Loading Events

Doras isteach don Domhan

Home Event Doras isteach don Domhan
  • This event has passed.

Doras isteach don Domhan

Dáta:

Deireadh Fómhair 20 @ 9:00 am - 4:00 pm

Cost: Free

AN tAISTRIÚCHÁN LITEARTHA GAEILGE IN ÉIRINN AGUS THAR LEAR

Farainn ar an lá le plé a dhéanamh ar a gcuid aistriúchán ar an úrscéal clúiteach Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, beidh: Annamária Éva Dudik (ón Ungáir), Gabriele Haefs (ón nGearmáin), an Dr Radvan Markus (ó Phoblacht na Seice), an tOllamh Jan Erik Rekdal (ón Iorua) agus an tOllamh Alan Titley (ó Éirinn).

Pléifidh siad na dúshláin a bhain leis an téacs suntasach seo agus na réitigh chruthaitheacha ar tháinig siad orthu le prós craicneach croíúil an Chadhnaigh a chur in iúl ina gcuid teangacha féin.

Tá Lárionad de Bhaldraithe fíorbhuíoch de Shíolchiste UCD agus de Bhliain na Gaeilge as an maoiniú a chur ar fáil don chomhdháil seo.

CLÁR

09:00 CLÁRÚ: A215, Scoil na Gaeilge, An Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, Áras Newman, UCD, Belfield

09:30 SEISIÚN 1 (ceathrar cainteoirí ag déanamh plé ar an aistriúchán liteartha)

11:15 Sos tae

11:30 SEISIÚN 2 (ceathrar cainteoirí ag déanamh plé ar an aistriúchán liteartha)

13:15 Lón

14:00 LÉAMH FILÍOCHTA TRÍTHEANGACH (Béarla, Gaeilge, Gearmáinis) le GABRIEL ROSENSTOCK agus HANS CHRISTIAN OESER

14:45 COMHRÁ le haistritheoirí CRÉ NA CILLE

16:00 Críoch

Sonraí

Dáta: Deireadh Fómhair 20

Time:

9:00 am - 4:00 pm

Costas: Free

Event Category:

Ionad

Ainm an Ionad: Áras Newman, UCD
Seoladh: Belfield
Dublin, Ireland

Ionad

Ainm an Ionad: Áras Newman, UCD
Seoladh: Belfield
Dublin, Ireland
Scaipeadh an scéal: