FOLÚNTAIS
Job Vacancies

BAINISTEOIR
Sonraí an Phoist
Tá Bainisteoir Féile a bhfuil saintaithí aici/aige á lorg ag IMRAM Féile Litríochta Gaeilge, duine a chomhoibreodh go dlúth le Stiúrthóir agus Bord na Féile chun go mbeadh borradh is fás i ndán di as seo go ceann cúig bliana, agus a hinmharthanacht a dheimhniú i ndiaidh na tréimhse sin. Is é a bheidh sa duine a n-éireoidh léi/ leis ná léiritheoir a bhfuil taithí aige ar fhéilte a rith, scileanna maithe i dtaca le bainistiú airgeadais de, tuiscint mhaith don mhargaíocht i gcomhthéacs na n-ealaíon de, scileanna láidre idirphearsanta agus an-chur amach ar chonarthaí agus ar chaidreamh le healaíontóirí. Cainteoir líofa Gaeilge a bheidh san iarratasóir, cur amach aici/aige ar litríocht na Gaeilge agus tuiscint mhaith d’earnáil imeachtaí ealaíne in Éirinn.
An Ról:
- Comhoibriú le Stiúrthóir agus Bord IMRAM i dtaca leis an gclár de, an lucht féachana, agus an éifeacht atá ag an bhféile ar an bpobal
- Comhoibriú le Stiúrthóir na Féile chun amlíne agus spriocdhátaí na Féile a phleanáil i dtaca le gnéithe éagsúla den Fhéile de
- Bainistiú a dhéanamh ar chlár IMRAM nuair a bheidh sé faofa ag na páirtithe go léir chun go mbainfeadh cuairteoirí ardtaitneamh as
- Bheith freagrach as riarachán agus comhordú ginearálta na féile
Timpeallacht ghlan shábháilte chairdiúil a dheimhniú
Déileáil le hionaid éagsúla le cinntiú go bhfuil an criú agus na riachtanais theicniúla in ord is in eagar
Foireann dheonach a earcú, a thraenáil agus a bhainistiú nuair is cuí sin a dhéanamh
Margaíocht agus Caidreamh Poiblí
- Comhoibriú le Stiúrthóir na Féile chun téacs na n-imeachtaí a chur ar fáil le haghaidh chlár na féile agus an tsuímh ghréasáin
- Bainistiú a dhéanamh ar dhearadh na gclár, a dtáirgeadh agus a ndáileadh
- Comhoibriú le Stiúrthóir na Féile chun déileáil leis na meáin trí phreaseisiúintí a chruthú agus caidreamh a chothú le páirtithe sna meáin
- Bainistiú a dhéanamh ar ábhar a chur ar fáil do na meáin shóisialta agus na hardáin sin a choinneáil beo i gcaitheamh na bliana; bheadh méadú ar an ábhar sin agus sinn ag druidim leis an bhféile féin: suíomh gréasáin IMRAM, Facebook, Twitter agus Instagram
Oifig na dTicéad
- Ardán ticéad agus díolachán a chur ar bun agus a bhainistiú
- Oifig na dTicéad a bhainistiú
Caidreamh le hEalaíontóirí
- Bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí, thaisteal, lóistín agus riachtanais eile a bheadh ag údair is aíonna eile na féile
- Fáilteachas eile, ina measc sceidil a chur le chéile, pacáistí fáilte agus riachtanais lónadóireachta
- Gnó a Fhorbairt/ Dul i nGleic le Lucht Féachana
- Caidreamh le Príomhpháirtithe Maoinithe a chothú agus a bhuanú
- Caidreamh a chothú agus a bhuanú agus deiseanna a fhorbairt le féilte eile ag baile agus i gcéin
- Caidreamh a chothú agus a bhuanú le hinstitiúidí oideachais ag gach leibhéal chun comhordú a dhéanamh ar chlár oideachais agus for-rochtana na féile
Tiomsú Airgid / Airgeadas
- Buiséad a chruthú agus a bhainistiú le haghaidh na féile agus imeachtaí gaolmhara
- Cuntais agus tuarascálacha bainistíochta a ullmhú
- Gach gné d’iarratais le haghaidh maoinithe ó thaobh airgeadais de a ullmhú
- Deiseanna maoinithe a thaighde agus iarratais a chruthú
- Caidreamh a chruthú agus a bhuanú le páirtithe atá ann cheana féin nó a d’fheadfadh a bheith ann, le lucht urraithe agus maoinithe chun go mbeadh fás agus éagsúlú ag teacht ar an múnla maoinithe
- Deimhin a dhéanamh de go bhfuiltear ag teacht leis an gCód Rialachais do Charthanais
Post lánaimseartha
Tuarastal €40k
Is gá don iarrthóir litir iarratais, CV agus ráiteas pearsanta (aon-leathanaigh) le moltaí faoi conas ról agus fís IMRAM a fhorbairt san blianta amach romhainn a sheoladh chuig [email protected] roimh 5.00 i.n Dé Máirt 17 Bealtaine 2022.