TIONSCADAL FILÍOCHTA AR NA MEÁIN SHOISIALTA

MÍ NA NOLLAG
Throughout December 

 

TIONSCADAIL FILÍOCHTA
DE CHUID IMRAM
AR NA MEÁIN SHÓISIALTA

IMRAM POETRY PROJECTS ON SOCIAL MEDIA

Ó mhí na Samhna ar aghaidh, beidh IMRAM le feiceáil i bhfad níos minice ar Facebook, twitter agus Instagram. Díreofar ar dhá thionscadal ar leith i dtosach 

From November 2021 onwards, IMRAM will be significantly increasing its presence on Facebook, Twitter and Instagram. This will initially focus on two poetry projects.

DORNÁN HAIKU ÓN tSEAPÁIN

A FISTFUL OF HAIKU FROM JAPAN

Tagraíonn Gabriel Rosenstock don fhoirm cháiliúil trí líne seo mar fhilíocht aon anála a chuireann lenár dtuiscint do bheith beo go hiomlán sa nóiméad éalaitheach. Sa tionscadal seo, nochtar domhan dúinn atá á chruthú agus á mheath os ár gcomhair trí shúile máistrí haiku Seapánacha i gcaitheamh na gcéadta. Léireofar na buntéacsanna agus an traschruthú gleoite gonta atá déanta ag Rosenstock orthu. Seachtó haiku ar fad agus iad á gcur i láthair ag an dearthóir Kieran Nolan ar shleamhnáin áille le haghaidh na meán sóisialta.

In this project, we are brought in a world of transient beauty as captured by Japanese haiku poets through the ages. Transcreated into Irish by Gabriel Rosenstock, and accompanied by the original Japanese texts, this selection of seventy haiku is beautifully presented by designer Kieran Nolan in slides that will appear on social media. Haiku sourced from Blue Willow Haiku World.

ÉIGSE CHINÉITEACH

KINETIC POETRY

Léiríonn an tionscadal seo réimse leathan filíochta ó fhilí aitheanta agus filí atá ag teacht chun cinn le tamaillín anuas. Sna gearrscannáin chinéiteacha seo dá saothar tá a ndéantúis curtha in iúl le cabhair ón gceamara agus ón gclóghrafaíocht. Cloisfear guthanna na bhfilí féin. Ciarán Ó Meachair atá i mbun deartha.

This project features a wide range of work from established and new poets rendered into short kinetic text films that feature imaginative visual and typographic interpretations of their work. We hear the voices of the poets themselves, and the design is by Ciarán Ó Meachair.

NA FILÍ/THE POETS

Áine Ní Ghlinn; Colin Ryan; Julie Field; Gabriel Rosenstock; Róisín Sheehy; Julie Banwait-Breathnach; Marius Burokas & Dairena Ní Chinnéide; agus Marcus Mac Conghail.

Artists In This Event Include:

Colin Ryan

Éigse Chinéiteach

Gabriel Rosenstock

Dornán Haiku ón tSeapáin

Áine Ní Ghlinn

Éigse Chinéiteach

Róisín Sheehy

Éigse Chinéiteach

Julie Breathnach-Banwait

Éigse Chinéiteach

Dairena Ní Chinnéide

Éigse Chinéiteach

Marcus Mac Conghail

Éigse Chinéiteach

Imeachtaí IMRAM 2021

Share via
Copy link
Powered by Social Snap