Cailleach sa Scáthán le Dairena Ní Chinnéide

Category

Cailleach sa Scáthán

Cím fiach dearg lasrach
idir mé agus an scáthán

táim in easnamh
in eangach smaointe

eitlíonn sí sa seomra bán
i lochta mo thí

mar a éalaíonn codladh uaim
ar nós cat fé uisce

scáthánna sleamhain
im radharc súl

tá sí éirithe amach
splancanna a cuid sciatháin

ag preabarnach
ag bun na leapan

aiséirí na caillíghe
a chonac im chailín óg

seanbhean scrabhaite
ag stánadh orm

iompaithe ina cat fiaigh
éan claochlaithe.

Dairena Ní Chinnéide