Aithne Ghearr – Mícheál Ó hUanacháin

Aithne Ghearr

i.m. DT

Bhain corrathuisle intinne dó lá:
fear óg cumasach álainn
arbh fhéidir amach ansin
é bheith ina réalt,
ina ainm aitheanta
ar fud na tíre,

Bhí sé ar iarraidh tamall
gur tháinig sé chuige féin –
an méid a d’fhéad sé.
Ach ní raibh riamh
i gceart ó shin.

Choinnigh an comhlacht
ar na leabhair é
ina dhiaidh
ag déanamh gnóthaí beaga
timpeall an tí,
mar a déarfá,
post beag fánach
ar ar éigin go mba ghá é,

amhail is go raibh
coinsias éigin corparáideach
á bpriocadh,
tuairim dhoiléir
go raibh oibleagáid
orthu –

lasair fhaon dhaonnachta
i saol a bhí ag dul
i gcruas in aghaidh an lae.

An lá cheana
bheannaigh go cneasta dhom
as m’ainm
sa tsráid, is dúirt
go raibh sé ar dóigh,
scortha ar pinsean,
sona.

Meangadh mór is é ag siúl uaim
fan an bhealaigh
mar nach mbeadh rud ar bith
imithe air
ón uair dheiridh
go raibh comhrá eadrainn
tríocha éigin bliain siar.

Biseach de chineál,
is dóigh.

Mícheál Ó hUanacháin

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*