Loading Events

Móroíche Litríochta agus Cheoil

Home Event Móroíche Litríochta agus Cheoil
  • This event has passed.

Móroíche Litríochta agus Cheoil

Dáta:

Deireadh Fómhair 20 @ 8:30 pm

Cost: €12

Beidh móroíche litríochta agus cheoil á stáitsiú anocht ag IMRAM. Lainseálfar trí leabhar nua agus léifear píosaí astu agus beidh seisiún ceoil againn, ceol únua a bhfuil fréamhacha doimhne aige sa dúchas. Seinneann Thatchers of the Acropolis meascán de cheol leictreonach, sean-nós agus rac. D’eisíodar a gcéad singil, ‘Port Geal’ i mí Aibreáin – is fiú breathnú ar an YouTube – agus is geal le IMRAM iad a bheith ar bord.

Comharghnó turgnamhach é Árchú le meascán den fhocal labhartha, ceol traidisiúnta na hÉireann agus amhráin leictrea-acústach. Anocht, léifidh Dave Duggan as an nóibhille aige Makaronik, suite i bhfostaisiún sonraí ar imeall na hImpireachta, Doire, sa bhliain 2584, agus córiú ficsean eolaíochta ar ghnéithe de Thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Léifidh Alan Titley as Lámh, Lámh Eile, úrscéal bleachtaireachta noir: páirteach ann tá an lucht siúil, coirpigh Rúiseacha agus póilíní cama. Léifidh Simon Ó Faoláin as An Corrmhíol, leagan den dán fada A’ Mheanbhchuileag (Gairm, 1980) leis an Albanach Fearghas MacFhionnlaigh, duine beag i ngleic le ceisteanna móra. Beidh na leabhair sin á seoladh ag Cathal Póirtéir, Pat Butler agus Alan Titley faoi seach.

Sonraí

Dáta: Deireadh Fómhair 20

Time:

8:30 pm

Costas: €12

Event Category:

Website: www.moroiche.eventbrite.ie

Ionad

Ainm an Ionad: McGRATTAN’S
Seoladh: 76 Fitzwilliam Lane, Baggot Street
Dublin, Ireland

Ionad

Ainm an Ionad: McGRATTAN’S
Seoladh: 76 Fitzwilliam Lane, Baggot Street
Dublin, Ireland
Scaipeadh an scéal: