Nuacht

News

IMRAM FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 2023

18–21 Deireadh Fómhair agus 10–18 Samhain

BÍGÍ LINN!

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i mbliana beidh léamh drámata den leagan Gaeilge de Dracula, léirithe ag Aisling Ghéar, le ceol dorcha cumtha ag Muiris Ó Fiannachta; Turas Anama (Winterreise le Schubert as Gaeilge ), curtha i láthair ag Caitríona O’Leary agus a banna ceoil; Feistis an tSaoil, dráma dhátheangach leis an bhfile Áine Moynihan; Emain Ablach leis an bhfile Aifric Mac Aodha agus ceol le Neil Ó Lochlainn; Siúracha na Gealaí Caillte, seó filíochta ceolmhar a dhúisíonn pearsa laochta an fhaolchú mar bhandia – le dánta le Dairena Ni Chinnéide, agus ceol le Nick Roth agus Olesya Zdorovetska; agus Tá an tAer Féin Trí Thine, seó ilmheánach a fhiosraíonn géarchéim na haeráide, faoi stiúr ag Úna Monaghan, réaltfhisiceoir, cláirseoir, cumadóir agus ealaíontóir fuaime.

IMRAM na nÓG 2024

7–11 Bealtaine 2024

Ceardlanna agus seóanna le scoth na scríbhneoirí do pháistí, i leabharlanna thart timpeall Bhaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin!

 

IMRAM Cois Cuain    

Eanáir–Meitheamh 2024

Sraith imeachtaí ilmheán litríochta i gcathair Bhéal Feirste.

Share via
Copy link