Loading Events

Seoladh Cló Iar-Chonnacht

Home Event Seoladh Cló Iar-Chonnacht
  • This event has passed.

Seoladh Cló Iar-Chonnacht

Dáta:

Deireadh Fómhair 19 @ 6:00 pm

Cost: Free

MÁIRTÍN Ó DIREÁIN 1910–1988: BOOK LAUNCH

 

An Chuid Eile Díom Féin: Aistí Próis le Máirtín Ó Direáin Síobhra Aiken (eag.)

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918–1988), chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile. Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach seo: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta.

 

Máirtín Ó Direáin: Selected Poems/Rogha Dánta 

Aistrithe agus in eagar ag / Translated by Frank Sewell

Ainneoin gur fhoilsigh Tomás Mac Síomóin agus Douglas Sealy Tacar Dánta/Selected Poems leis an Direánach i 1984 agus go ndeachaigh athchló air i 1992, tá sé as cló le fada. Seo chugainn, mar sin, aistriúcháin nua Bhéarla maille, leis na bunleaganacha Gaeilge, ar beagnach dhá chéad dán dá chuid, le duine de mhóraistritheoirí fhilíocht na Gaeilge. Tá na dánta “móra” uilig anseo, ‘Dínit an Bhróin’, ‘An tEarrach Thiar’, ‘Ó Mórna’, agus súil go rachaidh siad i bhfeidhm an ghlúin nua léitheoirí, i mBéarla agus i nGaeilge.

Sonraí

Dáta: Deireadh Fómhair 19

Time:

6:00 pm

Costas: Free

Event Categories: ,

Ionad

Ainm an Ionad: Smock Alley Theatre
Seoladh: Exchange Street Lower, Temple Bar
Dublin, Ireland
Phone: 01 6770014

Ionad

Ainm an Ionad: Smock Alley Theatre
Seoladh: Exchange Street Lower, Temple Bar
Dublin, Ireland
Phone: 01 6770014
Scaipeadh an scéal: