Iníon Fhéilimí – Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Iníon Fhéilimí
(Tart Fhéilimí is ea tart nach féidir a shásamh)
Sruthláin ghorma
ar chaol mo láimhe
clúdaithe ar éigin
le craiceann liath.

I gcuimhne chuimhne
tá gealach ag lonrú ar muir.

Timpeall ar riosta
tá lipéad plaisteach
nach ann dó ist’oíche
ach bráisléad airgid.

Tá gach aon ní ag glioscarnach
is tá mo bheola fliuch.

Níl ar mo cheann
ach sconribí
chomh tirim le tuí
in áimhréidh feamainne.

I gcuimhne chuimhne
tá gealach ag lonrú ar muir.

Iachall orm dearmad
ar na duail mhíne
a dhíolas ag an aonach

Oíche Fhéile Eoin.

I gcuimhne chuimhne
tá gealach ag lonrú ar muir
tá gach aon ní ag glioscarnach
is tá mo bheola fliuch.

 

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*