Nuacht

News

Údar faoi Agallamh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh

6:30pm Dé hAoine 3 Bealtaine

FIRST FRIDAYS ag MOLI, 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2

Saor in Aisce

Seolfar Údar faoi Agallamh, sraith gearrscanánn ina gcuireann Cearbhall Ó Síocháin agallamh ar údair chomhaimseartha na Gaeilge ag ócáid FIRST FRIDAYS ag 6:30 i.n. Dé hAoine 3 Bealtaine i MOLI, 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, nuair a thaispeánfar an t-agallamh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh. 

 Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta Péacadh.  Ag scríobh faoi Tost agus Allagar, dúirt Nuala Ní Dhomhnaill: ‘Is leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh géar agus chomh gléineach tríd síos gur cúis bróid do, é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine, gan trácht ar an duine aonair…Tá an fhírinne shearbh againn anseo, ach mar a thug Emily Dickinson comhairle duinn fadó, í ar sceabhadh’.  Fuair cnuasach dátheangach léi The Coast Road ardmholadh ó Nuala Ní Dhomhnaill chomh maith: ‘féasta don tsúil agus sólás don chroí’.

Féile

Festival

 

Baile

Home

 

Teagmháil

Contact

Baile

Home