Foireann IMRAM

Meet the IMRAM team

BORD STIÚRTHA IMRAM

FIONNUALA NÍ DHÚGÁIN

Is abhcóide í Fionnuala Ní Dhúgáin a chleachtann an dlí sibhialta le speisialtóireacht sa dlí tráchtála agus sa dlí talún. Bhain sí amach céim sa dlí ó Choláiste na Tríonóide agus Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ó OE Gaillimh roimh staidéir in Óstaí an Rí. Glaodhadh chun an bharra in Éirinn í sa bhliain 2005 agus chun an bharra i Sasana agus sa Bhreatain Bheag i 2013. Dáta tosaithe: 24 Bealtaine 2021.

BREANDÁN Ó CAOLLAÍ

Bleá Cliathach é Breandán ón gCabrach Thiar. Ní raibh aon Ghaeilge sa mbaile aige agus ba a mhúinteoir bunscoile, Dessie Ryan, a  spreag a ghrá don teanga a mhéadaigh as cuimse tar éis scoláireachtaí a bhronn an ITGWU air le dul siar go Coláistí Chois Fharraige.  Ghnóthaigh sé BA agus A.T.O.(UCD), Dioplóma in Oideachas Aosach (Maigh Nuad), MA sa Riarachán Poiblí (IPA) is MA sa Ghaeilge Fheidhmeach (DIT). Chaith sé tréimhsí ag obair le Ógras, Bord na Gaeilge is an Roinn Oideachais. Chaith sé 34 bliain san Roinn Gnóthaí Eachtracha, 20  bliain thar lear in Ambasáidí is Ard-Chonsalachtaí: Londain, An Bhruiséil, An Róimh, Nua Eabhrac, Boston is Canberra na hAstráile.

Thar lear, bhain sé úsáid as an teanga i gcónaí le cur le tuiscint a lucht éisteachta ar shaibhreas teangacha na hÉireann agus le comhbhá le teangacha bundúchasacha a léiriú. Ghlac sé gach deis cultúr agus litríocht Gaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt i measc diaspora na hÉireann agus pobal dúchasach na tíre ina raibh sé.

CORMAC DE BARRA

Is ceoltóir proifisiúnta agus léiritheoir/láithreoir teilifíse é Cormac a rugadh is a tógadh i mBaile Átha Cliath. Fuair sé oiliúint sa cheol óna sheanmháthair, an cruitire agus amhránaí, Róisín Ní Shé.

Mar chruitire, tá Cormac tar éis taisteal is taifeadadh le cuid de mhór-cheoltóirí na hÉireann, Moya Brennan, Brian Kennedy, Máire Breatnach, The Chieftains, Julie Feeney, Anne-Marie O’Farrell agus Clannad ina measc. 

Chomh maith lena chuid ceoil, tá Cormac ag obair sna meáin in Éirinn le tríocha bliain anois ar chláracha do TG4, RTÉ agus Sky Arts.

Chuir sé an tsraith ealaíne ‘Imeall’ i láthair ar feadh trí bliana ar TG4 agus bhí sé ina  chomhairleoir scripte ar an scannán TARRAC le haghaidh Cine4.

Tá sé i mbun Dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh faoi láthair ar athbheochan na cruite sa 20ú aois.

LIAM Ó MAOLAODHA

Bleá Cliathach ó thús é ach tá sé ag cur faoi i gConamara le scaitheamh de bhlianta. Bhí sé ar feadh beagnach fiche bliain i gceannas ar Choláiste na bhFiann nó gur ceapadh é mar Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge i 1996 agusis ann a chríochnaigh sé a shaol oibre i 2021. Bhí plé go leor aige le féilte Cheilteacha eile, An Mód, Eisteddfod, Féile Interceltique Lorient agus le bunú Oireachtas Gaeilge Cheanada. Rinne sé ionadaíocht don Oireachtas ar an iliomad Coistí a bhí ag plé le cur chun cinn na Gaeilge agus na healaíon traidisiúnta teangabhunaithe ach go háirithe. Feictear go minic anois é ar chúrsaí Ghailf ar fud cúige Chonnachta. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

 

CORMAC Ó DÚLACHÁIN

Is Abhcóide Sinsearach é Cormac ó 2002 agus tá sé ina Chathaoirleach ar Cumann Barra na Gaeilge. Tá céim MA bainte amach aige le deireanas i Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge. Tá ceangal tharr na blianta aige le mórán eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta agus bhí sé gníomhach ar coistí gaelscoileanna. Tá suim faoi leith aige sa drámaíocht. Tá sé gníomhach leis na Gasóga Mara. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

CATHAL PÓIRTÉIR

(Cathaoirleach)

D’fhill Cathal Póirtéir mar chathaoirleach ar Bhord Imram mí na Beataine 2022 le cuidiú le forbairt na féile. Chaith sé roinnt bliana mar chathaoirleach ar Imram sna blianta tosaigh agus tá sé ag cuidiú le himeachtaí na féile ó shin. Is scríbhneoir agus craoltóir é a chaith 30 bliain mar léiritheoir raidió le RTÉ agus tá leabhair agus dlúthdhioscaí foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla, fiscean, neamh-fhiscean, drámaí agus filíocht san áireamh. Tá gradaim éagsúla bronnta air dá shaothar mar chraoltóir agus scríbhneoir, Buaic-ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge agus bonn óir ag na PPI Media Awards ina measc.

Bhain sé bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas agus tá céim MA sa Bhéaloideas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, chomh maith le diploma ollscoile i Stair na Péintéireachta Eorpaí.

Tá sé gníomhach ar choiste stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gailge ón tús agus tá sé ar choiste Chumann le Béaloideas Éireann, ar bhord Raidió na Life agus ar Chuideachta Gael-Linn. Chaith sé roinnt blianta ar bhord stiúrtha Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus bíonn léirmheasanna rialta ar leabhair Ghaeilge á scríobh aige do Books Ireland. Dáta tosaithe: 24 Márta 2022.

MUIRIS Ó FIANNACHTA

Craoltóir agus ceoltóir é Muiris Ó Fiannachta. Oibríonn sé go lánaimseartha mar Bhainisteoir Stáisiúin Raidió na Life. Tá gradam idirnáisiúnta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ buaite ag Raidió na Life ag Féile idirnáisiúnta na Meán Ceilteach faoi dhó faoina stiúir. Bíonn sé ag léachtóireacht go páirtaimseartha i gcúrsaí na meán cumarsáide le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé roimhe seo i Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ agus sna comhlachtaí léiriúcháin teilifíse Animo TV agus Adare Productions. Tá céim aige sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis ó Ollscoil Mhaigh Nuad agus tá sé i mbun Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht leis an ollscoil chéanna faoi láthair. Tá sé paiseanta faoin gceol agus seinneann sé an giotár, dordghiotár, roinnt pianó/méarchlár agus ligeann sé air gur féidir leis roinnt buillí bunúsacha a sheinm ar na drumaí! Rac-cheol crua agus miotal trom is mó a thaitníonn leis. Bhí sé ina bhall de Choiste Comhairleach Gaeilge Údarás Craolacháin na hÉireann & Fhoras na Gaeilge ó 2019 go 2021 agus chaith sé tréimhse ar Choiste náisiúnta CRAOL/Raidió Pobail Éireann. Dáta tosaithe: 31 Bealtaine 2022.

Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

ALAN TITLEY

Úrscéalta, gearrscéalta, fabhalscéalta, filíocht, drámaí stáitse agus raidió, scripteanna teilifíse, aistriúcháin, colúin, aistí agus scoláireacht scríte aige. Duaiseanna liteartha bainte aige san Oireachtas, fara Duais Pater don drámaíocht ón Astráil, Stewart Parker Award ón BBC, duais Eilís Dillon don scríbhneoireacht do dhaoine óga agus gradam ón Irish-American Cultural Institute.

Léiríodh drámaí leis in Amharclann na Mainistreach, Amharclann na Péacóige agus Amharclann Samuel Beckett agus aistríodh ceann díobh, Tagann Godot, go hIodáilis, Fraincis, agus Rúisis a léiríodh in Cív na hÚcráine. Chuir cláir litríochta i láthair ar RTÉ agus scríobh sé agus chuir sé i láthair Scéal na Gaeilge do TG4. D’aistrigh sé Cré na Cille an Chadhnaigh go Béarla faoin teideal The Dirty Dust, fara saothair eile dá chuid.

 Chaith sé cúig mbliana fichead ina Cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach (NUI agus DCU) sular ceapadh ina Ollamh le Nua-Ghaeilge é in UCC a bhfuil sé ina ollamh emeritus ann anois. Seal caite, leis, aige ina ollamh cuarda in Ollscoil Uladh. Suim aige i ngach gné de litríocht na Gaeilge, agus cur amach aige chomh maith ar éigse Ghaidhlig na hAlban.

Corcaíoch ó dhúchas ó shráideanna na cathrach. Dáta tosaithe: 24 Bealtaine 2021.

GRÁINNE NÍ GHILÍN

Feirsteach í Gráinne Ní Ghilín a bhfuil céim bainte amach aici sa Ghaeilge agus sa Cheol ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, mar aon le Teastas Iarchéime san Oideachas ó Choláiste Ollscoile Naomh Mhuire, Béal Feirste agus Máisteacht i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na Banríona. Chaith sí dhá bhliain mar eagarthóir ar An tUltach mar aon le bliain amháin i mbun múinteoireachta i mBunscoil Bheann Mhadagáin. Is aistritheoir Gaeilge creidiúnaithe í agus tá sealanna caite aici ag obair mar léachtóir Gaeilge in Ollscoil na Banríona agus in Ollscoil Uladh. Bhí sí mar Léiritheoir ar an ábhar Gaeilge sa churaclam digiteach a rinne an BBC agus d’oibrigh sí in Europus ar an Cheathrú Rua mar fhotheidealóir agus aistritheoir. Is gníomhaí í ar son cearta teanga agus is ball gníomhach í den Dream Dearg. Is í Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, ionad ealaíon bisiúil Gaeilge atá suite i gcroílár Cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste.  

EMMA NÍ CHEARÚIL

Is craoltóir agus cruthaitheoir í Emma Ní Chearúil. Faoi láthair tá sí ag obair mar léiritheoir ar Splanc (Newstalk), agus mar bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá. Tá ainmniúcháin agus gradaim bainte amach aici ó CRAOL, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, IMRO, agus ag Féile na Meán Ceilteach. Le cloisteáil i mbun cainte faoi chúrsaí ceoil ar Bladhaire (Raidió na Gaeltachta), ar Raidió na Life, ar Newstalk, agus is léirmheastóir cultúir í le Tuairisc.ie. Tá scríbhneoireacht – prós agus filíocht – dá cuid foilsithe in Comhar, agus Aistí ar an Aer ar Raidió na Gaeltachta. Tá an-taithí ag Emma i réimse na meáin shóisialta, agus cruthaíonn sí ábhar d’Oireachtas na Gaeilge agus dreamanna eile. Dáta tosaithe: 6 Meán Fómhair 2022.

STIÚRTHÓIR

Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

LIAM CARSON

Is stiúrthóir na féile litríochta Gaeilge IMRAM é Liam Carson. Is scríbhneoir agus léirmheastóir é chomh maith, is foilsíodh a chéad leabhar, Call Mother a Lonely Field, sa bhliain 2010. Scríobhann sé go rialta d’iris Éigse Éireann/Poetry Ireland Review, is foilsíodh aistí agus dánta leis sna hirisí New Hibernia Review, Seashores, Presence, Irish ReviewComhar agus An Guth.


BAINISTEOIR

MAJELLA NÍ CHRÍOCHÁIN

Tá os cionn 35 bliain caite ag Majella ag obair sna réimsí ealaíon, cumarsáide, cultúir, oideachais, forbairt phobail agus forbairt tuaithe.  Tá iliomad imeachtaí cultúir agus ealaíon reáchtáilte aici thar na blianta, féilte ealaíon, féilte leabhar agus tréimhsí cónaitheacha ina measc. Tá saothar úr ealaíon coimisiúnaithe aici ó scríbhneoirí, ó cheoltóirí, ó fhísealaíontóirí, ó dhrámadóirí agus ó chóiréagrafaithe. Nuair nach bhfuil sí ag plé leis na healaíona, is breá léi a bheith ag rith, ag rothaíocht agus ag snámh.

 

Fúinn

About Us

Rialachas

Governance

Folúntais

Job Vacancies
Share via
Copy link