Léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith

Súnámaí filíochta nua

Súnámaí le Declan Collinge (Coiscéim, 2015, €8)

Os Cionn Talún agus dánta eile le hAogán Ó Muircheartaigh

(Coiscéim, 2015, €7.50)

Balla an Chuain le Greagóir Ó Dúill (Coiscéim, 2015, €7.50)

Léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith

2013.12sunamaiDhá chuid atá sa chúigiú chnuasach dánta le Declan Collinge. Is don dara cuid den chnuasach a thagraíonn teideal an leabhair, Súnámaí, a fheidhmíonn mar mheafar leanúnach le ‘guagacht agus ‘neamhchinnteacht’ an tsaoil a chur in iúl. Is minic a fhágánn a leithéid de réamhchinneadh struchtúrtha iomarca laincisí ar shaoirse shamhlaíoch file agus sraith scaoilte dánta á cur i dtoll a chéile. Is maith, áfach, mar a sheachnaítear é seo trí éagsúlacht an ábhair atá anseo cuimsithe. Cúrsaí cuimhne atá chun tosaigh sa chéad leath den leabhar, aon dán déag faoin rúibric ghinearálta Mnenmosyne, a dhíríonn, den chuid is mó, ar óige file a d’fhás aníos i mBaile Átha Cliath sna seascadaí agus sna seachtóidí.

Tugtar aitheantas do laochra cultúrtha éagsúla de chuid na hardchathrach – George Bernard Shaw, Breandán Ó Beacháin, Phil Lynott – agus féachtar leis an ngné phríobháideach agus an ghné phoiblí de stair phearsanta an fhile a shníomh le chéile i ndánta ar nós ‘P51 Mustang’ a bhreacann pictiúr dúinn de pháiste ag súgradh le heitléan adhmaid gona inneall rubair:

Bhí mé bródúil an lá sin as m’eitleán troda Meiriceánach
an t-adhmad balsa ann chomh héadrom le sciathán éin
agus réalta na stát Aontaithe greanta ar a chabhail

An tseachtain stairiúil úd bhí bratacha na hÉireann
is na stát Aontaithe trasna ar a chéile agus JFK
ag geallúint go bhfillfeadh sé ar ais san Fhómhar:

Chonaic mé arís an t-eitleán ag éirí ó thalamh agus ag imeacht
as amharc sa spéir ghorm thuas, an t-uachtarán óg
ag filleadh faoi mhaise, dall ar an gcinniúint ghruama.

Mar a thugann bathos an fhrása dheireanaigh anseo le fios, tá laige ag roinnt le dúnadh dáin nó dhó anseo, agus is fabht é an maoithneachas nach dtagann an fhilíocht seo slán i gcónaí uaidh. Sa chás seo, ní faoin bhfile féin atá sé a rá linn – seachas a léiriú dúinn – go raibh an tseachtain ‘stairiúil’ ná, go deimhin, a thabhairt le fios go raibh cinniúint ghruama i ndán do JFK (ar fhaitíos nach raibh a fhios seo ag léitheoir fánach éigin?). Is trua seo mar go n-eiríonn go breá le teideal agus tús an dáin, mar aon le téama ginearálta na hóige agus na soineantachta.

Ar an taobh eile den scéal, seift struchtúraíoch a fheidhmíonn go rí-éifeachtach sa dá leath den chnuasach araon is ea neas-suíomh haiku ghonta ar ábhar faoi léith le dán níos faide ar an ábhar céanna. Tóg, mar shampla gleoite, an haiku seo a leanas – ‘Tíogar an tsorcais/ ar iarraidh ón gcró./ Cat mór imithe.’ – atá suite taobh leis an dán ‘Sorcas’ (lth.35), dar críoch

Ba chuimhin linn sorcais eile
inar ceansaíodh leoin is tíogair

mar ar bhailigh na sluaite in aghaidh an lae
mar ar chaitheamar tobac agus snaois
gan súil againn ar thórramh

ach an ceann a dhruid linn gan choinne
le fuadar tuarúil fallaí tí ag titim
nó téadchleasaí a thit ón tsreang thuas gan aon líon faoi.

Tagann íomhá an bhóthair fhada chun cinn arís is arís i Mnemosyne, conair dhiamhair na beatha ag sinéadh amach roimh an ógánach (ar ghluaisrothar, scaití), rud a chuireann le tocht na véarsaí lena gcríochnaíonn an tsraith ar fad, ina dtugann an file cuairt ar an teach inar tógadh é:

Feicim doras oscailte an tí agus mothaím
sábháilteacht nár bhraith mé riamh ó shin i leith.
i dteach beag na féile, teach ionúin mo dhúchais

Dúisím inneall an ghluaisteáin agus tiománaim
liom abhaile, ag dúnadh dorais faoi bhrón
ar ghairdín ligthe chun féir, ar lomadh na haimsire.

2015.05oscionnIs minic trácht ag Aogán Ó Muircheartaigh, sa tríu cnuasach dá chuid, ar chliseadh an choirp sa tsraith dánta a thugann a theideal dá leabhar, Os Cionn Talún. Má thug Seán Ó Ríordáin spléachadh do léitheoirí na nuafhilíochta tráth ar gheografaíocht an tinnis, mar a mhaígh Seán Ó Tuama faoin dán ‘Fiabhras’, is geall le hatlas iomlán an mionchnuasach dánta seo – naoi gcinn déag ar fad – ón Muircheartach.

Dúshlán é an féintrua a sheachaint agus aghaidh á tabhairt ar an ábhar seo ach ní dúshlán dosháraithe é, mar a léiríonn gruaim dhea-thomhaiste agus scóipiúlacht gan choinne an dáin ‘Creimeadh Dóchais’ (lth.31), mar shampla:

glacann laige seilbh orm agus
gaibheann arraing tríom ar uairibh
beagán ar bheagán tá dóchas úr na beatha
á chreimeadh ag faitíos
faitíos go ngealfaidh lá
a mbeadh na ceimiceáin –
an t-aon fhál cosanta agam –
thar m’acmhainn nó
go bhfillfeadh an galar

ceileann scamall an ghrian
braithim creathán fuachta
is airím sioscadh síoraí
an chósta

Mar sin féin, bhraithfeá an féintrua ag bagairt anois is arís ach go slánaíonn críoch láidir dhiongbháilte, i gcásanna áirithe, dán atá ar tí géilleadh roimhe sin don laige. Nó, arís eile, bíonn éifeacht ar leith san éagaoin de thairbhe láimhseáil na foirme:

Ó, a ghrá, a thaca liom, c’áil tú?
Ná tiocfá!
Gan tusa ní féidir
Gan tusa ní fiú…
(‘Geitim’, Os Cionn Talún, lth.21)

Feidhmíonn an rím dheiridh anseo, mar aon leis an luail idir modhanna – ceisteach, ordaitheach (ó thaobh brí de), táscach – mar bhac ar an mbathos a d’fhéadfadh an dán a chriogadh dá n-uireasa. Ní he sin le rá nár dhóigh leat uaireanta go raibh an file ar tí tabhairt suas don ‘easeful death’ úd lena raibh Keats leath i ngrá tráth:

Dob fhuirist géilleadh don éag
Ar séirse ag gabháil an treo –
Níor namhaid inchomhraic é
Ach leaba shuain
Don gcorp a bhí ag dreo.
(‘Cliseadh’, lth.10)

An ‘a bhí’ sin a chuireann as, le fírinne, do rithim na líne deireanaí anseo, is é a thugann le fios chomh maith céanna gur dánta iartéarnaimh iad seo, ina bhfuil flosc agus fuadar úrnua chun saothraithe ar an bhfile.

Tá breis bheag is scór dán eile sa chnuasach, anuas ar dhánta na sraithe ‘Os Cionn Talún’, chomh maith le dosaen dán ar athleaganacha iad ar shaothair le filé éagsúla ó Chatullus go Baudelaire go Padraic Fiacc. Tá dánta fuinte i measc na ndánta úrnua eile, bíodh go bhfuil blas na seanmóintíochta ar leithéidí ‘I bhFrathacha na Spéire’. Mar sin féin, tá éifeacht ag cuid de na dánta eile ina samhlaítear feidhm eiticiúil leis an bhfilíocht, mar shampla ‘Ár dTeip’ (lth.47), a chuirfeadh dán teagascach de chuid an Direánaigh i gcuimhne duit, agus d’fhéadfaí ‘Éire ina bhFuil Romhainn’ (nó go deimhin an dán le Yeats a bhí mar mhúnla ag an Direánach) a chur i gcomparáid le dán an Mhuircheartaigh ‘Toradh Reifreann na Liospóine’, dar tús

Ar feadh na n-aoiseann
Do mhair ár sean-shinsir
Is ceangal cruaidh na gcúig chaol orthu
Ag brúid an chórais iasachta.
(Os Cionn Talún, lth.53)

2014.14ballaIs é Gréagóir Ó Dúill an file is sinseartha agus is cumasaí anseo, agus tá breis agus dosaen díolaim foilsithe aige ó tháinig Innilt Bhóthair ar an bhfód sa mbliain 1981. I mBalla an Chuain léiríonn sé an dáimh chéanna leis an tsraith dánta mar fhoirm is a léiríonn a chomhghleacaithe, sa mhéid is go gcríochnaíonn an leabhar le hocht gcinn déag de dhánta ar thréimhse a chaith an file ar oileán Lanzarote. Ceann de na seoda ina measc ná ‘Boeing 737’ (lth.42), dar tús

I ndíth ábhair eile léitheoireachta ar naoi míle méadar, léim arís in athuair
na cartúin ar chúl an taca chloiginn ag an phaisinéir os mo chomhair.
Súim a scéal as na pictiúir bheaga, greannán m’óige.
Is mise an laoch óg i saol seo Boeing agus Ryanair,
gruaig dhorcha, aghaidh gheal, geansaí glas, bríste gorma orm.

Tiocfaidh masc na hocsaoine anuas i dtráth
mar anáil Dé, má bhíonn gá leis. Ní ceart dom bacaint leis an leanbh
go mbíonn m’aghaidh fidil féin feistithe mar is ceart, mo scamháin féin ag líonadh,
Cuirfidh mé mo dhá uilleann le mo ghlúine, mo lámha thart ar mo cheann.
Beidh mé ok.

Is ceart dom déanamh ar an doras is cóngaraí, chun tosaigh nó ar gcúl
nó os cionn na sciathán agus éalú – ar acht nach bhfeicim bladhairí romham.
Beidh soilse beaga ann le cuidiú liom más ea nach bhfeicim puinn
agus barraíocht toite san chuid den eitleán ina bhfuilim ag lámhacán.
Siúlfaidh mé ar cheithre ghéag bealach na bó finne chun na sábháilteachta.

Tá an dathadóireacht i mbeagán focal ar a thoil ag Ó Dúill, mar a thugtar le fios i ndánta ar nós ‘Tráthnóna’ (lth.5), a thugtar anseo ina iomláine:

Tugann an tráthnóna do na scáileanna, do gach imlíne
a doiléire féin
tuilleadh léithe sa dobhardhath,
spéir agus páirceanna gan scéal,
imithe ó aithint.

Níos minicí ná a mhalairt, áfach, is leis an líne fhada agus an tuairisc mhionsonrach a bhíonn lé aige. Bíonn an líne seo beagáinín tútach nó malltrialach scaití, dar liom, ach ní minic é.

Is í ilghnéitheacht agus bunúlacht na filíochta is mó atá le moladh. Aisteach go leor tá samhlaíocht dhílís Uí Dhúill le rianú fiú i ndán ‘in ómós do Derek Mahon’ dar teideal ‘Ford Anglia a dumpáladh ar bhóthar portaigh’ a ghoideann a chéad líne ón máistír Béarla (’Anseo féin, is ann dóibh, na háiteacha inar féidir leis an teanga mairstean léi’ in áit ‘Even now there are places where a thought might grow’). Tour-de-force is ea ‘An Pharalís Chreathach’, dán ‘almanagúil’ a bhaineann leas mar phointe tosaigh as foilsiú aiste James Parkinson in 1817 ar an ngalar ar bronnadh a ainm air ina dhiaidh sin.

Mar fhocal scoir, is léiriú den scoth é an dán ‘Triomú na ndeor (d’aithle Chaitlín Maude)’ (lth.20), atá inchurtha le dánta áirithe le Liam Ó Muirthile ar chúraimí gortghlanta, gur ar bhealach aniar aduaidh a théann cuid de na marbhnaí is cumhachtaí dá bhfuil againn i bhfeidhm ar an léitheoir. Mar seo a chríochnaíonn an dán:

Bainim an deirge de bhrainsí, de dhuilliúr ghlas, scoithim
gabhal a chaith cos isteach sa chearnóg, stoithim rútaí ionsaitheacha.
Bíonn an fheoil chéasta bog, glas, rian toite uirthi, sú dubh ar an ghearradh.
Titeann calógaí coirte de mhionbhriansí. Ní trom an obair
agus an uirlis cheart de láimh.

Fágaim don chéad lá eile an cartadh ar shiúl, an tine chnámh.

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*