TAR LINN AR AISTEAR MISTÉIREACH

7-16 SAMHAIN/NOVEMBER 2024

CEANNAIGH DO THICÉID ANSEO >

TAR LINN AR AISTEAR MISTÉIREACH

7-16 SAMHAIN/NOVEMBER 2024

Comháireamh Síos go IMRAM 2024

Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.

IMRAM works to put Irish language literature at the heart of our nation’s public life, through an innovative annual festival, supporting writers and publishers, encouraging the sale of books, provoking debate, and engaging Irish speakers and Irish learners across Ireland and the diaspora.

SREANG DHOFHEICTHE: TIONSCDAL TAYLOR SWIFT

Is é atá in Sreang Dhofheicthe ná cnuasach speisialta d’amhráin Taylor Swift agus iad traschruthaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Róisín Seoighe. Is iad Róisín Seoighe X IMLÉ a chuirfidh i láthair iad. Mar chuid den seó, beidh íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.

AN CRAICEANN AGUS A LUACH

This spellbinding show features Eithne Ní Ghallchobhair reading her acclaimed retelling in verse of the mermaid myth to a score written by composer and guitar genius Steve Cooney, joined by a stellar cast of musicians including Cormac Breathnach, Billy Mag Fhloinn, Robbie Perry, Dermot Byrne and Odhrán Ó Casaide.

CLOCHDHÁNTA

Clíodhna Cussen was a force of nature in Irish cultural life – a sculptor, painter, novelist and poet, she excelled in every discipline. IMRAM is proud to celebrate her life and work through music and poetry, with her husband Pádraig Ó Snodaigh and her sons Rónán, Rossa and Colm, from the band Kíla.

GLOINE NA MARA

Tionscadal filíochta ilmheánach i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge na hÉireann, le Meg Bateman, Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffat and Marcus Mac an Tuairneir. Ceol le Colm Ó Snodaigh agus íomhánna le Margaret Lonergan.

CLÁR IMRAM 2024

IMRAM-na-nÓg-2022
Morleamh
Clar-Imram-2022-Mapaí
Clar-Imram-2022-Ó-Scolaí
Clar-Imram-2022-Ó-Síomóin
Clar-Imram-2022-Mapaí
Clar-Imram-2022-Ó-Scolaí
Clar-Imram-2022-Ó-Síomóin

SREANG DHOFHEICTHE: TIONSCDAL TAYLOR SWIFT

Is é atá in Sreang Dhofheicthe ná cnuasach speisialta d’amhráin Taylor Swift agus iad traschruthaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Róisín Seoighe. Is iad Róisín Seoighe X IMLÉ a chuirfidh i láthair iad. Mar chuid den seó, beidh íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.

AN CRAICEANN AGUS A LUACH

This spellbinding show features Eithne Ní Ghallchobhair reading her acclaimed retelling in verse of the mermaid myth to a score written by composer and guitar genius Steve Cooney, joined by a stellar cast of musicians including Cormac Breathnach, Billy Mag Fhloinn, Robbie Perry, Dermot Byrne and Odhrán Ó Casaide.

CLOCHDHÁNTA

Clíodhna Cussen was a force of nature in Irish cultural life – a sculptor, painter, novelist and poet, she excelled in every discipline. IMRAM is proud to celebrate her life and work through music and poetry, with her husband Pádraig Ó Snodaigh and her sons Rónán, Rossa and Colm, from the band Kíla

GLOINE NA MARA

Tionscadal filíochta ilmheánach i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge na hÉireann, le Meg Bateman, Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffat and Marcus Mac an Tuairneir. Ceol le Colm Ó Snodaigh agus íomhánna le Margaret Lonergan.

CLÁR IMRAM 2024

MÉ BRÍ AN DÁNA

Seoladh leabhair

POETRY IRELAND AND IMRAM ARE PROUD TO CELEBRATE THE LAUNCH OF THREE EARLY IRISH POEMS IN MODERN IRISH VERSIONS

James Joyce Centre |  Saorchead isteach/free admission
7 Samhain / November 6.30pm

‘Tá údarás agus uaisleacht in uachtar sna dánta seo… mar atá sa chuid is fearr dá cuid dánta féin, an teanga á feacadh agus á lúbadh i gcúrsaí friotail agus comhréire agus í ag cruthú uair amháin eile gur uirlis lánacmhainneach í don té atá inniúil ar í a ionramháil mar is cóir…tá cúis eile againn a bheith buíoch go raibh Máire Mhac an tSaoi ag obair chomh fada is chomh flaithiúil sin inár measc.’
– Louis de Paor

Tonight Poetry Ireland and IMRAM are proud to celebrate the launch of Máire Mhac an tSaoi’s Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, agus Amhra Choilm Cille: Three Early Irish Poems in Modern Irish versions. The book’s editor, Louis de Paor will read selections from the poems, with songs from Síle Denvir.

Is i gcomhar le hIonad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a foilsíodh an leabhar seo.

In partnership with:

SREANG DHOFHEICTHE: TIONSCADAL TAYLOR SWIFT

INVISIBLE STRING: THE TAYLOR SWIFT PROJECT
The Pavilion Theatre  |  Cead isteach/admission €27
Booking: (01) 2312929  Ticéid Anseo
7 agus 8 Samhain / November 8.00pm

Tá clú agus cáil tuillte ag Taylor Swift ar go leor cúiseanna. Tá bua na cumadóireachta aici, gan amhras, agus í thar a bheith cumasach ag insint scéalta grá: an lúcháir, an briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí; an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte; na fuaimdhreacha áille in folklore agus evermore agus na beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach. Is é atá in SREANG DHOFHEICTHE ná cnuasach speisialta dá cuid amhrán agus iad traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Róisín Seoighe. Is iad Róisín Seoighe X IMLÉ a chuirfidh i láthair iad. Mar chuid den seó, beidh íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.

SREANG DHOFHEICTHE is a special weave of songs from Taylor Swift’s critically acclaimed albums, folkore and evermore, with their intertwined narratives of life and love in a small American town. The lyrics, which have been translated by Gabriel Rosenstock and Róisín Seoighe, will feature on beautiful screen projections created by artist Margaret Lonergan. The beautiful aural landscapes of these albums will be recreated live by Róisín Seoighe X IMLÉ. And expect some special guest singers and greatest hits selections too!

The Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Booking: (01) 2312929  Ticéid Anseo

Mórléamh

Gala Reading

RÉALTÁN NÍ LEANNÁIN, SEÁN Ó CADHAIN & COLM Ó CEALLACHÁIN

Dublin Castle Printworks  |  Saorchead isteach/Free admission
Caithfear áit a chur in áirithe anseo
Advance booking required here
9 Samhain / November 3.15pm

Ina cuid scéalta pléann Réaltán Ní Leannáin téamaí casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna. Scríbhneoir ina bhfuil féith an ghrinn go smior ann é Seán Ó Cadhain, rud a léiríonn sé ina chéad chnuasach gearrscéalta Fanacht Fada. ‘Bíonn an t-aorachas, an greann agus an scigmhagadh measctha le chéile aige sna scéalta agus an t-údar ag séideadh go caoin is go mín ach go héifeachtach faoin gcur i gcéill agus faoin gcamastaíl atá neadaithe i sochaí agus i gcultúr na tíre ina mairimid’, a dúirt Mícheal Ó Ruairc faoi. Ag scríobh faoi Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin san iris Books Ireland, dúirt Cathal Póirtéir: ‘Tá na scéalta uilig scríofa ar bhealach dochreidte maith: comhrá idir daoine a bhraitheann tú a bheith fíor agus réalaíoch…tá sé dochreidte gur éirigh leis an údar an saol a chur bunoscionn agus droim ar ais agus an saol mór iontach comhaimseartha Eorpach a chuir romhainn i nGaeilge’.

Réaltán Ní Leannáin is the author of the short story collection Inní, praised by Books Ireland for its ‘human and believable characters living in a palpable world’. Seán Ó Cadhain writes finely honed fiction replete with satires of modern life. In Ré na bhFathach, Colm Ó Ceallacháin explores themes of personal tragedy and sexual awakening in finely written stories that exhibit both light and shade.

The Poddle Dublin Castle Printworks, Dublin 2
Saorchead isteach/free admission
Caithfear áit a chur in áirithe anseo
Advance booking required here

In association with Dublin Book Festival

Ó GHLEANN GO GLEANN: LITRÍOCHT AGUS CEOL NA GAELTACHTA

The Dublin Liberties Distillery | Saorchead isteach/Free admission
Caithfear áit a chur in áirithe anseo
Advance booking required here
9 Samhain / November 6.30pm

Ba é an t-úrscéal Tairngreacht le Proinsias Mac A’ Bhaird is mó a thuil clú dó mar scríbhneoir. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana de chuid An Post ar an úrscéal sa bhliain 2019. Tugann Flaitheas, an t-úrscéal nua leis, radharc dúinn ar Colmcille an duine, agus tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois. File agus úrscéalaí bisiúil as Cill Chiaráin i gConamara is ea Jackie Mac Donncha a bhfuil go leor gradam bronnta air as a shaothar. Craoltóir agus scríbhneoir í Catherine Foley agus is minic le cloisteáil í ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Sunday Miscellany. Caitheann sí súil siar ar na seanlaethanta sa bhailiúchán Ag Marú Maicréal agus aimsítear draíocht i ngnáthimeachtaí ann. Is amhránaí aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall í Diane Ní Channain.

Proinsias Mac A’ Bhaird is a poet and novelist from Donegal. His new novel Flaitheas tells the story of Colmcille, vividly taking us into a world where ambitious kings are at each other’s throats. Jackie Mac Donncha is from Conamara, and his latest novel Oiread na Fríde tells a story of love, guilt and coming of age against the backdrop of the Covid pandemic. Catherine Foley is a poet, memoirist and novelist. In Cuisle an Chósta she explores the landscapes and culture of the Rinn Gaeltacht. We will also be joined tonight by the magical Donegal singer Diane Ní Channain, acclaimed for her haunting and expressive style.

The Dublin Liberties Distillery, 33 Mill Street, Dublin 8

LÉARSCÁIL LITRÍOCHTA

Léacht faoi Sheosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath
 
The Teachers’ Club | Cead isteach/admission: €10
Book here
11 Samhain/November 6.00pm

Is é atá sa léacht seo ná turas Sheosaimh Mhic Grianna le linn dó a bheith ag obair don Ghúm, comhlacht foilsitheoireachta an stáit, agus é ina chónaí i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1928 agus 1938. Turas nó léarscáil litríochta atá ann ar an iliomad áiteanna a raibh Seosamh ag fanacht le linn na tréimhse is cruthaithí agus is bisiúla dá shaol agus é ag saothrú litríochta idir aistriúcháin agus phrós agus obair iriseoireachta. Dúirt Seosamh gur dheacair leis fanacht in aon áit amháin níos mó ná ráithe, ach is léir anseo ón rogha den ábhar a bhí á scríobh aige cé chomh gnóthach is a bhí sé. Tugann an chamchuairt liteartha seo ar Bhaile Átha Cliath fianaise ar ionad ceilte na Gaeilge i saol na cathrach, agus cuirfidh an léacht seo leis an aithne agus leis an eolas atá againn ar Sheosamh Mac Grianna mar dhuine agus mar scríbhneoir.

Seosamh Mac Grianna, author of the strange masterpiece Mo Bhealach Féin, lived in Dublin from 1928 to 1938. During that period, he moved restlessly from one address to another, whilst making a living from journalism and translating writers such as Joseph Conrad to Irish for the state publishing house An Gúm. In this special lecture, Gearóidín Uí Laighléis takes us on a journey to the heart of Mac Grianna’s Dublin, giving us a new view of Mac Grianna both as a person and as a writer.

The Teachers’ Club, 36 Parnell Square, Dublin 1
Cead isteach/admission: €10
Book here

MÓRLÉAMH: FICSEAN NUA

ART HUGHES, MICHELLE NIC PHÁIDÍN, MAJELLA NÍ DHOMHNAILL & DAITHÍ Ó MUIRÍ

12 Samhain/November 7.30pm

Is léitheoir le Gaeilge é Art Hughes in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste. Is é An Cairdeagan Buí a chéad úrscéal, scéal eipiciúil a leanann saol corraitheach Mháire Uí Riain as Contae Luimnigh i lár an chéid seo a chuaigh thart, agus tugtar isteach muid go Níolann Mhaighdiléana do mháithreacha neamhphósta. Is é Súile Éisc an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Michelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta agus saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí. Sobhristeacht na beatha agus siorghrá an tuismitheora don pháiste – pléann Majella Ní Dhomhnaill go cumhachtach le réimse téamaí ina leabhar Cuimhní Poircealláin. Mná agus a bhaineann leo atá sa chnuasach nua gearrscéalta Mná le Daithí Ó Muirí – scéalta a thógann an léitheoir ar aistear fantaisíochta agus osréadúil.

Art Hughes is a poet, scholar, artist and broadcaster. An Cairdeagan Buí is his first novel, and deals with the Magdalene Laundries and the power of the church in 1950s Limerick. In her short fiction, Michelle Nic Pháidín explores themes of love, revenge and native lore. In Cuimhní Poircealláin, Majella Ní Dhomhnaill touches on sudden moments where lives are transformed, for good or for ill. Daithí Ó Muirí is one of Ireland’s finest short story writers, whose work is marked by the fantastic and the surreal.

The Teachers’ Club, 36 Parnell Square, Dublin 1
Cead isteach/admission: €10
Book here

AN CRAICEANN AGUS A LUACH

Smock Alley  |  Cead isteach/admission €15/12
Booking: (01) 6770014 or book here
13 Samhain/November 7.30pm

Tagann an reacaireacht agus an ceol nua-chumtha ag Steve Cooney le chéile sa léiriúchán seo, An Craiceann agus a Luach – bunaithe ar an scéal béaloidis faoin mhaighdean mhara ar cuireadh iachall uirthi fear daonna a phósadh. Cíortar achan réimse den scéal agus an lucht éisteachta á mealladh ar thuras intinne, ag smaoineamh ar an mhaighdean mhara ar fágadh ina hiasc ar talamh. Tá léargas ar an éiceolaíocht agus ar an fheimineachas – agus ar litríocht ársa na nGael: an rúraíocht, an fhiannaíocht, agus an mhiotaseolaíocht.

A traditional storyteller known for captivating live performances, Eithne Ní Ghallchobhair is the author of the critically acclaimed An Craiceann agus a Luach, a retelling in verse of the myth of the mermaid who marries a mortal man after he has secretly stolen and hidden the magic cloak she needs to return to her underwater world. Tonight’s spellbinding show features Eithne reading to a score written by composer and guitar genius Steve Cooney, who will be joined by a stellar cast of musicians including Cormac Breathnach, Billy Mag Fhloinn, Robbie Perry, Dermot Byrne and Odhrán Ó Casaide.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8
Booking: (01) 6770014 or book here

AG DUL SIAR

Agallamh poiblí le Rita Kelly
Gaelchultúr |  Cead isteach/admission €10
Book here
14 Samhain/November 6.00pm

Is file agus scríbhneoir dhátheangach í Rita Kelly le fada an lá. Ina cnuasach nua Aistear Dánta, tá friotal thar a bheith pearsanta aici, dírithe ar chairde atá ag scríobh leo, atá ar shlí na fírinne, atá ag titim i ngrá, atá ag múineadh scoile, nó ina suí i seomra scoile is a saol go léir os a comhair. Is géarshúileach í agus an tírdhreach á mheas aici, an tírdhreach céanna a spreagann an chuimhne. Phós sí Eoghan Ó Tuairisc sa bliain 1972. Thug lucht INNTI an chéad deis dhóibh comhdhán a fhoilsiú le chéile i 1972 agus uaidh sin amach go bás Eoghain i 1982 bhí an saol eatarthu mar chomhdhán sa chiall is leithne den téarma. Ina leabhar Le Gean ó Mháirtín, déanann sí cuir síos ar a chomhfhregras is a cairdeas le Máirtín Ó Direáin.

TRAVELLING WEST

A PUBLIC INTERVIEW WITH RITA KELLY

Rita Kelly is an award-winning poet in both Irish and English, as well as a short story writer, critic, dramatist and lecturer. Her work has been acclaimed by Máire Mhac an tSaoi for its ‘lyric power’ and ‘startling capacity to translate brutal experience into universal significance’. Tonight she talks about her life and work with Professor Michael Cronin.

Gaelchultúr 11 Clare Street, Dublin 2
Cead isteach/admission: €10
Book here

In association with Gaelchultúr

CEOLTA

CEOL le SEXY TADHG, FILÍOCHT le JULIE GOO, MARCUS MAC CONGHAIL, LAOIGHSEACH NÍ CHOISTEALBHA, DUBHÁN Ó LONGÁIN
The Grand Social  | Cead isteach/admission: €15
Book here
14 Samhain/November 7.30pm

Tá clú agus cáil ar Sexy Tadhg as an bhfuinneamh dochredite a bhaineann lena gcuid seóanna beo. Is file sa dá theanga í Julie Goo agus amhránaí is ea í chomh maith. Ba Seaimpín Slam na Mumhan í sa chomórtas beo 2012. Sa bhailiúchán uaithi Dána, iniúchann sí na dúile Talamh, Aer, Tine agus Uisce. File, amhránaí, cumadóir amhrán agus craoltóir é Marcus Mac Conghail.  Cuimsíonn a scríbhneoireacht spraíúil foirmeacha éagsúla, an liric ghearr, an dán coincréiteach, an caoineadh agus an liodán. Guth nua corraitheach i saol na héigse in Éirinn í Laoighseach Ní Choistealbha a chuimsíonn téamaí a bhaineann leis an dúlra, an timpeallacht agus an grá. Ina leabhar IDEO Locator, téann Dubhán Ó Longáin i ngleic le téamaí an chreidimh agus na gnéasachta le gliceas agus le cruinneas neamhchoitianta.

Sexy Tadhg are famed for their jaw-dropping live shows – and often compared to David Bowie, Freddie Mercury and Lady Gaga. Expect fun and high energy tonight! Also taking to the stage tonight are Julie Goo, Marcus MacConghail, Laoighseach Ní Choistealbha and Dubhán Ó Longáin – four of the most dynamic voices in modern Irish poetry.

The Grand Social, 36 Lower Liffey Street, Dublin 1
Cead isteach/admission: €15
Book here

IMRAM in association with Poetry Ireland

DUAIS HAIKU BASHō

HAIKU READING AND AWARD PRESENTATION

Smock Alley  |  Event for schools

15 Samhain/November 11am–1pm

Tugann Comórtas Filíochta Haiku Duais Bashō cuireadh do dhaltaí iarbhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur faoi bhráid moltóra. Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú hAois, agus a bhláthaigh i ré an mháistir mhóir, Bashō. Scríobhtar dánta haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla déag ar a mhéad iontu.

The Duais Bashō Haiku Poetry Competition asks post-primary students to compose a haiku in the English or Irish language and submit their haiku for adjudication. The haiku is the shortest poetic form in the world which originated in Japan in the 17th Century, first refined and championed by haiku master Bashō. Haiku poems are usually written in three lines and contain a maximum of seventeen syllables. As part of this project, haiku poets Liam Carson, Rody Gorman and Maeve O’Sullivan have been conducting workshops with students throughout the country. This event will feature a haiku reading – with music from Seán Mac Erlaine – and the announcement of the winners.

IMRAM in association with Poetry Ireland Education

CLOCHDHÁNTA

Ceiliúradh ar shaothar agus ar shaol Chlíodhna Cussen

15 Samhain/November 7.30pm

Rinne Clíodhna Cussen (1932-2022) – dealbhóir, péintéir, úrscéalaí, file – éacht i gcaitheamh a saoil agus chuir sí a croí agus a hanam i ngach rud a rinne sí. Sampla iontach dá healaín phoiblí is ea An Chloch Fhada (1986) a sheasann san áit a dtagann Sráid an Phiarsaigh agus Sráid an Choláiste le chéile i mBaile Átha Cliath. Is ann a bhí cloch fhada ag na Lochlannaigh fadó chun nach rachadh a gcuid long i dtalamh ann. I measc a cuid úrscéalta tá An Eochair, cuntas ficsin ar Eibhlín Dubh Ní Chonaill. Anocht déanann IMRAM ceiliúradh ceoil agus filíochta ar Chlíodhna.

THE POETRY OF STONE

A CELEBRATION OF THE LIFE AND WORK OF CLÍODHNA CUSSEN

Clíodhna Cussen was a force of nature in Irish cultural life – a sculptor, painter, novelist and poet, she excelled in every discipline. Tonight IMRAM is proud to celebrate her life and work through music and poetry. Her husband Pádraig Ó Snodaigh will read from a beautiful suite of poems about their life together. There will also be music from her sons Rónán, Rossa and Colm, from the band Kíla. Biddy Jenkinson will read selections of Clíodhna’s poetry and prose. With screen projections by Margaret Lonergan of Clíodhna’s art.

Smock Alley, Exchange Street Lower, Temple Bar, Dublin 8
Booking: (01) 6770014 or book here

GLOINE NA MARA

TIONSCADAL FILÍOCHTA ILMHEÁNACH i nGAEILGE NA hALBAN & i nGAEILGE NA hÉIREANN

16 Samhain/ November 8.00pm

Tá gnaoi an phobail tuillte go rímhaith ag Meg Bateman. Deir Les Murray fúithi go bhfaightear macántacht phaiseanta uasal ina cuid filíochta, rud a thug teanga na nGael di, tréith neamhchoitianta i ndomhan an Bhéarla atá báite san íoróin. Tá samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leis an bhfile Pàdraig MacAoidh/Peter McKay. Scríobhann Deborah Moffat dánta i mBéarla agus i nGaeilge. Tumann sí i miotais agus i dtírdhreacha an domhain, i Meiriceá Theas, sa Mheánoirthear, i gCeanada, in Albain agus in Éirinn. Tarraingíonn Marcas Mac an Tuairneir as scéalaíocht na ndaoine, cuntais stairiúla agus cúrsaí reatha agus na hoileáin seo d’Oileánra an Atlantaigh. Is filí nótáilte agus sáraistritheoirí iad Paddy Bushe agus Simon Ó Faoláin. Is cumadóir, ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir é Colm Ó Snodaigh a bhfuil clú air mar oirfideach aonair agus mar bhall den ghrúpa Kíla.

A multi-media celebration of Scottish Gaelic poetry, featuring Meg Bateman, Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffat, and Marcas Mac an Tuairneir. Tonight they will read their original poems exploring themes of language and landscape; whilst Colm Ó Snodaigh will perform versions in Irish, translated by Paddy Bushe and Simon Ó Faoláin, which he has set to music. With screen projections by Margaret Lonergan.

Cead isteach/admission €15/12

Booking: (01) 2312929  |   Ticéid Anseo

Share via
Copy link