“Tá dírbheathaisnéisí na Gaeltachta abhus breac le tuairiscí ar an gcomhthuiscint ag Gaeil Alban, Éireann agus Manann ar a chéile; … is samhlaoid iad ar an dtuiscint níos fairsinge gur bhain siad tráth dá raibh leis an aon phobal teangan amháin.”
‘Is féidir a shamhlú go mairfeadh ríochtaí, nó níos fearr fós, poblachtaí Gaelacha gan aon róléim intinne a dhéanamh; agus má théann díot an méid sin a shamhlú is féidir ar a laghad ligean do mheabhair smaoineamh gur mhair an Ghaeilge sna tíortha seo…’
ALAN TITLEY
NA GAEILGÍ LEOCHAILEACHA AGUS AN SCRÍBHNEOIR
Tháinig dhá long i dtír i nDún na Séad in Iarthar Chorcaí sa bhliain 1901. Long ó Oileán Cléire ba ea ceann amháin díobh, agus b’as Oileán Mhanann don cheann eile. Chuaigh iascairithe ón dá long ag ól le chéile, mar a dheineann, i gceann de na tithe tábhairne suaracha sin i nDún na Séad nach raibh caoi ag lucht health agus safety é a dhúnadh san am.
Duine de na hiascairithe sin ba ea Conchúr Ó Síocháin as Cléire, agus san dírbheathaisnéis aige Seanchas Chléire eachtraíonn sé:
‘Tharla go raibh stróinséarach ina shuí ar an suíochán in aice liom. Is orm a bhí an ionadh nuair a labhair sé Gaeilge liom gur shamhlaíos difir inti seachas an Ghaeilge a bhí agam féin. Is cuimhin liom aon ní amháin gur “cabhall” a thugadh sé ar chapall, agus gur “sligeach” a bhí aige ar choirce. Ach chainteoimis le chéile sa deireadh díreach mar ba mhaith linn é. D’fhiafraíos de cad as é agus dúirt sé liom gurbh ó Oileán Mhanainn é, agus gurbh iascaire é i gceann des na báid sin amuigh sa chuan.’
Níl a fhios againn cérbh é an Manannach, ach tharlódh, agus níl sa mhéid seo ach samhlú, gurbh é Ned Beg Hom Rua é, a chaith tamall fada ag iascach timpeall ar chontae Chorcaí agus a d’fhág scéalta farraige againn sa leabhrán aige Skeelyn ‘sy Ghailck. Nó arbh é an cainteoir dúchais deiridh féin é, mar a mhaítear, Ned Maddrell a raibh cailín aige ar feadh trí mbliana ann is as sa cheantar céanna in Iarthar Chorcaí mar a d’eachtraigh sé é: ‘Ren mee veeteil ineen aynshyn, as va mee sooree son bunys tree vleentyn’. Iascaire agus fear farraige chomh seolta le duine ar bith ba ea é.
Fear eile ón gceantar céanna le Conchúr Ó Síocháin, Seán Ó hAodha as Cairbre, iascaire eile fós, tugann cuntas dúinn ar eachtra a tharla dhó féin in Inis Mór Árann le fear báid eile as Inse Gall. Nuair a tharla géarchéim gaoithe agus farraige liúigh fear na hAlban ina theanga féin nár thuig aon duine sa cheart é seachas Seán Ó hAodha amháin. Cuireann Ó hAodha a chuid Gaeilge féin ina bhéal: –
‘Ó, adúirt sé, ba cheart díbh náire a bheith oraibh! Ná tuigeann sibh úr guid Gaeilge féinig,’ aduairt sé, ‘ins an áit seo? Féach an fear aneas,’ aduairt sé…’mar ar thuig sé mé agus mar a scaoil sé an téad dom!’
Ar eagla go gceapfadh daoine go mbaineann seo le Corcaigh amháin, tá cuntas ag Padaí Láidir Mac Culaidh ag Gaeltacht Thír Eoghain mar a bhí siad in ann muintir na hAlban a thuiscint sa Ghaidhlig agus iad ag obair sa chomplacht chéanna leo. Go deimhin, tá dírbheathaisnéisí na Gaeltachta abhus breac le tuairiscí ar an gcomhthuiscint ag Gaeil Alban, Éireann agus Manann ar a chéile; agus bíodh is go bhfuil amhras éigin orm maidir leis an dtuiscint chéanna ar aon leibhéal lasmuigh de bheannachtaí an lae nó na hoíche, is samhlaoid iad ar an dtuiscint níos fairsinge gur bhain siad tráth dá raibh leis an aon phobal teangan amháin.
Ní hé branar na cainte seo dul siar ar na ceangail ná ar na tuiscintí sin. B’fhéidir gur leor an teideal féin lena mheabhrú go raibh na tuiscintí sin riamh ann: go raibh an Ghaeilge mar shnáth cheangail idir phobail éagsúla ar iompaigh má na staire ina gcoinne.
Sa dán iontach sin ‘Míle Marbhfháisg air a’ tSaoghal’ a chum Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair tar éis na tubaiste in 1746 – bíodh is go mbaineann sé leis an amadán úd, Séarlas Óg, nó Bonny Prince Charlie, gamal ríogúil má bhí gamal ríogúil riamh ann, agus bhí – caoineann sé go bhfuil ‘Cuibhl an ‘fhortain orainn air caochladh’, tá roth na staire casta inár gcoinne; agus ar nós go leor d’fhilíocht na Gaeilge tar éis an scriosta dhóibh, ní léir mórán dóchais dó.
Níl mise ar an té is mó is gean leis an stair mhalartach, nó ailtéirneach, an stair a fhiafraíonn cad a tharlódh sa chás is gur tharla seo seachas é siúd: srón Chleopatra a bheith níos giorra, an piléar sin a bhain an cloigeann de St Ruth in Eachdhroim a bheith iomrallach, an bua a bheith ag na Peirsigh ag Thermopolae, dá marófaí Hitler sa timpist bhóthair sin a bhí aige sa bhliain 1930… Tá sé deacair go leor a fhios a bheith agat cad a tharla, gan an rud ab fhéidir a tharlódh a bhac. Is í is stair ann cuntas ar na nithe sin go léir nár ghá gur tharla siad. Ina choinne sin thall, ní raibh sé i ndán ó thús na cruinne go seargódh an Ghaeilge ó bheith leata ó cheann ceann na hAlban (seachas cúpla cúinne), na hÉireann agus Mhanann, abraimis, san 13ú haois, agus go mbeadh sí ar imill na gcríocha sin anois. Is féidir a shamhlú go mairfeadh ríochtaí, nó níos fearr fós, poblachtaí Gaelacha gan aon róléim intinne a dhéanamh; agus má théann díot an méid sin a shamhlú is féidir ar a laghad ligean dod mheabhair smaoineamh gur mhair an Ghaeilge sna tíortha seo, mar a dhein teangacha eile a bhí faoi chois agus a bhí faoi mhíbhuntáistí móra ar feadh na gcéadta bliain.
Dá mairfeadh is dócha go mbeadh trí theanga Ghaeilge fós againn, mar is cinnte go leithreoidis óna chéile ar shlí amháin nó eile, ach go mbeadh comhthuiscint fairsing go leor eatarthu, mar atá, cuir i gcás idir na teangacha Lochlannacha inniu, an tSualainnis, an Danmhairgis agus an Ioruais, nó abraimis idir an Phortaingéilis agus an Gailicis, nó cuid de na teangacha Turcacha, deir mo chuid spiairí liom. Ní slán go hiomlán aon cheann de na comparáidí seo, ach tuigtear a bhfuil i gceist agam.
Ach d’imigh sin, agus tháinig seo; d’imigh an saol an t-ádh, agus sinne an mí-ádh. Is deacair a rá cathain go díreach a briseadh an ceangal. Beidh a chuid dátaí féin ag gach duine.
Tá’s againn nuair a d’aistrigh Seon Carsuel ‘Foirm na n-Urrnuigheadh’, an chéad leabhar Gaeilge a clóbhuaileadh riamh, i nDún Éideann sa bhliain 1657, gur chun úsáide na hAlban agus na hÉireann araon é. Dealraíonn go bhfuair Aodh Mac Aingil oiliúint fad trí mbliana ó 1589-92 ar Oileán Mhanann, agus tar éis dó oideachas bardscoile a fháil roimhe sin, ní féidir nach raibh sé páirteach ar shlí éigin le héigse an oileáin sin, in ainneoin nach bhfuil aon taifead againn air. Go deimhin, is féidir áit dhúchais Mhic Aingil a fheiscint ó Oileán Mhanann i gCo an Dúin, nó Manann a fheiscint óna áit dhúchais féin, ach an aimsir a bheith i gceart. Sin tuairim is lá amháin nó dhá lá sa bhliain.
Agus cad eile atá san ‘aisling’ ach éileamh mór fada an aosa éigse go bhfillfeadh Rí Albanach chun fóirithint orthu, agus orainne, idir Aogán Ó Rathaille agus Sheán Clárach agus Sheán Ó Coileáin. Ní mór ná go bhféadfá sciar maith mór d’fhilíocht Sheacabíteach na hAlban a bhualadh anuas ar fhilíocht pholaitiúil na Gaeilge sa tréimhse chéanna, agus ar éigean difear ar bith a bheith eatarthu. Go deimhin féin, b’é Alasdair Mac Dhómhnaill, Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair, an file deireanach in Albain a raibh scríobh na Gaeilge aige sa tseanpheannaireacht, is é sin, sa ‘chló Gaelach’ nó sa lámh Ghaelach, más maith leat. Agus ní de thimpist a ghluaiseann a mhórdhán ‘Birlinn Chlainn Dhomhnaill’ ó Albain go hÉirinn, mar a bheadh an ceangal á dhearbhú arís aige tar éis na stoirme, tar éis an tséideáin bhruithne a ghabh stealladh air. Athchruthú ar thuras birlinne, nó loinge, idir Alba agus Éire agus ar samhail nó comhartha é ar an gceangal cultúir, polaitíochta is creidimh idir an dá thír, ceangal a bhí á réabadh fad is a bhí sé ag scríobh.
Tá an chuma air gur thiteamair chun díchuimhne ar a chéile i rith an chuid is mó den 19ú haois – an aois is dearóile is stair na hÉireann, mar a mhaígh Máirtín Ó Cadhain, agus an ceart aige. Thosnaigh Éire ar an nGaeilge a mhalartú ar leagan nua Francach den chreideamh Caitliceach. Chrom Gaeil Alban ar chlasú le himpireacht na Breataine ar lean tubaistí móra dóibh ina dhiaidh sin. Maireann fealsúnacht na himpireachta i gcónaí san nath cáiliúil a d’úsáid an Ginearál Wolfe san ionsaí a bhí á dhéanamh ag Arm na Breataine ar Quebec sa bhliain 1759 nuair a shocraigh sé na saighdiúirí Gaelacha as Albain a chur i dtosach an chatha agus mhaígh: ‘It would be no great mischief if they fall’.
Níor briseadh an nasc go hiomlán, áfach. Fuair Máire Mhór nan Óran ón Eilean Sgitheanach, file a goineadh chun filíochta de thoradh éagóra, spreagadh agus misneach ó chogadh na talún in Éirinn; agus tá dán cáiliúil mar gheall ar dhroch-chás na hÉireann san 19ú haois ag an bhfile Albanach Uilleam MacDunléibhe ‘Éirinn ag gul’ ina dtráchtannn sé ar – ‘Gort is brón is ana-cheart’ i meadaracht ar mhacalla é d’fhilíocht na teanga clasaicí. Ó thaobh ábhair ba dhóigh leat gur Raiftearaí féin a bhí ann. Ní cás beag dár n-aire gurbh as oileán Íle d’Uilliam MacDunléibhe, oileán as ar féidir cósta Aontrama a fheiscint níos minicí ná mar is féidir Contae an Dúin a fheiscint as Manainn.
Ina choinne sin, nuair a tosnaíodh ar an eachtra a dtugaimid ‘Athbheochan na Gaeilge’ anois air abhus, is beag aird a tugadh ar mhuintir na nGaeilgí eile. Is laistigh de thuiscint náisiúnach a bhíothas ag obair. Is deacair é sin a lochtú orthu. Is laistigh de thuiscint fhrithnáisiúnach a bhí an Ghaeilge á bascadh, agus ní thógfaí ar dhaoine dá mba go suífí an freasúra san aon chró amháin.
Is minic anois go ndearfadaimid gur turas mór fionnachtana ba ea athbheochan na Gaeilge, agus an renaissance Éireannach trí chéile. Bhíomar ag cur eolais orainn féin. Lasmuigh de bhuíon bheag scoláirí bhí an pobal mór aineolach ar litríocht na Gaeilge, go deimhin, go raibh an Ghaeilge ann in aon chor. Cuardaigh leat trí nuachtáin na 19ú haoise, tús, lár nó déanaí na haoise féin roimh na blianta deireanacha ar fad, agus ar éigean go mbeadh a fhios agat go raibh an teanga seo againne á labhairt ag níos mó de leath an phobail i dtosach, nó ag breis agus milliún duine tar éis an ghorta. Bearta réabhlóideacha oideachais agus eolais, mar sin, ba ea na foilseacháin a chuir na Cumainn Léannta amach san aois dhearóil sin idir Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge féin, fág nár shroich siad formhór an phobail. Ar leith amháin, bhí polaitíocht leamh Pharnell ag stiúradh an dioscúrsa phoiblí, ach laistiar di, bhí ainmhí eile ag boirbeáil aníos, mar adúirt FSL Lyons, ainmhí a bhí níos sine, agus níos nua-aimseartha le chéile, ainmhí fíochmhar an náisiúin stairiúil.
Is deacair smaoineamh ar aon tréimhse inar mhó an plé a déanadh ar cad tá i gceist againn le cultúr, le teanga náisiúnta, le neamhspleáchas machnaimh, le cad is fiú stát, le cá bhfuilimid ag dul, cad is fiú rud ar bith ná an tréimhse sin nuair a bhí Fáinne an Lae, agus An Claíomh Solais, agus The Leader agus The Freeman’s Journal agus eile in airde láin. Níl aon phioc de sin ann inniu. Eacnamaíocht ar fad agus tincléireacht bhunreachta is ea an dioscúrsa poiblí. B’fhéidir nach raibh plé náisiúnta ann ó aimsir Hibernia i 70í na haoise seo caite, ná ó ding deaing an Bell roimhe sin.
Ach fad is a bhí suathadh mór na hathbheochana ar siúl, ‘that great stir of thought that led to the foundation of the Irish free state’ mar a thug Lady Gregory air, ba dhóbair dearmad a dhéanamh ar na Gaeilgí eile.
Ní deighilt Éireannach amháin a bhí ann, gan amhras, mar ba dhóigh leat go raibh leisce ar Ghaeil na hAlban an nasc a aithint chomh maith céanna. I gceann de na chéad úrscéalta Gaidhlig riamh nochtar carachtar dúinn, agus samhlaíonn tú ar shlí éigin nach bhfuil an t-údar neamhbháúil leis, a áitíonn lándáirire gur de na Pioctaigh cultúr dúchais na hAlban gan spleáchas d’Éirinn. Ar an gcuma gcéanna, cíorann T.F. O’Rahilly tuairimí scoláirí Albanacha a d’áitigh gur fhás an Ghaidhlig in Albain beag beann ar Éirinn, amhail is dá mbeadh eagla orthu an chomaoin is lú ar a chéile a admháil. Ach mar adeir Kenneth Jackson, ‘this would have been news to Gaelic speakers as the connection of their culture with Ireland was common knowledge in the ‘Highlands.’ Is dóigh liom féin gurb é seo an drámh, an pointe, an ponc, an t-íochtar ar fad san diúltú eolais idir Éire agus Alba.
Is de shuimiúlacht, áfach, gurb é an míniú a thugann an Duinníneach ar an bhfocal ‘Gaeltacht’ sa chéad eagrán dá fhoclóir cáiliúil a tháinig amach sa bhliain 1904: ‘the state of being Irish or Scotch’. Is é sin le rá gur trácht aitheantais seachas trácht áite atá in uachtar, agus go ndearbhaítear an ceangal sin mar phríomhchiall an fhocail.
Is féidir, gan amhras, coinnle geala nó coinnle fanna a lorg is a fháil pé áit is mian leat. Sa tsuathadh intleachtúil mór sin is fíor nár dearmadadh na Gaeil eile. Ach fonóta ba ea iad le fírinne. Déanadh léirmheasanna ar leabhair Ghaidhlig in Irisleabhar na Gaedhilge ón tús, bíodh go raibh a bhformhór gairid, grod agus giorraisc. Tugadh cuntais ar an Mód, leis, cé nach bhféadfá a rá gurbh eiseamláir riamh é don Oireachtas.
Choinnigh Fáinne an Lae leathshúil ar a raibh ar siúl sna tíortha ‘Ceilteacha’ eile, agus d’fhoilsigh ábhar sa Ghaidhlig is sa Mhanainnis araon, dá mba bheag féin é. Mar adúirt eagarfhocal sa bhliain 1899: ‘Let us welcome the Manx nation into our Celtic brotherhood. It is small, but it is sturdy and vigorous. There is a Celtic fire still burning among the embers.’ Agus mar a tharla, ba mhó ba shiniciúla iad faoin gceangal leis an mBriotáin agus leis an mBreatain Bheag. Maidir leis an Eisteddfod agus leis an bPan-Cheilteachas, d’áitigh scríbhneoir amháin agus a theanga ina phluc aige ag caint ó na fiacla amach: ‘Possibly to put Fionn at his ease … the Irish pan-Celts should present their invitation in Old Irish of the early tenth century’.
In ainneoin na heaspa tuisceana bhí báidhiúlacht i gcónaí ann. Tadhg Ó Donnchadha, nó Tórna, a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gCorcaigh, agus a thuig go leor faoi cheird an aistriúcháin, agus dá réir sin, na litríochta, thug sé ardmholadh do shaothar Gaidhlig le hIain MacCormaig, duine de chéad úrscéalaithe sa teanga sin.Feiceann tú anois amuigh ansin leabhair a bhfuil teidil orthu ar nós, 1000 books you must read before you die. Is féidir liom a rá nach bhfaca mé leabhar ar bith le hIain ar a bhfuaid. Go deimhin, d’fhéadfá 100,000 books you must read before you die a fhoilsiú, agus ní bheadh leabhar ar bith le hIain MacCormaig ina measc. An rud adúirt Máirtín Ó Cadhain faoi Sheán Mac Maoláin – ‘seo duine ar cheart staidéar a dhéanamh air ionas go mbeidh a fhios agat conas nach ceart úrscéal a scríobh’ baineann chomh donndeimhin céanna le hIain Mac Cormaig. D’fhéadfá a rá nárbh é an locht ba mhó a bhí air ná go raibh an clúdach tosaigh agus an clúdach cúil rófhada óna chéile, mar b’fhurasta teacht ar chúpla locht eile. Mhol Tórna go hard é ar a chuntas ar an ngnáthshaol, agus dúirt nár chóir dúinn an méid a dhein sé ‘a ligean i ndíchuimhneamh’ agus ár scéalta féin á gcumadh againn. Ba sholaoid ar a laghad í ar go rabhamar ag faire ar a chéile bíodh gur chuamar araon isteach inár bpluaiseanna féinig ar feadh na coda is mó den aois seo caite.
Ba chuma nó nath é ‘the sea-divided Gael’ le tamall fada, ach ar a laghad ar bith d’aithin Aodh de Blácam litríocht na Gaidhlig ina shárleabhar tuairisce Gaelic Literature Surveyed. I gcomórtas aistriúcháin Feis Laighean sa bhliain 1902, cuireadh bac ar aistriúcháin a dhéanamh ón nGaidhlig nó ón Manainnis toisc gur áiríodh mar chanúintí de chuid na Gaeilge iad. Ach in ainneoin na huile, ní fhéadfaí a rá go raibh aon aithne cheart ag na litríochtaí Gaeilge ar a chéile go dtí i bhfad amach sa tarna leath den aois seo caite.
Is féidir a rá gur thosnaigh an t-athmhuintearas nuair a chrom an Colonal Eoghan Ó Néill ar thuras na bhfilí idir Éire agus Alba a thionscnamh sa bhliain 1971. Ba chuma nó pléascadh aitheantais é seo inar tháinig na mílte duine abhus agus thall le chéile ag scríobadh ar sheaneolas. Bhí sé iontu i ngan fhios dóibh. Ní hé go bhfuil an aimsir chaite thart ar fad, ach ar éigean a bhfuil sí tosnaithe fós.
B’í seo an chéad iarracht cheart ar an dá éigse a thabhairt le chéile, ar an nasc a bhí riamh ann a athcheangal. B’é a bhí i gceist aige san bheart réabhlóideach seo ná go dtabharfadh lucht éigse ó dhá thaobh Sruth na Maoile cuaird ar a chéile, go n-éistfeadh siad lena chéile, is go nascfaí cumann arís eatarthu. Níl aon amhras ná gurbh iad na cuarda seo a dheimhnigh go gcuirfí aithne ar bhaird mhóra na Gàidhlig in Éirinn – Somhairle MacGill-Eain, Iain Mac a’ Ghobhainn agus Ruaraidh Mac Thòmais go háirithe – agus go mblaisfeadh lucht éisteachta fhilíocht na hAlban den ghlúin nua d’fhilí a bhí ag teacht aníos go tiubh. Tosnaíodh ar an malartú bliantúil seo sa bhliain 1971, an chéad turas dá leithéid le trí chéad éigin bliain, mar adúirt Iain Mac a’Ghobhainn. Is beo iad go dtí an lá atá inniu ann, cé go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil siad á gcur chun báis ag an dream úd a cheapann gur ribín deas é an cultúr agus bláth san fhuinneoig ar féidir a chaitheamh amach nuair nach n-oireann.
Tharla cúpla toradh fónta de bharr na dturasanna seo. B’fhéidir gurbh é an cnuasach Sruth na Maoile a chuir Michael Davitt agus Iain Mac Dhòmhnaill in eagar sa bhliain 1993 an ceann b’fhollasaí díobh. Is é a bhí ann ná go leor den fhilíocht a aithrisíodh le linn na gcuairdeanna filíochta seo ar fud bailte agus sráidbhailte agus bailte fearainn na ríochta agus na poblachta. Níorbh fhada ina dhiaidh sin a tosnaíodh ar An Leabhar Mór/The Great Book a thiomsaigh Malcolm MacClean agus Theo Dorgan ina raibh samplaí filíochta ó thréimhse na Sean-Ghaeilge go dtí an lá atá inniu ann, maille le cúpla giota próis. Chrom Pádraig Ó Snodaigh ar chnuasaigh filíochta dhátheangacha Gaeilge/Gaidhlig a fhoilsiú sa bhliain 1988, cnuasaigh le Maire Nic Gumaraid, Maoilios Caimbeul agus Meg Bateman san áireamh. Ba dhóigh leat, mar sin, gurb é ba nádúrtha ar fad go mbunódh duine éigin irisleabhar dhátheangach ar an gcuma gcéanna, agus is é sin a dhein Rody Gorman nuair a chuir sé tús le An Guth atá á fhoilsiú ón mbliain 2003 go dtí anois, agus ina bhfuil breis agus 1,400 dán le tuilleadh agus 160 file, an dá thír san áireamh.
Déanaim amach go bhfuil An Guth a bheag nó a mhór mar oidhre ar Innti, de cheal na léirmheasanna agus na n-aistí critice. Agus, go deimhin, chuir siad eagrán faoi leith amach ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-eain, a léirigh an meas agus an tuiscint a bhí air abhus anseo. Agus, gan amhras, is i nGaeilge atá an staidéar critice is léirmhínithí agus is cuimsithí fós ar Shomhairle sa leabhar ceannródaíoch a scríobh Máire Ní Annracháin Aisling agus Tóir. Ó tosnaíodh ar thuras na bhfilí níor stróinséirí feasta sinn de shliocht Ír is Dhál Riada, ach ba gheall gur baineadh cailís luachmhar anuas den lochta, agus gabhadh ar snas a chur in athuair air.
Ní fhágann san nach raibh cuid de na díospóireachtaí céanna againn nuair a bhíomar ar deighilt óna chéile. Is fíor ná raibh, go bhfios dom, an fhíochmhaireacht chéanna díospóireachta in Albain is a bhí againne aimsir thús na hAthbheochana. Ní raibh aon ní ann ar aon dul leis an sioscadh timpeall ar chaint na ndaoine suas is anuas leis an nGaeilge chlasaiceach, toisc, b’fhéidir go raibh i bhfad níos mó den phrós acu thall, agus bhí seanchleachtadh acu ar ardréimse teangan i gcursaí eaglasta, go háirithe. Agus ní rabhthas ag clascairt a chéile mar gheall ar an gcló Gaelach, óir is fada ó héiríodh as sna láimhscríbhinní féin. Ná an t-aighneas a d’éirigh idir Dónall Ó Corcora agus Pádraig de Brún mar gheall ar na múnlaí clasaiceacha a bheith mar bhuntheampláid ag an nua-litríocht.
Ach bhí an scáil chéanna fós ag leanúint an dá theanga, scáil an traidisiúin, pé ciall is féidir linn a bhaint as sin. Aighneas ba bhun le cad is traidisiún ann le breis is céad bliain anuas. Ná bactar leis na samplaí is baoithe agus is fusa magadh. Nár den traidisiún é SeanMhaitias agus é ina sheasamh sa doras i scéal an Phiarsaigh, murab ionann agus ‘Bhí fear ann fadó agus Maitias ab ainm dó….’ Nár phonc maslach é ‘the anglo style of storytelling’, mar a bhí abhus, don té a d’éistfeadh leis.
Mar is eol dúinn, damnaíodh Seán Ó Ríordáin de thoisc ná raibh sé Gaelach go leor, in ainneoin gur chaith sé an chéad seacht mbliana dhéag dá shaol i gceantar Gaeltachta, ceantar ina raibh an litríocht bhéil agus dámhscolaíochta chomh láidir is a bhí i mball ar bith eile. Damnaíodh Somhairle MacGill-Eain ar an gcúis chéanna, nach raibh sé ‘dúchasach’ go leor. Go deimhin, a dheartháir féin, fear mór béaloideasa agus seanchais, chomhairligh sé nach bhfoilseofaí cuid dá dhánta ar an gcúis sin. Bhí freagra ag Somhairle dhóibh i gceann dá dhánta d’Eimhir, go raibh sé ag iarraidh –
‘geur-aigne na Frainge ‘s na Gréige,
ceól na h-Albainn is na h-Eireann’
a chur le chéile ina chuid bárdachta.
Cérbh iad na galldúdaí dúra seo a cheap nach raibh ach aon traidisiún amháin i measc na nGael? An amhlaidh gur cheap siad gur déanamh dúchais í an bhairdne i leataoibh ar fad ón Laidin, nuair gurbh í an nua-aimsearthacht ba nua-aimseartha í nuair a nocht i dtosach? An amhlaidh gur pheaca in aghaidh an tsolais é dán a chumadh ar chapall seachas i mboth dorcha agus cloch ar do bholg, nós nár thugas faoi ndeara le fada an lá? An é nach raibh seithí nua á gcur uirthi féin ag an litríocht i rith na huaine, agus seithí eile á scaoileadh i leataoibh na slí?
Deir an t-antrapeolaí Jared Diamond go raibh aithne aige ar dhaoine in Papua Nua-Ghuine a raibh cónaí orthu sa chlochaois, ach go raibh a gcuid mac agus iníonacha ina bpíolótaí eitleán agus ina saineolaithe ríomhaireachta. Sna slumanna is measa in Mumbai nó sna Kalevalas is ainnise in Rio, is féidir teacht ar chúpla céad stáisiún teilifíse ar dhornán rupee nó ar ladhar de realacha na Brasaíle.
An bhfuilimid ag áiteamh, lándáiríre, lámh ar bhaill áirithe dár gcolainn (mar adúirt Tomás Ó Criomhthain) nár bhain sé le dúchas na Gaeilge, na Gaidhlig, na Gaelg go mbeadh úrscéalta, no gearrscéalta, nó vers libre, nó scannáin, nó pé ní is maith leat de réir an traidisiúin. Nuair a d’éimh Hugh McDiarmaid sa chéad eagrán den iris Chapman, ‘not tradition, precedent!’, is é a bhí á mholadh aige ná precedents a bhunú. Is é a bhí á éileamh riamh ná go mbeadh litríocht na nGaeilgí ar nós litríochta ar bith eile sa chruinne ché, nó sa tsaol braonach féin. Is ag tosnú arís i gcónaí de shíor is de ghnáth a bhíonn an litríocht.
Is maith mar fuair Michael Davitt spreagadh ó Bhob Dylan, mar tar éis an tsaoil fuair Bob Dylan spreagadh ó amhráin na hÉireann, mar a d’admhaigh sé féin. Seachráin nó tóraíochtaí is ea cuid de shaothar Jack Keruoac mar a d’aithin Cathal Ó Searcaigh. Nuair a chuala an file Aonghus Dubh Mac Neacaill ‘Be bop a lu bop a lam bam boo, tutti frutti’ le Little Richard, cad eile a bhí ann ach Port-a-beul? ‘Geala bhodaich ‘sa bheinn dubh/ Geala bhodaich ‘sa bheinn dubh/ Geala bhodaich ‘sa bheinn dubh/ Bodaich dhubha bha sa bheinn’. Tá gach aon litríocht fillte i ngach aon litríocht eile, mar is eol don scríbhneoir a bhfuil a chluasa agus a mheabhair ar oscailt aige.
Agus sin í an áit ball díreach a bhfuilimid anois. Is féidir leis an scríbhneoir, bíodh sé nó sí ina fhile, nó scéalaí, dul ag scribleáil agus ag breacadh faoi rud ar bith faoin spéir agus beidh glacadh leis sin. Cén fáth nach ndéanfadh? Ní móide go ndamnófar dán a choíche ná go deo arís toisc gan an fhoirm seo nó siúd a bheith aige, nó go n-áiteofar nach féidir úrscéal Gaeilge a shuíomh sa chathair. Tá na seanchnámha sin ar fad crinnte. Ní scríobhfar drama arís leis an teideal ‘Bó i bPoll’, mura ndéantar le teann grinn é; ní thabharfar athchuaird lándáiríre feasta ar ‘the donkey at the well and the fairy in the fort’, mar adúirt an té adúirt. Is cailliúint éigin é seo, ar ndóigh, mar braithfimid uainn cuid de na seoda a scaoileadh inár dtreo: ‘Máire’ adúirt nach ea amháin go raibh trí trua na scéalaíochta ann, ach go raibh an ceathrú ceann, is é sin ‘Gaeilge na Mumhan i mbéal Chúchulainn’; nó go raibh sa Ghaeilge ‘a language unpolluted with the very names of monstrosities of sin which are among the commonplaces of life in English-speaking communities’ mar adúradh in Fáinne an Lae. Is é sin, caithfear an scríbhneoireacht a mheas feasta ar bhonn litríochta – pé brí atá againn leis sin.
Is é oighear diachrach an scéil é, áfach, go bhfuil an tsaoirse ealaíne seo bainte amach agus na teangacha (Gaeilge agus Gaidhlig go háirithe) á lascadh mar theanga phobail sna ceantair inar mó is láidir iad. Ní de ghnó na cainte seo an staid theangeolaíoch sin a phlé, ach is maith mar a thuigeann an scríbhneoir é. Scríobhtar sa Ghaeilge in ainneoin na géarchéime sin. Tá’s againn an rud adúirt H.L. Mencken, ‘nobody ever lost a fortune overestimating the intelligence of the American public’; ar an gcuma gcéanna, níor ghabh duine ar bith riamh le scríbhneoireacht na Gaeilge ar son lab airgid a dhéanamh. Go fiú is dá scríobhfá leabhar leis an teideal ‘Harry Potter ar thóir Cóid Da Vinci le Sodoku’, ní dócha go mbeadh scuainí lasmuigh de Shiopa an Chonartha á éileamh. Níl aon amhras ná gur chuaigh Liam Ó Flaitheartaigh le Béarla toisc gur theastaigh uaidh a bheith ina scríbhneoir gairmiúil; agus ní dócha gur rith sé riamh le William Carleton, cainteoir dúchais Gaeilge, gur cheart dó a chuid úrscéalta a scríobh sa teanga sin. Gníomhaí teangan ar leibhéal áirithe is ea gach scríbhneoir, pé acu cúiseanna ealaíne, nó cuimhne, nó traidisiúin, nó dóchais, nó go díreach go bhfuil sé glan as a mheabhair, atá á chomáint. Tá de bhuntáiste ag an scríbhneoireacht mar ghairm, áfach, gur féidir leat a bheith beo bocht agus ní bheidh meas amadáin ar fad ort.
Bhí mealladh an Bhéarla riamh ann. Ina húrscéal gairid, A Bhean Óg ón… ar shaol Phiarais Feirtéar, samhlaíonn Máire Mhac an tSaoi é i Londain, ag dul i dtaithí ar an saol ann, an bheatha nua seo thoir á ghairm chuici:
Cuimhnigh sé ar a chlann féin sa bhaile, ag imeacht fiáin ar fud na dúthaí cois farraige, lomloirgneach, ceanntarnocht, folt le gaoth, agus do mhaígh an tocht ina lár le gean do shaol deoranta seo na bpiúratánach mór uasal: dá shibhialtacht, dá chuibheas is dá ghlaine, dá shoilbhreas.’
Nárbh é sin riamh an bhreab, an gabh-i-leith, an téanam ort, an maide milis?
Níl an scríbhneoir dall ar a bhfuil ar siúl timpeall air, agus bíonn clis (nó straitéisí mar a thugtar anois orthu) le teacht slán, le gnéithe den doircheacht a sheachaint. Is féidir, gan amhras, an scéal a lonnú sa Ghaeltacht mar a dhéantaí riamh, agus mar a dhéanann Micheál Ó Conghaile go minic, nó Donnchadh MacGiollIosa in Albain. Nó is féidir na heachtraí a shuíomh i dtréimhse staire fadó riamh nuair a bhí an Ghaeilge in airde láin, rud atá déanta go cumasach ag Liam Mac Cóil sna hurscéalta is déanaí aige, nó ag Darach Ó Scolaí, abraimis, in An Cléireach. Go deimhin, chomhairligh Iain MacLeoid dá chomhscríbhneoirí neach a shamhlú a raibh Gaidhlig aige sa tsaol mar a bhí, agus an scéal a cheapadh timpeall air. D’éirigh leis é seo a dhéanamh go cumasach in Am Bounty, mar shampla, amháin. Léimeann scríbhneoirí eile isteach san fhantaisíocht, nó san iomrall ama, nó san aimsir fháistineach féin ar nós ‘Lá a’ déanamh sgéil do lá’ le hAonghus Pádraig Caimbeul, nó gearrscéalta Dháithí Uí Mhuirí sa Ghaeilge, nó úrscéal Graham Naylor Brann Foillycan nó ‘Taibhreamh an Fhéileacáin’ sa Mhannainis atá suite sa bhliain 2175 . Tá éileamh ag an mbéaloideas i gcónaí orainn arb é Pádraig Ó Maoileoin le Bríde Bhán nó le Fonn a níos fíoch is éirithí cleachtadh sa Ghaeilge, agus tá a gcomhshamhail sa Gháidhlig ar nós ‘Gormshúil an Rígh’ le Fionnlagh MacLeoid.
Dealraíonn gur freastal ar a léitheoirí agus ar a chuid samhlaíochta féin an t-aon dualgas atá ar an scríbhneoir. Laistigh de sin tá gach rud ceadaithe. Is ar an ábhar sin ab fhéidir le Peadar Ó Laoghaire a chuid ba go léir a chur thar abhainn le Séadna – caint na ndaoine, múineadh na teanga, saol an bhéaloidis, agus thar aon ní eile a theagasc creidimh – ach ag an am gcéanna úrscéal inléite inspéise a sholáthar, fág nár bhain Ultach riamh aon taitneamh as. Is féidir le Breandán Ó Doibhlin a smaointe faoin ndúchas agus dán na tíre a fhí isteach ina chéile le linn thuras traenach in An Branar gan Cur – agus is de shuimiúlacht go bhfuil turas traenach mar ionad don úrscéal Tilleadh Dhachaigh le hAonghus Padraig Caimbeul, agus go dtugann caoi dó ar mharana a dhéanamh ar dhálaí na hAlban féin. Tugann seo deis dó a thráchtaireacht féin a dhéanamh ar logainmneacha na hAlban, cuid acu léannta, cuid eile spraoiúil: nuair a ghabhann sé thar ollshiopa Tesco, tá sé in ann a chiallú ón Ind-Eorpais amach tríd an gCeiltis choiteann le hiasacht ó fhréamh SheanGhearmáinise a mhíníonn gurb é is brí le ‘Tesco’ – ‘cnámh-sliasaid chas-cheum chrúbach na circe bige calpaí.’
An magadh beag maoth seo, ní móide gurbh fhéidir a dhéanamh ar aon tslí eile ach amháin sa phrós cruthaitheach. Sás ní raibh ann roimhe sin chun smaointe pearsanta samhlaíocha buile ceangailte leis an ngnáthshaol a chur in iúl. Ní bhfaighidh tú a leithéid in ‘Eachtra Ridire an Leoin’ nó, in ‘Macaomh an Iolair’. Dá réir sin, nuair a thagann ann don úrscéal agus don ghearrscéal, ní hea amháin go dtagaimid ar dhaoine ag caint ar an ngnáthchuma, ach is féidir adú siar as sin, agus a rá gur mar seo a bhí daoine ag caint, is ag cleachtadh an tsaoil sa Ghaeilge le dhá chéad, le trí chéad bliain roimhe seo. An t-earra nach bhfuil againn ó Eoghan Rua Ó Súilleabháin ná ó Iain Lom, tá againn ó Phádraic Óg Ó Conaire agus ó Mhártainn Mac an t-Saoir agus ó Norma NicLeoid. Cúiteamh cúpla céad bliain atá san úrscéal agus sa ghearrscéal. Ceann d’fhionnachtana móra an domhain is ea an prós réalaíoch. Agus ná déantar dearmad air sin.
Sa staidéar a dheineas féin ar an úrscéal tá tamall maith de bhlianta anois ó shin ann, bhí aon rud amháin soiléir. Bhí líon na n-úrscéalta ag dul i méid gach deich mbliana. Is é a dhála céanna ag an nGaidhlig é. Sa chéad scór bliain den aois seo caite níor foilsíodh ach cúig úrscéal. Ansin bhí tost fada daichead bliain. Deich gcinn a foilsíodh idir 1970 agus 1980; ach ó 1988 go casadh an chéid tháinig nach mór trí scór úrscéal amach, agus is ag dul i líonmhaireacht ó shin iad.
Ceann de na difríochtaí suaithinseacha a bhaineann le litríocht na Gaeilge is na Gaidhlig, áfach, is ea an plé a dhéantar orthu araon. Ón tús, dhéantaí litríocht na Gaeilge a phlé trí Ghaeilge, cé go raibh roinnt bheag Bhéarla tríd an bplé, leis. Ba dheacair don duine gan Ghaeilge bheith istigh a fháil sna díospóireachtaí iomadúla a tionscnaíodh ó 1882 ar aghaidh. Ón tús dhéantaí litríocht na Gaidhlig a phlé trí Bhéarla. De réir áirimh an scoláire Wilson McLeod tar éis dó staidéar a dhéanamh ar bhreis is míle leabhar, aiste agus léirmheas ar litríocht na Gaidhlig, bhí 80% díobh sa Bhéarla. B’ionann san is a rá nach raibh friotal oiriúnach ann le tabhairt faoi na díospóireachtaí a bhíonn ag déanamh scime don scríbhneoir i bhfios nó i ngan fhios dó féin. Cuid den litríocht, leis, í an chritic, an litríocht ‘bhreithneachail’ a dhéantar uirthi.
Is í ceist na litearthachta féin an cheist is mó tábhacht maidir le léitheoirí a chur ar fáil.
B’fhéidir gurb ait le daoine é go raibh méid na litearthachta ag dul i méid de réir is mar a bhí na teangacha féin ag dul ar gcúl. Ní mistéir í sin, mar dhá chomáint éagsúla atá i gceist.
De réir Dháithí Uí Uaithne bhí 70,000 cainteoirí Gaeilge i dTír Chonaill sa bhliain 1871. Díobh sin ní raibh ach tuairim is 1,000 díobh in ann an Ghaeilge a léamh nó a scríobh. Ba mheasa ná sin é maidir le scríobh na teangan de: d’áirigh taighde a déanadh sa bhliain 1876 nach raibh ach ceathrar is fiche in ann an Ghaeilge a scríobh i gCúige Uladh ar fad ag deireadh na 19ú haoise dhéag, agus ba thuairisc í sin a fuair faomhadh ón Acadamh anseo. Triúr i gContae Mhuineacháin, mar shampla, agus ochtar i gContae Thír Chonaill. Nuair a bhímid ag gearán maidir le conas mar atá teipthe orainn, ba mhaith ab fhiú smaoineamh ar na figiúir sin. Conas ab fhéidir litríocht nua a bhunú ar aineolas léitheoireachta agus scríbhneoireachta den tsaghas sin?
Má bhí ‘Máire’, Seamas Ó Grianna, gearánach, agus ba bheag duine ba ghearánaí ná é, smaoinítear go raibh sé ar an gcéad ghlúin de ghnáthmhuintir na Gaeltachta go raibh leathsheans acu ar léamh agus scríobh a bheith acu ina dteanga féin. Nárbh iontach, nár mhíorúilteach an méid seo féin? Téann díomsa go minic breith ar an uain seo, an t-athrú gan choinne a bhlaiseadh go hiomlán.
Dúirt Séamas Ó Mórdha liom uair amháin go raibh aithne aige ar dhaoine i nGaeltacht Thír Chonaill a bhíodh ag fuireach leis an gcéad leabhar eile ó ‘Mháire’; agus ar chúis eile ar fad ba mhinic daoine i nGaeltacht Chiarraí ag feitheamh leisan gcéad leabhar eile ó údar áitiúil féachaint an raibh siad féin ann – ionas go bhféadfaí an dlí a chur air.
Bhíos féin tráth ar Árainn Mhór Thír Chonaill go gairid tar éis don leabhar ‘Róise Rua’ le Róise Rua a bheith foilsithe, agus chonaic mé fógra breá sa chéad siopa uaim in aice na cé – ‘Róise Rua on sale here.’
Bhí litearthacht Ghaeltachta ann – arbh earra nua ar fad ar fad í – ach smaoinítear gurbh earra leochaileach agus annamh ba ea an litearthacht riamh. Ní hamháin nach raibh léamh ná scríobh ann d’fhormhór an phobail ar feadh na mílte bliain, ní raibh a fhios ag daoine go raibh léamh agus scríobh ann. Thóg sé céad bliain ar litearthacht an Bhéarla a mhúineadh don phobal mór anseo. Áirítear nach raibh 10% de phobal na Rúise ábalta ar a dteanga siúd a léamh nuair a bhí Tolstoi agus Dostóievski i mbun a mórshaothar; agus tá tuairiscí eile agam a mhaífeadh go raibh i bhfad níos lú ná sin, b’fhéidir chomh híseal lena dó nó a trí faoin gcéad. An mó duine a léigh Kant lena linn? Nó Descartes?
An mó duine a raibh léamh na Gaeilge aige sna mainistreacha i dtréimhse na Sean-Ghaeilge? An raibh cúpla céad féin ann? Filí na Gaeilge clasaicí féin ba chosúla go gcloistí a gcuid dánta á gcanadh níos minicí ná mar a léití iad, mar aisteoirí agus orfidigh ba ea iad ‘clad in satin and wearing a sparkling jewelled headdress’, de réir tuairisce amháin; agus ba neamhliteartha siar amach iad formhór a gcuid pátrún. Tá seans maith ann gur léadh i bhfad níos mó den bhairdne san aois seo caite, agus san aois seo in éineacht, ná mar a léadh riamh nuair a bhí sí ina lán-neart. Dúirt Montaigne go mbreacfadh sé a chuid smaointe i dteanga a mhairfeadh níos faide ná an Fhraincis – an Laidin a bhí i gceist aige – dá gceapfadh sé go mbeadh aon tseasamh san Fhraincis feasta.
Is é atá á mhaíomh agam gur dócha, in ainneoin ár gcuid gearán go léir, go raibh níos mó léitheoirí ag an nGaeilge san fhichiú haois ná mar a bhí riamh, agus gur léadh níos mó den litríocht lenár linn ná mar a léadh in aois ar bith riamh roimhe seo. Go deimhin, maireann níos mó dár cumadh agus dár scríobhadh sa Ghaeilge san fhichiú haois agus san aois seo féin ná gach aon aois eile á gcur le chéile siar amach go bun na dúide fad na húine go deireadh na seilfe. Sa mhéid sin féin is pribhléid é a bheith id scríbhneoir Gaeilge, go háirithe más dóigh leat go bhfuil aois na caillí Béarra agat, mar adúirt an Cadhnach, agus gur chuid den troscán machnaimh agat Dáibhí Ó Bruadair agus An Fhiannaíocht agus Máire Bhuí Ní Laoire agus Pádraic Ó Conaire agus go bhfuil daoine fós dod léamh.
Féach leat an Mhannainis féin, abhac leathdhearmadta na dteangacha againn. Thug teangeolaí amháin ‘a near miss’ uirthi, sa mhéid is nach bhfuair sí bás ar nós na Cornaise, abraimis, nó an Etruscáinis, ach gur foghlamaíodh an teanga go binn agus go slachtmhar ó na cainteoirí dúchais dheireanacha. Níor scríobhadh aon úrscéal inti go dtí deich mbliana ó shin go díreach. Níl aon duine ag maíomh go mbainfear Duais Nobel na litríochta as a bheith ag scríobh sa Mhanainnis, ach tá roinnt bheag úrscéalta scríofa inti, agus glac ghearrscéalta, filíocht de réir múnlaí éagsúla, ábhar ar fad nach bhféadfaí a shamhlú céad bliain ó shin, nó dhá chéad bliain ó shin. Ní seoda ardlitríochta iad b’fhéidir, ach táid ar fad inléite, agus is de shuimiúlacht dúinne gur fiú dóibh leabhair a aistriú ón nGaeilge chun lón léitheoireachta a sholáthar don phobal beag mín atá ag méadú uidh ar n-uidh.
‘Hooar ad y corp marroo ec lieh-hoor lurg nuy sa voghrey’ abairt thosaigh an úrscéil Dunveryssyn yn Tooder-Folley le Brian Stowell, tús chomh hobann is a gheofá i ngearrscéal ar bith a leanfadh an múnla clasaiceach; agus ábhar chomh scanrúil is a gheofá in aon úrscéal bleachtaireachta Lochlannach ó Jo Nesbo, nó Stieg Larrsson nó Henning Mankell nó Yrsa Siggurdardottir. Ní heol dom go bhfuil díospóireacht bheo ar siúl san Iorua ná san Íoslainn ná fuil an ficsean acu de réir stíl nó dul an Laexdala Saga nó an Sturlunga Saga.
Sa réamhrá dá úrscéal gairid Jough-llaanee Aegid is é sin ‘Deoch shlánaithe na hÓige’ admhaíonn Chris Lewin gur chabhair ab ea gníomh na scríbhneoireachta do shealbhú na teanga féin: ‘..Choud’s va mee screeu…ny skeelyn shoh…’ ‘Fad is a bhí an scéal seo á scríobh agus á cheartú agam, d’fhoghlaim mé go leor faoi mhionphointí gramadaí agus teanga nach bhfuil gach duine aontaithe ina dtaobh…’ Ní hé go bhfuil aon duine ag moladh go gcromfaí ar an scríbhneoireacht mar ghníomh foghlamtha, ach nach gníomh foghlama é an léitheoireacht féin? Sa Mhanainnis thar aon teanga eile, is léire thar tomhas gur gníomh cruthaitheach agus gur gníomh cumadóireachta araon atá sa litíocht. Cheap Dainté go bhféadfadh na scríbhneoirí an teanga a chumadh is a dhealbhú, agus nach é sin cruinn díreach atá á dhéanamh sa Mhanainnis? Nach iontach míorúilteach an méid sin féin don té a bhfuil spiorad an iontais fós ann?
B’fhéidir nach raibh tréimhse ba mhó ina raibh na teangacha Gaeilge á léamh riamh ná anois. D’áirigh mé 165 blag Gaeilge ar an idirlíon an lá cheana. Bhí tráth ann nuair a d’fhéadfaí nach mór gach leabhar Gaeilge a foilsíodh in aon bhliain amháin a léamh, ach is fada imithe an t-am sin. Tá saoirse anois againn gan nithe a léamh! Toisc go mbíonn rudaí eile le déanamh ag daoine, an madra a thabhairt amach ag siúl, dul ag léirsiú in aghaidh rud éigin, is é do dhícheall coimeád bord ar aon lena bhfuil ar siúl sa Ghaidhlig chomh maith, sna réimsí a bhfuil suim agat féin iontu. Theip orm a dhéanamh amach an mó duille Mhannainise atá ar Vicipéid, ach caithfidh go bhfuil na céadta. Agus deir cara liom ar an oileán sin go raibh tráth ann nuair a bhí aithne aige ar gach cainteoir Mannainise, ach nach mar sin atá níos mó. Agus má tá i ndán go scríobhfar i bhfad níos mó feasta don teilifís, don scáileán, nó don bhlagadóireacht – agus nílim cinnte dhe sin – nach cuma? Nach scríbhneoireacht, agus nach cumadóireacht í?
Tá, gan amhras, gach beart litríochta ag brath ar shláinte na teangan féin. Is é dán na teangan an cheist is fairsinge a pléadh sa Ghaeilge le trí chéad bliain anuas. Ó dúirt Teabóid Galldubh, nó Theobald Stapleton i lár an tseachtú céad déag go raibh an teanga ag imeacht ó chuimhne na ndaoine i dTiobraid Árann ba dhóigh leat go bhfuilimid i gcónaí ar cholbha leaba an bháis. Ach ar chúis achrannach chrosta chadránta cheanndána éigin, táimid anseo fós. Dúirt Times London sa bhliain 1882: ‘the Irish language is actually dead and nothing remains but to lay it out decently and to fit it for a respectable place in the National Museum’, ach féach, táimid fós anseo. D’fhógair Séamas Ó Grianna go raibh sí marbh sa bhliain 1920, ach lean ar aghaidh ag scríobh inti go ceann tríocha bliain eile. Dúirt Máirtín Ó Cadhain gurbh ar éigean go mairfeadh níos faide ná é féin. Dúirt Kevin Myers ‘the erse is in a hearse’. D’fhéadfaí a rá gur mhinic nach raibh an ceart ag Kevin Myers; go deimhin, ba dheacair a mhalairt a rá.
B’é Benjamin Franklin adúirt nach raibh ach dhá rud cinnte sa tsaol seo, mar atá, ‘an bás agus cánacha’. Chuirfinn rud eile leis sin. Léamh ar an aimsir fháistineach. Is cuma cén cleas a tharraingímid chugainn, liathróidí criostail, féachaint ar ghrúideal an tae, cártaí tarot, gluaiseacht na bpláinéad, rúin a léamh, taibhrithe a scagadh, an I Ching a mheas, an tochas i gcroí do dhearnan a leanúint – ní féidir féachaint le haon chruinneas ar an lá amárach, nó amanairis, nó amúamachnablianta. Níor tháinig deireadh leis an stair mar a mhaígh Francis Fukayama, níor tháinig deireadh an domhain ar an gcéad lá d’Eanáir 2000, níor fearadh cúis idir an Rúis agus an tSín mar a thuar Harrison Salisbury leathchéad bliain ó shin, níor cuireadh deireadh le gach reiligiún mar a cheap HG Wells fara gach píosa fáidheadóireachta botúnach eile a dhein sé ina leabhar The Shape of Things to Come (1933), níor bhuaigh Baile Átha Cliath craobh na hÉireann anuraidh… Tá an droichead don aimsir fháistineach i gcónaí sa mhodh coinníollach.
Níl tuairim againn cad tá romhainn amach, agus is fuar a bheith á mheas. Is dá réir sin a shonann focail Nuala Ní Dhomhnaill inár meabhair nuair adeir sí ina dán cáiliúil úd: ‘Cuirim mo dhóchas ar snámh/ I mbáidín teangan.’ Ní dóigh liom féin gur dóchas baoth é sin. Ní bheidh an saol feasta mar ba mhaith linn é a bheith, ‘ní bhia mar do bhá’ mar adúirt an fear eile. Beimid ag maireachtaint go bearnach, idir na siúntacha go minic, beimid beo ar an bhfearann breac sin is teideal don leabhar le Máirín Nic Eoin is fearr a dhéanann ransú ar chás na litríochta Gaeilge in Éirinn, ach nach neamhchosúil é san fhairsingeacht le cás na nGaeilgí eile.
I gceann de na burdúin sin a fáisceadh as éadóchas na linne san 18ú haois, deir file amháin:
‘Threascair an saol is shéid an ghaoth mar smál
Alasdair, Caesair is an méid díobh a bhí ina bpáirt
Tá an Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá
Is na Sasanaigh féin dob fhéidir go bhfaigheadh siad bás’.
Éamh péine ba ea an méid sin, ach deir an scoláire fuarchúiseach mórchlú Nicholas Ostler – ar Sasanach é féin – gur gairid uainn cúlú an Bhéarla mar phríomhtheanga idirnáisiúnta cumarsáide. Is í an téis atá aige, seachas athruithe sa chumhacht pholaitiúil agus eacnamaíochta a thabharfaidh guth agus ionad i bhfad níos láidre don tSín agus don Bhrasaíl agus, cá bhfios eile, go maolóidh acmhainní aistriúcháin uathoibrithigh leis an ngátar a bheidh le haon mhórtheanga amháin; agus is chuige sin a thugann sé ‘The Last Lingua Franca’ ar an mBéarla. Níor ghá go mbeadh an ceart aige ach an oiread le haon tuar tairngreachta eile – ach is chuige atá sé, dá gcúngódh ar údarás aon teangan amháin gur mhó an beann a bheadh ag daoine ar a dteangacha féin, agus an aird a thabharfaí ar theangacha eile.
Ar ais ar thalamh leamh an lae inniu, áfach, in ainneoin sláinte na foilsitheoireachta sna teangacha Gaeilge, agus fás na litearthachta, agus méadú na meán, is í an laige is mó a fheicimse ná go bhfuil litríocht na Gaeilge in Éirinn agus in Albain á brú amach as an dioscúrsa poiblí. Nuair a thráchtar inniu ar ‘Irish literature’ is iad Yeats agus Joyce agus Yeats agus Joyce agus Yeats agus Joyce agus Synge atá i gceist. Níor dhóigh leat gur scríobhadh focal sa tír roimh Jonathan Swift. Tá filí Gaeilge an lae inniu beagán níos fearr as sa mhéid is go bhfaightear bheith istigh ar uaire sna cnuasaigh náisiúnta a thagann amach, leithéid The Oxford Book of Irish Poetry. Ach féach leat trí na Penguin Book of the Irish Short Story, nó The Granta Book of the Irish Short Story nó The Picador Book of Contemporary Irish Fiction, agus an bhfeicfidh tú Orna Ní Choileáin ann, nó Pádraic Breathnach, nó Seán Mac Mathúna? Beag an baol. In Albain, san leabhar mór Scottish Literature in the 20th Century a chuir David McCordick in eagar faighimid an gnáthleithscéal – ‘the editor must regret the exclusion of Gaelic writers’ agus luaitear easpa spáis agus easpa aistriúcháin agus na gnáthamhrasáin eile.
Ach an oiread le hairgead, áfach, ní ar son aitheantais agus glóire a bhíonn an scríbhneoir ag breacadh, cé go ndúirt ee cummings uair amháin ‘there is no such thing as a peripherally-situated ego’. Is go díreach gur mhaith léi nó leis go gcuirfí san áireamh é i ndioscúrsa poiblí a thíre féin seachas a bheith ina cailín nó ina bhuachaill dána i gcúinne an tseomra ranga – nó a mhalairt sin féin, a bheith ina ribín deas feiceálach a thabharfaí amach ar ócáidí speisialta.
Ina choinne sin thall, áfach, tá rud éigin ainrialach, rud éigin dosmachtaithe ag baint leis an scríbhneoir, rud éigin nach féidir a thabhairt chun míntíreachais, rud éigin lasmuigh de gach foirmle agus gach plean straitéiseach. Aithníonn an t-údar Gaeilge gurb í an teanga féin máthair na scríbhneoireachta. Má tá an aimsir chaite á hiompar mar ualach trom ar ghuaillí laga, go bhfuil an aimsir fháistineach fós á cruthú. Gur aisling laistigh de bhrionglóid ar thaibhreamh nach bhfuil smacht air atá ar siúl aige. Go bhfuil sé ar nos na bpéintéirí sin sna huaimheanna fadó a bhreac an rud a shamhlaigh siad, seachas an rud a chonaic siad. Go bhfuil na Gaeilgí féin ‘opulent with tomorrows’ mar adúirt Hugh in Translations Brian Friel. Tá trí chroí ag an nGaeilge, a chúram féin ag gach ceann díobh.
Coinníonn na scríbhneoirí fuil leis na croíthe sin, fad is a choinníonn na croíthe an scríbhneoir beo.