Loading Events

Comhrá Le Cathal 2: Léirmheasanna ar úrscéalta nua

Home Event Comhrá Le Cathal 2: Léirmheasanna ar úrscéalta nua
  • This event has passed.

Comhrá Le Cathal 2: Léirmheasanna ar úrscéalta nua

Dáta:

Mí na Nollag 6, 2020 @ 1:00 pm

Dé Domhnaigh 6 Nollaig 2020 @ 1.00 pm

CLÁRAIGH ANSEO: https://www.crowdcast.io/e/imram-file-litrochta/register

Iniúchann Cathal Póirtéir agus painéal d’aíonna speisialta trí úrscéal nua. Pléifidh Anna Heussaff, Aonghus Ó hAlmhain agus Tristan Rosenstock Fatwa (Coiscéim) a scríobh Proinsias Mac a’Bhaird, ina dtarraingíonn údar conspóideach, Cormac Mac Ruairí, fraoch na mbunchreidmheach Moslamach air féin; Cití na gCártaí (Cois Life) le Réaltán Ní Leannáin a leanann Kati, Máltach óg, a thiteann i ngrá le saighdiúir Briotanach tar éis ár Gallipoli; is i mBéal Feirste círéibeach na 1920 a tharlaionn an t-aicsean ansin; agus Thar na Tonnta (Cló lar-Chonnacta) le Beairtle Ó Conaire, úrscéal a thosnaíonn lena dheireadh agus a ghabhann siar ar shaol an phríomcharachtair ann, Sonaí Ó Giolla, gníomhaí ar an eite chlé.

Tristan Rosenstock: láithreoir raidió agus teilifíse, ceoltóir, agus eagarthóir liteartha an mhíosacháin Comhar.

Anna Heussaff: duine de na scríbhneoirí Gaeilge is mo a bhfuil tóir ar a cuid leabhar i measc an aosa óig agus daoine fasta araon. I measc na dteideal uaithi tá Scáil an Phriosúin, Bás Tobann, Cúpla Focalagus Vortex.

Aonghus Ó hAlmhain: innealtóir bogearraí, tráchtaire agus saoithín focal. Is minic cúrsaí liteartha agus ealaíne faoi chaibidil aige ar an nuachtan ar líne Tuairisc.

Sonraí

Dáta: Mí na Nollag 6, 2020

Time:

1:00 pm

Event Categories: ,

Website: https://www.crowdcast.io/e/imram-file-litrochta/register

Ionad

Ainm an Ionad: Online

Ionad

Ainm an Ionad: Online
Scaipeadh an scéal: