósanna imeachta na scoile/na leabharlainne/an ionaid a chur i bhfeidhm mar is cuí.

 

 

 

  1. Nósanna Imeachta Tuairiscithe

 

Ról agus freagrachtaí an Oifigigh Ainmnithe

Tá an tOifigeach Ainmnithe mar an phríomhphointe teagmhála má tá aon cheist ná imní mar gheall ar aon ghné de shábháilteacht agus leas linbh ná duine óg. Tá siad freagrach as comhairle a chur ar bhaill foirne agus oibrithe deonacha mar gheall ar pholasaithe agus nósanna imeachta a bhaineann le cumhdach leanaí agus a chinntiú go gcuirtear na nósanna imeachta agus polasaithe i bhfeidhm. Tabharfaidh an tOifigeach Ainmnithe agus na Leas-Oifigigh Ainmnithe tacaíocht agus comhairle don bhfoireann sa chás is go mbíonn aon imní mar gheall ar chumhdach agus leasa leanaí. Tá sé mar fhreagracht orthu freisin teagmháil a dhéanamh leis an Gharda Síochána agus Tusla nuair is gá.

  • Oifigeach Ainmnithe d’IMRAM: Siobhán Nic Gaoithín, Coimeádaí IMRAM na nÓg agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag +35386 8361037 agus [email protected]
  • Leas-Oifigigh Ainmnithe d’IMRAM:

Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag +35387 2912797 agus [email protected]

Mura bhfuil Liam Carson ar fáil, déan teagmháil le

Bríd Ní Ghruagáin, Cathaoirleach IMRAM, ag +353 87 4181738, [email protected]

Tabhair faoi deara: nuair a bhíonn imeachtaí eagraithe i scoileanna agus leabharlanna, beidh Oifigeach Ainmnithe ag gach scoil agus leabharlann agus is féidir dul i dteagmháil leo nuair is cuí.

 

Cúiseanna réasúnta le h-imní a léiriú faoi aon leanbh/duine óg:

  • féadfaidh leanbh/duine óg a insint duit faoin mhí-úsáid déanta air/uirthí;
  • féadfaidh duine eile a insint duit go bhfaca siad mí-úsáid déanta ar leanbh/duine óg;
  • fianaise, ar nós gortú fisiceach nó iompar ag teacht le mí-úsáid agus nach dócha aon mhíniú eile;
  • d’fhéadfadh gortú nó a n-iompar a bheith mar chúis imní duit faoi mhí-úsáid le míniú neamhurchóideach, ach go bhfuil comharthaí comhthacaíoch eile ann ag teacht le cás mí-úsáide. Samplaí de seo ná patrún gortaithe, míniúchán nach bhféadfadh a chreidiúint, comharthaí eile den mhí-úsáid, iompar mífheidhmiúil.
  • comharthaí seasta, thar tréimhse ama, go bhfuil leanbh/duine óg ag fulaingt faillí mhothúchánach nó chorpartha.

 

An méid a cheart d’oibrí/ealaíontóir/oibrí deonach a dhéanamh:

Má tá imní ort faoi leanbh/duine óg a chastar ort le linn duit a bheith ag obair ag imeacht de chuid IMRAM na nÓg i scoil/leabharlann/ionad eile, déan an méid seo a leanas:

  • Caithfidh tú labhairt leis an múinteoir/leabharlannaí nó duine fásta freagrach.
  • Déan taifead scríofa faoin imní atá ort (féach Treoirlínte Ginearálta Tusla thíos).
  • Má thugtar tuairisc d’Oifigeach Ainmnithe na Scoile/Leabharlainne, caithfidh tú dul i dteagmháil le hOifigeach Ainmnithe IMRAM agus achoimre ghinearálta a thabhairt ar na nósanna imeachta curtha i gcrích sa Scoil/Leabharlann.
  • Cé go mbeidh cúram ar bhaill foirne eile sa Scoil/Leabharlann an imní a chur ar aghaidh chuig Tusla, ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh Oibrí Sóisialta Tusla teagmháil a dhéanamh leat chun do chuntas féin a thabhairt faoin méid a chonaic tú nó faoin méid a dúirt an leanbh/duine óg leat.

 

Treoirlínte Ginearálta Tusla

  • Déan taifead i scríbhinn den imní agus bíodh an dáta, am agus na daoine páirteach san imní/nochtadh, scríofa, mar shampla i Leabhar Teagmhais.
  • Caithfidh an taifead i scríbhinn a bheith mar chuntas fíorasach.
  • Caithfear fíricí a thabhairt sa taifead a thacaíonn le haon tuairimí tugtha.
  • Cuir an tOifigeach Ainmnithe ar an eolas agus mura bhfuil sé /sí ar fáil, cuir in iúl don Leas-Oifigeach.
  • Ba cheart don duine is oiriúnaí labhairt/dul i gcomhairle le tuismitheoirí/caomhnóirí/daoine fásta freagracha faoin imní/nochtadh.
  • Ba cheart go mbeadh tuismitheoirí/caomhnóirí/daoine fásta freagracha curtha ar an eolas faoi aon tuairisc chuig Tusla, seachas sa chás go bhféadfadh an leanbh/duine óg a bheith curtha i mbaol a thuilleadh.
  • Is féidir leis an Oifigeach Ainmnithe dul i dteagmháil le Rannóg Obair Shóisialta Tusla le haghaidh comhairliúchán neamhfhoirmiúil roimh dóibh tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh.
  • Roinnfear eolas ar bhonn ‘riachtanas eolais’ amháin (féach Ráiteas Rúndachta thíos).
  • Má tá cúiseanna réasúnta le h-imní a léiriú faoi aon leanbh/duine óg, mar atá liostaithe thuas, rachaidh an tOifigeach Ainmnithe i dteagmháil leis an Oibrí Sóisialta ar dualgas sa cheantar Tusla ag baint úsáid as an Fhoirm Thuairisce atá ar fáil ó Tusla.
  • Is féidir tuairiscí chuig an Oibrí Sóisialta ar dualgas a bheith ó bhéal ar dtús agus ansin ar an Fhoirm Thuairiscithe Chaighdeánach.
  • Ba cheart tuairiscithe a chur chuig Tusla gan rómhoill.
  • Mura bhfuil an tOifigeach Ainmnithe nó an Leas-Oifigeach Ainmnithe ar fáil, téigh i dteagmháil go díreach le hOibrí Sóisialta áitiúil Tusla
  • I gcásanna éigeandála taobh amuigh d’uaireanta oibre Tusla, téigh i dteagmháil leis an Gharda Síochána.
  • D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh sábháilteacht láithreach an linbh/duine óg i mbaol agus bheadh gá teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Gharda Síochána.
  1. Ráiteas Rúndachta

Táimid tiomanta in IMRAM i dtreo cearta rúndachta daoine a chinntiú. É sin ráite, i gcás cumhdaigh agus leasa leanaí, glacaimid orainn:

  • Eolas a roinnt ar bhonn ‘riachtanas eolais’ amháin chun an leanbh/duine óg a chosaint.
  • Ní sárú rúndachta atá i gceist nuair atá an t-eolas á roinnt le páirtithe eile ar mhaithe le cumhdach linbh/duine óg.
  • Ní féidir linn rúndacht iomlán a dheimhniú nuair atá leas an linbh/duine óg i mbaol.
  • Tá sé de cheart ag tuismitheoirí/caomhnóirí/daoine fásta freagracha leanaí agus daoine óga a bheith ar an eolas mar gheall ar eolas príobháideach a bheith roinnte agus/nó tuairisc a bheith déanta le Tusla, seachas sa chás go bhféadfadh roinnt an eolais an leanbh/duine óg a chur i mbaol a thuilleadh.
  • Ní úsáidfear íomhánna de leanaí/daoine óga ar aon chúis gan cead a fháil ar dtús ó thuismitheoirí/caomhnóirí/daoine fásta freagracha. Ní féidir linn a dhéimhniú, áfach, nach n-úsáidfear ceamaraí nó nach dtógfar físeáin ag léirithe phoiblí.
  • Tá na nósanna imeachta maidir le húsáid íomhánna de leanaí/daoine óga ag dul le Cód Iompraíochta Dochas maidir le hÍomhánna agus Teachtaireachtaí
  • Cuirfear nósanna imeachta i bhfeidhm maidir le taifeadadh agus stóráil eolais de réir ár bpolasaí rúndachta.
  1. Nósanna Imeachta Sábháilte maidir le hEarcaíocht agus Roghnúchán

Cinnteoidh Bord Stiúrtha IMRAM go roghnófar agus go ndéanfar maoirseacht ar ár mbaill foirne agus oibrithe deonacha go sábháilte chun timpeallacht slán ealaíne a chur ar fáil do gach leanbh agus duine óg páirteach in imeachtaí IMRAM. Is de réir na ndea-chleachtas seo a leanas a earcaítear agus roghnaítear baill foirne agus oibrithe deonacha:

  • Tá sonraí poist agus freagrachtaí ar leith aitheanta agus leagtha amach go soiléir do gach folúntas (íoctha nó eile).
  • Poist le hIMRAM a bheith fógartha go forleathan.
  • Déanfaimid gach iarracht an pearsanra ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí is fearr acu a earcú.
  • Beidh ar fhoireann IMRAM dul faoi phróisis iarratais.
  • Eagraíonn IMRAM imeachtaí go rialta i gcomhar le hÉigse Éireann agus Scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna agus rachaidh gach scríbhneoir páirteach sa Scéim faoi phróisis earcaíochta agus meantóireachta.
  • Roghnóidh painéal de bheirt ar a laghad gach ball foirne lánaimseartha IMRAM.
  • Tabharfaidh Stiúrthóir Féile Litríochta Gaeilge IMRAM nó Coiméadaí IMRAM na nÓg i gcomhar le Bord StiúrthóirÍ IMRAM cuireadh d’ealaíontóirí a bheith páirteach in imeachtaí IMRAM.
  • Ní earcófar aon duine a mheasfaí a bheith mar ‘riosca’ agus bheadh na cásanna seo a leanas san áireamh:
    • aon chiontuithe a bhaineann le leanaí ina leith
    • diúltú foirm iarratais agus foirm dhearbhaithe a shíniú
    • gan a dhóthain fianaise dhoiciméadach aitheantais a bheith ar fáil
    • eolas a cheilt ar oiriúnacht dhuine a bheith ag obair le leanaí
  • Beidh tréimhse phromhaidh chuí (trí mhí) i bhfeidhm d’fhoireann IMRAM.
  • Beidh ar bhaill foirne agus oibrithe deonacha cuí toiliú tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána agus lorgófar é seo i gcomhar le hÉigse Éireann atá mar an eagraíocht údaraithe chláraithe grinnfhiosrúcháin d’IMRAM.
  1. Bainistíocht Shábháilte Foirne

Chun leanaí, daoine óga agus baill foirne a chosaint, caithfidh baill foirne, oibrithe deonacha agus ealaíontóirí cuí

  • a bheith curtha ar an eolas faoi Chód Iompair, Oifigeach Ainmnithe agus Ról an Oifigigh Ainmnithe agus Nósanna Imeachta IMRAM maidir le cosaint leanaí;
  • Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga IMRAM a bheith léite acu;
  • tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.

D’fhostaithe IMRAM agus d’oibrithe deonacha cuí:

  • cuirfear ar fáil oiliúint ar chumhdach leanaí i gcomhpháirt le hÉigse Éireann (beidh ar oibrithe deonacha nach mbeidh ar fáil don oiliúint pácaiste eolais ar pholasaithe agus nósanna imeachtaí na heagraíochta maidir le cumhdach leanaí a léamh);
  • caithfear tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.

Tabhair faoi deara: aontóidh saorealaíontóirí cloí le Polasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga IMRAM, agus/nó caithfidh a bpolasaíthe féin a bheith de réir treoirlínte IMRAM.

  1. Páirtíocht Daoine Fásta Freagracha agus Roinnt Eolais

Tá Bord Stiúrtha IMRAM tiomanta i dtreo tús áite a thabhairt do leas an linbh/duine óg agus chun sin a bhaint amach:

  • Oibreoimid leis an múinteoir/leabharlannaí/duine freagrach fásta nó déanfaimid teagmháil le Tusla/an Gharda Síochána nuair atá imní ann faoi chumhdach agus leas linbh/duine óg.
  • Oibreoimid i gcomhpháirtíocht le daoine fásta freagracha de réir na dtreoirlínte atá leagtha amach ag IMRAM chun sábháilteacht leanaí a chinntiú.

Glacfaimid orainn féin:

  • Múinteoirí/leabharlannaithe/daoine fásta freagracha a chur ar an eolas faoinár bpolasaí um chumhdach leanaí.
  • Múinteoirí/leabharlannaithe/daoine fásta freagracha a chur ar an eolas faoinár n-imeachtaí agus imeachtaí ábhartha beartaithe.
  • Conradh/Foirmeacha Toilithe a eisiú nuair is cuí.
  • Cloí le cleachtais maidir le sláinte agus sábháilteacht.
  • Polasaithe leanbhláraithe a chur i bhfeidhm de réir dea-chleachtais.
  • A chinntiú, a oiread agus is féidir, go bhfuil imeachtaí IMRAM na nÓg go léir aoisoiriúnach.
  • Éascú a dhéanamh agus spreagadh a thabhairt do rannpháirtíocht mhúinteoirí/leabharlannaithe/daoine fásta freagracha, nuair is cuí.

Má tá imní orainn faoi leasa an linbh/duine óg:

  • Freagróimid do riachtanais an linbh/duine óg.
  • Cuirfimid múinteoirí/leabharlannaithe/daoine fásta freagracha ar an eolas ar bhonn leanúnach seachas sa chás go gcuirfeadh gníomh mar seo an leanbh/duine óg i mbaol.
  • Nuair atá imní maidir le cumhdach agus leas an linbh/duine óg, is gá dúinn an imní seo a chur ar aghaidh chuig Oibrí Sóisialta Tusla atá ar dualgas agus i gcás éigeandála, chuig an Gharda Síochána
  • I gcás gearáin in aghaidh ball foirne, cinnteoimid sábháilteacht an linbh/duine óg láithreach agus leanfaimid na nósanna imeachta leagtha amach thíos faoi ‘Déileáil le Droch-Chleachtas agus Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne’.

 

 

  1. Ag Déileáil le Droch-Chleachtas agus Líomhaintí in aghaidh Baill Foirne

 

Sa chás is go mbíonn líomhain déanta in aghaidh ball foirne, tá dhá nós imeachta ar leith a chaithfear a leanúint:

  1. An nós imeachta tuairiscithe a bhaineann leis an leanbh/duine óg
  2. An nós imeachta a bhaineann le deileáil leis an mball foirne sa chás is go bhfuil IMRAM ag plé go díreach leis an líomhain
  • Is é/í an tOifigeach Ainmnithe a bheas ag déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an leanbh/duine óg
  • Is é/í an Leas-Oifigeach Ainmnithe i gcuideachta le Bord Stiúrtha IMRAM a bheas ag déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an oibrí 

Sa chás is go bhfuil an Scoil/Leabharlann ag déileáil leis an líomhain:

  • Is é/í Oifigeach Ainmnithe na Scoile/Leabharlainne a bheas ag déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an leanbh/duine óg.
  • Is é/í Leas-Oifigeach Ainmnithe na Scoile/Leabharlainne i gcuideachta le Cathaoirleach Bhord Stiúrtha IMRAM a bheas ag déileáil le ceisteanna a bhaineann leis an oibrí.

Caithfear a chinntiú ar an chéad dul síos nach bhfuil aon riosca, a d’fhéadfadh a sheachaint, ag dul don leanbh/duine óg

  • Má tá líomhaintí déanta in aghaidh an Oifigigh Ainmnithe, téigh i dteagmháil leis an Leas-Oifigeach Ainmnithe.
  • Leanfar na Nósanna Imeachta Tuairiscithe mar atá leagtha amach anseo i gCuid a 3 thuas.
  • Caithfear tuismitheoirí/caomhnóirí/daoine fásta freagracha agus leanaí/daoine óga (aoisoiriúnach) a chur ar an eolas mar gheall ar ghníomhaíochtaí tógtha agus beartaithe.
  • Cuirfear an ball foirne ar an eolas a luaithe is féidir go bhfuil líomhain déanta ina (h)aghaidh agus an cineál líomhain atá déanta.
  • Tugfar deis don mball foirne freagra a thabhairt.
  • Cuirfear Cathaoirleach Bhord Stiúrtha IMRAM ar an eolas a luaithe is féidir.
  • Is i gcomhar le Tusla agus an Gharda Síochána a thógfar aon ghníomh maidir le líomhain faoi mhí-úsáid déanta in aghaidh ball foirne.
  • I ndiaidh comhairliúcháin, cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird comhairle ar an duine atá cúisithe agus leanfar nósanna imeachta aontaithe.
  • Leanfaidh Bord Stiúrtha IMRAM dea-chleachtas chomh maith agus rachaidh siad i dteagmháil le foireann Tusla atá páirteach le hadmháil a thabhairt agus le cinntiú go bhfuil an imní faighte acu.
  • Rachaidh an tOifigeach Ainmnithe i mbun gnímh de réir riachtanais an róil leis an duine atá cúisithe agus cuirfidh siad an Scoil/Leabharlann ar an eolas go bhfuil na nósanna imeachta seo á leanúint. 
  1. Nósanna Imeachta maidir le Gearáin agus Timpist
  • Cuirfear freagra ar ghearáin/tráchtanna taobh istigh de thrí seachtaine.
  • Beidh sé mar dhualgas ar an Oifigeach Ainmnithe, Siobhán Nic Gaoithín, aon ghearáin/tráchtanna a chur ar aghaidh chuig an duine cuí.
  • Déanfar taifead d’aon ghearáin ó bhéal agus cuirfear freagra orthu.

 

Nósanna Imeachta maidir le Timpistí (Ní bheidh sé seo i gcónaí infheidhme ach nuair atá, cuirfear na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm)

  • Beidh ar eagraíochtaí seachtracha fianaise a chur ar fáil go bhfuil árachas dliteanais phoiblí acu.
  • Beidh boscaí garchabhracha ar fáil agus déanfar iad a athstocáil go minic.
  • Beidh fáil ar gharchabhair de réir nósanna imeachta na scoile/leabharlanna/ionad óstála.
  • Beidh fáil go héasca ar bhoscaí garchabhracha agus leabhair theagmhais agus beidh siad lipéadaithe go soiléir.
  • Cuirfear comhairle ar leanaí/daoine óga maidir le haon riosca a bhaineann le hábhair dhainséaracha.
  • Má bhíonn riosca ag baint le haon treallamh in úsáid, déanfar taifid agus cur síos ar na céimeanna chun an riosca sin a laghdú.
  • Nuair is cuí, tógfaidh IMRAM freagracht maidir le garchabhair ar aon turais.

Tabhair faoi deara: caithfear taifead a dhéanamh d’aon eachtraí/timpistí a bhaineann le leanaí agus caithfear an bhainistíocht a chur ar an eolas a luaithe is féidir.

  1. Ag Déileáil le Leanaí Caillte

Seo treoirlínte ginearálta maidir le déileáil le leanaí atá caillte. Baineann siad seo le himeachtaí in ionaid IMRAM agus le himeachtaí seachtracha:

  • Cé go moltar nár chóir d’fhostaí/oibrí deonach nó ealaíontóir a bheith ar a n-aonar le haon leanbh/duine óg, aithnítear nuair atá leanbh caillte agus ar strae, go gcaithfidh an fostaí déileáil leis an gcás láithreach.
  • Má tá leanbh caillte, ba cheart don fhostaí fiafraí don leanbh cá háit a bhfuil na tuismitheoirí/duine fásta freagrach agus iarraidh ar an leanbh é/í a thabhairt chucu.
  • Má aimsíonn an fostaí na tuismitheoirí/duine fásta freagrach, ba cheart don fhostaí a chur in iúl dóibh go bhfuil sé de dhualgas orthu súil a choinneáil ar an leanbh agus iad san fhoirgneamh.
  • Mura n-éiríonn leis an bhfostaí na tuismitheoirí/duine fásta freagrach a aimsiú san fhoirgneamh, ba cheart don fhostaí an leanbh caillte a thabhairt go dtí an bpríomhdheasc fáiltithe.
  • Níor cheart don fhostaí, i gcás ar bith, an leanbh a thabhairt isteach in oifig/seomra folamh.
  • Más gá, cuir fios ar an Gharda Síochána agus cuir ar an eolas iad faoin gcás.
  • Má tá an fostaí ina aonar leis an leanbh, caithfidh sé/sí dul i dteagmháil le comhghleacaí chun fanacht ina dteannta go dtí go n-aimsítear na tuismitheoirí/duine fásta freagrach nó go dtagann na Gardaí.
  1. Cur i bhFeidhm:

 Aithnímid gur próiseas leanúnach é seo. Tá IMRAM tiomanta don Pholasaí um Chumhdach agus Leas Leanaí agus Daoine Óga seo agus na nósanna imeachta atá leagtha amach chun sábháilteacht agus cosaint leanaí agus daoine óga a chinntiú.

Chuige sin, déanfar athbhreithniú orthu uair amháin in aghaidh na bliana chun aon athruithe sa reachtaíocht a chur san áireamh agus chun dea-chleachtas a dheimhniú.

 

Oifigeach Teagmhála Ainmnithe: Siobhán Nic Gaoithín, Cóiméadaí IMRAM na nÓg,

+353 868361037, [email protected]

 

Leas-Oifigigh Teagmhála Ainmnithe:

Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM, +353 872912797, [email protected]

Bríd Ní Ghruagáin, Cathaoirleach Bhord IMRAM, +353 87 4181738, [email protected]

Share via
Copy link