GLASADH

DÉ MÁIRT 16 SAMHAIN
Tuesday 16 November

8.00pm

ONLINE FILM

GLASADH

GREENGRAYLOCKDOWN

RODY GORMAN

Le linn na dianghlasála a tharla de dheasca Covid-19, chum Rody Gorman sraith dánta iontacha, breis is céad díobh, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla. Dialann liriceach, d’fhéadfá a rá, den tréimhse aisteach úd nuair a bhí an cine daonna gan chosaint. Ar an Eilean Sgitheanach (Eilean a’ Cheò) a bhí Rody agus an dúlra mar chompánach aige: an chuach ag glaoch is an tsailchuach faoi bhláth, na coinnle corra á bheannú ón gcnoc. Tá greann ann chomh maith nuair is céilí beag ag dhá cheann an tsiopa é an scaradh sóisialta, nó é ag insint scéilíní don chlapsholas ar zúm. Tá an bhuairt ann, gan amhras, an tsochraid gan mórán sochraideoirí, an píobaire aonair. Ina dhiaidh sin is uile, bhraithfeá go bhfuil an pobal ann láidir fós, agus laethanta ciúnais agus áilleachta á gceiliúradh acu.

Beidh roinnt de na dánta sin á n-aithris ag an bhfile féin mar chuid den seó Glasadh. Cloisfear ceol atmaisféarach agus glórtha ón dúlra, agus feicfear grianghraif is obair ealaíne a bheidh ag freagairt do na dánta.

During the covid-19 lockdown, Rody Gorman wrote a series of over a hundred remarkable poems in Scottish Gaelic and English that form a lyrical diary of the strange time in which an epidemic became a pandemic, and humanity found itself without defences. Within lockdown on the Isle of Skye, Gorman found himself attending to nature – from the sounds of the cuckoo to the flourishing of violets and bluebells on the hillsides. There are comic moments where social distancing becomes a ‘wee ceilidh at the two ends of the shop’ or of ‘telling stories to dusk’ on zoom. Here also are sad moments, of sparsely attended funerals and lone pipers. But within these poems there is a keen sense of life and community surviving against the odds, and a celebration of days of silence and beauty. 

Glasadh features a selection of these poems recited by Gorman himself, and accompanied by music and sound effects composed by Liam Grant, and fused with photos and art responding to the texts, created by Margaret Lonergan.

Cead isteach: Saor in aisce/Free

Artists In This Event Include:

Rody Gorman

Glasadh, 16 Samhain

Imeachtaí IMRAM 2021

Share via
Copy link
Powered by Social Snap