Loading Events

Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, An tÚrscéal agus an Splanscéal

Home Event Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, An tÚrscéal agus an Splanscéal
  • This event has passed.

Ceardlann Náisiúnta: An Gearrscéal, An tÚrscéal agus an Splanscéal

Dáta:

Deireadh Fómhair 27 @ 8:00 am - 5:00 pm

Cost: Free

ÉIGSE ÉIREANN/POETRY IRELAND, 11 Parnell Square East, Dublin 1

Saorchead isteach/free admission

CEARDLANN NÁISIÚNTA: AN GEARRSCÉAL, AN tÚRSCÉAL AGUS AN SPLANCSCÉAL

CLÓ IAR-CHONNACHT

STIÚRTHÓIRÍ NA CEARDLAINNE: MICHEÁL Ó CONGHAILE AGUS MICHEÁL Ó RUAIRC

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/ nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5–8 lch) nó cúpla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net ROIMH an 15 Deireadh Fómhair 2018.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann.

Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathanch, Cló Iar-Chonnacht

Fón: (091) 593307 | Ríomhphost: moccic@eircom.net | www.cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon (Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Éigse Éireann/Poetry Ireland)

Sonraí

Dáta: Deireadh Fómhair 27

Time:

8:00 am - 5:00 pm

Costas: Free

Event Categories: ,

Ionad

Ainm an Ionad: Éigse Éireann / Poetry Ireland
Seoladh: 11 Parnell Square East
Dublin 1, Ireland

Ionad

Ainm an Ionad: Éigse Éireann / Poetry Ireland
Seoladh: 11 Parnell Square East
Dublin 1, Ireland
Scaipeadh an scéal: