Baint an Fhéir – le Dairena Ní Chinnéide

Baint an Fhéir

Ag fás fiáin
cothram liom féin
mo mhóinéar
ullamh le baint.

Mo chraiceann le lomairt
m’fhírinne nochtaithe
ag innill bainte féir
na cabaireachta.

Gortghlanadh anama
na ribí gearrtha
gort an tí sciúrsálta
ag rúnta folaithe.

Beidh cosáin chiúin pasálta
in airde fáis
go raghainn ag macnamh
fé fhalaing féireach.

Mo dhaingean glas
ag íompó sibhialta
fé fhaobhar na speile
fásfaidh sé fiáin fós.

Dairena Ní Chinnéide

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*