Festival Schedule
FÉILE AR LÍNE DE SCANNÁIN LITEARTHA ATÁ LÁN DE DHRAÍOCHT
Marbhnaí Duino
DATES
12, 14, 16, 17 & 19
Nollaig / December
Time: 8.00pm
SAOR IN AISCE/FREE

Mórshaothar de chuid Rainer Maria Rilke é Marbhnaí Duino, machnamh aislingeach ar an mbeatha is ar an mbás. Cuireadh tús leis na marbhnaí sa bhliain 1912 nuair a bhí an file ag cur faoi i gCaisleán Duino ar an Muir Aidriad agus cuireadh deireadh leo i mbabhta dianinspioráide sa bhliain 1922. Tugtar aghaidh ar an mbás agus ar an dobrón iontu, ach ceiliúrtar fórsa na beatha, leis, iontu agus páirt á glacadh iontu ag aingil, leannáin, máithreacha agus aithreacha. Sa tsraith scannán seo faightear cúig cinn de na marbhnaí, aistrithe go paiteanta ag an mórfhile Máire Mhac an tSaoi.
Duino Elegies is Rainer Maria Rilke’s masterpiece, a visionary exploration of life and death. This series of films features five elegies translated into Irish by acclaimed poet Máire Mhac an tSaoi. They are read by Dairena Ní Chinnéide to music by Seán Mac Erlaine, and images from Margaret Lonergan. Produced by Liam Carson. Film editing by Liam Grant.