SEANRUDAÍ le Mícheál Ó Ruairc

Seanrudaí atá iontu anois. Giobail. Taisí. Iarsmaí. Treillis-bhreillis na beatha. Ceirteacha bána ar foluain ó na sceacha lá gaoithe. Rudaí caite. Rudaí gan mhaith. Sliogáin fholmha fágtha gan aird ar chladach na beatha.

Agus muna gcreideann tú mé, tar liom. Tar liom agus taispeánfaidh mé duit iad. Maidin Dé hAoine an mhaidin is fearr chun na seanrudaí d’fheiscint. Bíonn an áit plódaithe leo ar an Aoine. Dé hAoine lá oifigiúil na seanrudaí. Agus is í Oifig an Phoist Mecca na seanrudaí. Bailíonn siad isteach ann ó chian is ó chóngar. Is muna mbíonn giob geab acu istigh ann ní lá fós é. Bíonn sé ina chibeal ceart acu istigh ann. Mar sin, má theastaíonn uait breathnú orthu mar sheanrudaí, bí ag póirseáil thart maidin Dé hAoine is chífidh tú ag teacht iad. Iad craptha, cromtha, bacach, tuisleach, creathánach, crapallach, cnagarnach, cnapánach, lúbtha, silteach, dronnach, mantach, pislíneach, cancrach, ciotrúnta, caoch. Seas ansin is bí ag breathnú orthu os íseal agus chífidh tú do chinniúint féin ina súile sreangacha, ruaimneacha. Mar tiocfaidh an lá cinnte agus beidh tú féin gach pioc chomh hainnis leo nó ní ba mheasa fiú.

Muna bhfaigheann tú do sháith anseo, bí ag bailiú leat chuig an ospidéal nó an teach banaltrais agus chífidh tú iad agus iad caite thart timpeall ag feitheamh leis an uair a sciobfar chun siúil iad. Bíonn na háiteanna seo go léir breac le seanrudaí. Éist leo. Éist leo ag casachtaigh is gan fágtha iontu, dá bhformhór, ach an dé agus an dé deiridh ina theannta sin.

Um thráthnóna, sa samhradh, chífidh tú cuid acu agus iad ag déanamh a mbealaigh chun an tí tábhairne. Cinn chróga iad seo. Istigh sa tigh tábhairne, is mór an díol trua iad agus iad ag iarraidh coinneáil suas leis an gcleas óg.

Samhlaímid gur tráthnóna breá samhraidh atá ann. Tráthnóna an regatta. Táimid sa tigh tábhairne. An áit ar fad plódaithe le rudaí óga aeracha. Triúr ina suí sa chúinne leo féin. Seanrudaí iad seo. Maide ag duine acu. Creathán ar an dara duine acu. An tríú duine teann, téagartha, láidir fós, ambaist! Gloiní á n-ól ag an mbeirt ach pionta breá mór ag an tríú duine. Siúlann péire rudaí óga isteach. Agus péire eile. Ansin siúlann seanrud galánta, scafánta isteach. Cuma an Yank air. Rud óg aerach ar adhastar aige. Rud óg mhuis agus rud tarraingteach, dathúil, scóipiúil ina theannta. Mothall breá gruaige ag sileadh anuas léi. Í gléasta i ngúna ach is ar éigean a d’fhéadfá gúna a ghlaoch air tá sé chomh gearr sin. Loinnir na hóige is na sláinte ar a leicne. Bád breá má bhí ceann ann riamh. Spéirbhean.

An chéad rud a mhothaíonn an triúr sa chúinne ná éad. Níl rud is measa a tharlódh do sheanrud ná seanrud eile d’fheiscint agus rud óg ar adhastar aige. Seo an masla is géire amuigh don seanrud bocht. Líontar a chloigeann le smaointe fánacha aiféalacha. Buaileann taom é. Féachann sé ar an seanrud a bhfuil an t-ádh dearg leis agus fiafraionn sé de féin: ‘cad ‘tá aige nach bhfuil agam? Conas gur féidir leis nuair nach féidir liom?’

Nó b’fhéidir gurbh í a iníon atá ann. Nó a cholcheathar. Nó a ghariníon fiú. Caithfidh gurbh ea. Ní fhéadfadh . . . Ní fhéadfadh seanrud mar é siúd bean óg a bheith aige. Ó, a dhiabhail, ní fhéadfadh.

Ach tuigeann an triúr acu go bhféadfadh. Dearcann an triúr acu uirthi agus a mbéala ar oscailt acu. Beireann an chéad seanrud greim daingean ar an maide siúil atá idir a chosa aige. Doirteann an tarna seanrud steall pórtair ar a bhríste le neart creatháin. Fanann an tríú seanrud socair. Féachann sé caoldíreach sna súile ar an rud óg atá ar adhastar ag an seanbhoc galánta. Maidir léi siúd, chíonn sí iad ach ní chíonn sí iad, má thuigeann tú leat mé. Chomh fada is a bhaineann sé léi, ní hann dóibh. Táid dofheicthe, d’fhéadfá a rá.

Tagann taom obann feirge ar an tríú seanrud. Bíonn fonn air béic a ligean. Níl sé feargach leis an rud óg. Leis féin atá sé feargach. Leis féin agus leis an saol mór. Lá dá shaol, thabharfadh sí aird air. Thabharfadh muis.

Sleamhnaíonn a smaointe siar go dtí lá eile caoga éigin bliain roimhe sin. An lá úd, ba é siúd an gaiscíoch. Ba é siúd an duine a tharraing aird na rudaí óga. Ba é siúd an duine a mheall iad. An lá a bhuadar an regatta a bhí ann. Nuair a léim sé amach as an naomhóg an lá sin bhí súile na rudaí óga go léir greamaithe ann. É nocht go básta agus a chorp láidir fuinniúil báite le hallas. A chuid gruaige ciardhuibhe casta ag glioscarnach faoi sholas na gréine. Ina dhiaidh sin sa tigh tábhairne – an tigh tábhairne ceanann céanna ina bhfuil sé anois – d’fhéadfadh sé meadhrán na rudaí óga a mhothú agus iad ag sciotáil gáire agus ag breathnú air os íseal.

Ach lig sé a mhaidí le sruth. Níor thapaigh sé a dheis ná níor phós sé riamh. Chaith sé an iomad ama ag ól agus ag ragairne agus thráigh an taoide ina shaol. Theip ar a mhisneach, shleamhnaigh na blianta thart agus i ngan fhios dó fágadh ar an trá fholamh é.

Agus anois níorbh ann dó i súile na rudaí óga. Ní raibh ann ach seanrud críonna caite a bhí ag foghlaim an bháis le fada. Thabharfaí níos mó airde ar fhear bréige i ngort na cruithneachta. Lig sé osna. Osna chráiteachta agus doilís a tháinig as ceartlár a chroí. Ó, nach cruaidh é an saol. Cruaidh. Cruaidh. Cruaidh. Ní bhíonn agat ach an t-aon seans amháin is má theipeann ort tá deireadh leat. Ó, a Chríost, is ní fhilleann an óige faoi dhó, a mhic ó.

Fágann an triúr seanrud an tigh tábhairne is má fhágann ní thugann éinne faoi deara iad. Leanann na rudaí óga aeracha orthu ag ól is ag gáire. Tá an rud óg álainn atá i dteannta an tseanbhoic ag caitheamh a súl ar fhear óg dathúil atá ina sheasamh ag an gcuntar. Is má thugann an seanbhoc galánta aon rud faoi deara ní ligeann sé puinn air. Tá an teann ar a chúl agus tuigeann sé go dtuigeann sí é sin go maith freisin. Tagann fonn millteanach ar an tríú seanrud béic a ligint agus a rá os ard léi: “Féach ormsa! Lá dá raibh bhíos níos láidre is níos dathúla ná éinne atá sa chomhluadar seo!”

Ní dhéanann sé ach leanúint air i ndiaidh na beirte eile. Déanann siad a mbealach abhaile go mall bacach. Nuair a chíonn siad carr ag teacht, fágann siad an bóthar is seasann isteach i gcoinne an chlaí go dtí go ngabhann sé thart. Cuireann soilse na gcarranna an t-anam trasna iontu.

Sceimhlíonn luas millteanach an tsaoil iad. Déanann siad a mbealach abhaile agus is beag an dóchas atá fágtha ina gcroíthe tuirsiúla.

Agus nuair a théann siad a luí, tuigeann siad go maith nach gcuirfeadh sé ionadh ar éinne dá mba rud nach n-éireoidís an mhaidin dar gcionn.

I ndairíre, is sceitimíní áthais a bheadh ar roinnt de na rudaí óga dá mbeidís sciobtha chun siúil. Thabharfadh sé ábhar cainte dóibh agus an deis babhta nó dhó siamsaíochta a bheith acu oíche an tórraimh.

Tar éis an tsaoil, níl iontu ach seanrudaí. Giobail. Taisí. Iarsmaí. Treillis-bhreillis na beatha. Ceirteacha bána ar foluian ó na sceacha lá gaoithe. Rudaí caite. Rudaí gan mhaith. Sliogáin fholmha fágtha gan aird ar chladach na beatha.

Críoch

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*