Gealach Rua le Caitríona Ní Chléircín

Category

Gealach Rua

Tá ruithne rua ón ré anocht
uraíonn sí um Cháisc
ina lóchrainn oráiste ómra
céasta mar chloigeann Chríost
fuildhearg
faoi mar a goineadh í
trasnaíonn craobhacha í
imíonn sí leo
ag urú
éiríonn sí,
téann sé le craobhacha
gointear í
lí an smóil inti
iompraíonn sí an oíche
ina héadán
mo ghealachghoin.

Uraíonn ruithne rua ón ghoin-ré
amach as a crann cumhachta
a théann sí
faoi chrann smola
ina cime ag an domhan
rua ar an imeall
i bhfáinne fiáin
ag lonrú
ar oíche thromdhorcha.

Caitríona Ní Chléircín