Míntíriú le Dairena Ní Chinnéide

Míntíriú

Réabann digger buí
fíorsceoch ar fhána ghéar sléibhe
cré chruaidh dhoimhin
ina lóchrann dhearg-mheirgeach
á tharrac chun míntíreachais
ar chnoc na ngoirt glasa
lása liath-dhonn na gclathacha
sníte go mírialta ar gach ciumhais
sruthán cloiche ag rith
i gcoinnibh an airde
tógtha ag sínsear tráth.

Dairena Ní Chinnéide

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*