Fearfhile
(Do M.)
Osclaíonn do ghuth sléibhte ionam
duibheagáin,
uaimheanna is áigéin
Músclaíonn do bhriathra tonnta ionam
is bím caochta ag ceol an imigéin
Síscéal is ea d’fhocal dom
i gcrithirchuardach na hoíche
Músclaíonn macalla do ghutha
taibhsí ionam
nach dtig liom a cheansú ná a chiúnú
cé go siúlaim is siúlaim ag iarraidh éalú
– séanadh –nó cur i gcéill nach ann dó
a leannán sí
a leanaim, is a leanann mé achan áit
Beathaíonn reic do dhánta tinfidh ionam is mian –
tarlaíonn briatharthonn ionam achan lá
is neart chun troda i gcoinne seo, a thuilleadh
níl fanta agam
Cluinim do ghuth i mo choim istoíche
faoi bhrat mo chléibhe
arraing is ea do ghuth ionam
ach fós
suaimhíonn d’fhriotal mé
do shéimhe
a cheansaíonn is ciúnaíonn an stoirm istigh
ón fhocal is lú uait.
A fhearfhile
gabhann d’fhuaimeanna tríom
d’fhothram
is freang – freang freang—
chun an tsaoil
fíonn tú ionam
d’fhuaim ionam,
fuann tú ionam,
fuineann tríom
táim fite fuaite
fuinte agat
ag d’fhuaim ionam
Caitríona Ní Chléircín