Tháinig dhá long i dtír i nDún na Séad in Iarthar Chorcaí sa bhliain 1901. Long ó Oileán Cléire ba ea ceann amháin díobh, agus b’as Oileán Mhanann don cheann eile. Chuaigh iascairithe ón dá long ag ól le chéile, mar a dheineann, i gceann de na tithe tábhairne suaracha sin i nDún na Séad