Loading Events

Ceardaí focal

Home Event Ceardaí focal
  • This event has passed.

Ceardaí focal

Dáta:

Deireadh Fómhair 15 @ 8:00 pm

Cost: €12

CEILIÚRADH AR SHAOL AGUS AR SHAOTHAR LIAM UÍ MHUIRTHILE

File, úrscéalaí, drámadóir, craoltóir, colúnaí, aistritheoir, criticeoir, údar don aos óg – bhain an-éagsúlacht agus scóip le Liam Ó Muirthile mar scríbhneoir. Bhí sé ar dhuine de sheanfhondúiri INNTI, i dteannta Mhichael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock, tréimhseachán filíochta a raibh an-tionchar aige ar fhriotal is ar mheon na nua-éigse.

Bhuaigh a chéad chnuasach filíochta, Tine Chnámh, Duais an Ríordánaigh san Oireachtas agus an duais Irish-American Cultural Foundation.

I measc na n-úrscéalta uaidh tá Ar Bhruach na Laoi, Sceon na Mara, úrscéal bleachtaireachta suite ar chósta thoir na hÉireann; agus An Colm

Ban, úrscéal liteartha atá suite i bPáras. Léirigh Amharclann de hÍde an dráma Tine Chnámh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1993, léiríodh Fear an Tae in Amharclann Lána Aindriú i 1995 agus Liodán na hAbhann sa bhliain 2000. Lárthéama ina shaothar ab ea an choisíocht agus sna leabhair dheireanacha uaidh Oilithreach Pinn agus Camino de Santiago:

Poems, Poemas, Dánta, roinn sé a chuid smaointe linn faoi na tírdhreacha agus na daoine a bhí roimhe ar an gCamino.

Sonraí

Dáta: Deireadh Fómhair 15

Time:

8:00 pm

Costas: €12

Event Category:

Website: www.ceardai-focal.eventbrite.ie

Ionad

Ainm an Ionad: Smock Alley Theatre
Seoladh: Exchange Street Lower, Temple Bar
Dublin, Ireland
+ Google Map
Phone: 01 6770014

Ionad

Ainm an Ionad: Smock Alley Theatre
Seoladh: Exchange Street Lower, Temple Bar
Dublin, Ireland
+ Google Map
Phone: 01 6770014
Scaipeadh an scéal: