Léirmheas le Ríona Ní Fhrighil

Mianta na mBan – agus Bó Bradach Fir

An Bhrídeach Sí (Coiscéim, 2014, €7.50) le Caitríona Ní Chléirchín

Meirge an Laoich (Coiscéim, 2013, €10) le Ceaití Ní Bheildiúin.

Rabhadh Dánta (Coiscéim, 2013, €10) le hAlan Titley.

Léirmheas le Ríona Nic Conghail

Ag trácht dó sa bhliain 1989 ar an chomaoin a chuir Michael Davitt ar fhilí na Gaeilge, dhearbhaigh Seán Ó Tuama go raibh ‘a rian fágtha go domhain ar chúrsaí na filíochta Gaeilge tré chéile ó c. 1970’. Is fíor é sin gan amhras ach níor mhór a admháil go bhfuil a rian féin fágtha ag Nuala Ní Dhomhnaill chomh maith ar fhilíocht na Gaeilge, go speisialta le fiche éigin bliain anuas. Tá an anáil a chuir a cuid filíochta siúd faoin chéad ghlúin eile d’fhilí Gaeilge le tabhairt faoi deara ar na cnuasaigh An Bhrídeach Sí (2014) le Caitríona Ní Chléirchín agus Meirge an Laoich (2013) le Ceaití Ní Bheildiúin.

Is é An Brídeach Sí an dara cnuasach filíochta ó pheann Ní Chléirchín. ‘Ophelia’ le John William Waterhouse an íomhá atá le feiceáil ar chlúdach an chuasaigh. Ní rogha fhánach é sin. Bhí luí ag Waterhouse féin le scéalta miotaseolaíochta agus le finscéalta faoi mhná diongbháilte agus faoi chumainn ghrá nach raibh aon rath orthu. Lena chois sin, ba mhinic na carachtair ban sin le feiceáil cois abhann nó cois farraige ina chuid pictiúr siúd. Tá mórán i bpáirt ag reacaire comhaimseartha dhánta Ní Chléirchín agus Ophelia an phictiúir; cúrsaí grá atá ag cur mearaidh orthu beirt agus iad doirte do leannán nach dtuigeann mianta ná mothúcháin na mban. Is máistir dorcha é leannán sa dán ‘Spéirling’:

Tusa an tintreach ghorm
A dhéanfadh spíontóga díom,
Spleantar raice, spliota.

Stollta as a chéile. (‘Spéirling’)

Is é an caidreamh grá nach bhfuil rath air príomhthéama an chnuasaigh agus is minic reacaire na ndánta idir dhá chomhairle faoin chumann féin. Cé go bhféadfaí na dánta a thagairt do lánúin shaolta, ní fhéadfaí gan suntas a chur i líon na dtagairtí don bhéaloideas agus do chúrsaí farraige sa chnuasach trí chéile. Sa dán ‘Muirleannán’, mar shampla, tá an reacaire ‘faoi gheasa ag fear na mara/muirgheilt mo chroí’. Mheabhródh an t-íomháineachas seo leannán sí Nuala Ní Dhomhnaill do dhuine; neach uisce nach bhfuil ann ar deireadh, de réir léamha áirithe, ach pearsantú de ghné amháin de shíce an duine. Iata i gcás gloine nó spíonta ar chuma Ophelia a bhíonn an duine a thugann róghean don phríonsa dhubh, dar le reacaire an dáin ‘An Prionsa Dubh’ le Ní Dhomhnaill féin. Is é an dála ceanna é ag reacaire an dáin ‘Brínleach’ le Ní Chléirchín:

‘M’anam faoi ghlas
Agus tinn
M’anam tinn
Gafa
I bhfáinne fí
I bhfáinne tnútháin
Faoi ghlas ón taobh istigh’. (‘Brínleach’)

Ag triall ar oileán draíochta atá pearsa an dáin ‘Ortha do Mhannanán’. Is ionann Magh Réin an dáin seo agus Í Bhreasail an bhéaloidis – oileán draíochta ar samhail é den cheann scríbe ar thuras na féintuisceana. Ní gan dua a dhéantar an turas síceach sin agus is minic a chuirtear an suaitheadh intinne sin in iúl sa litríocht mar phian chorpartha, faoi mar atá amhlaidh sa dán ‘Fann san otharlann – amhránospidéil’. Ar aon dul le Ní Dhomhnaill, tuigtear do Ní Chléirchín go bhfuil tábhacht shíceolaíoch ag roinnt le hábhar béaloidis agus féachann sí leis na tuiscintí sin a chur chun deise don athshamhlú liteartha a dhéanann sí ar ábhar traidisiúnta.

Tá aird ag Ní Chléirchín, shílfeá, ar ról traidisiúnta an fhile agus ar an dualgas a bhí air stair agus dinnseanchas a cheantair a chaomhnú agus a chur i gcuimhne don phobal. Sa tsraith ‘Imeacht na nIarlaí’, mar shampla, léiríonn an file tuiscint ar fhoirmeacha dúchasacha liteartha agus ar mheon na bhfilí a bhí thuas ag an am agus ar ghoill díshealbhú na nGael go mór orthu. Éiríonn le Ní Chléirchín logainmneacha Mhuineacháin a fhí isteach go healaíonta i ndánta na sraithe ‘An Bhrídeach Sí’. Cé go dtagraíonn na dánta seo do chliseadh an chórais Ghaelaigh agus do dhíshealbhú mhuintir Mhic Cionnaith, cuireann na dánta féin an t-athrú saoil agus an t-athrú teanga a d’eascair as ar ceal, más ar feadh tamaill bhig féin é. Déantar logainmneacha áitiúla mar Eanaigh Gheala, Corr na Craoibhe, Corr an Chrainn agus Mullach Breac a chanadh le cion agus meabhraítear don léitheoir nach é an file Gaeltachta amháin atá ina oidhre ar thraidisiún liteartha na Gaeilge. Is i ndánta na sraithe seo, dar liom, is gléine an guth fileata ag Ní Chléirchín.

Beannaíonn dánta iomadúla an chnuasaigh Meirge an Laoich le Ceaití Ní Bheildiúin d’fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill chomh maith, bíodh an beannú sin i bhfios nó i ngan fhios don fhile féin. Is í ‘Karalalam’ Ní Bheildiúin leathbhreac bhean a’ leasa Ní Dhomhnaill. Is nós le bean a’ leasa Ní Dhomhnaill brú ar an doicheall agus is minic a thagann lagachar ar phearsa an dáin i ndiaidh do bhean a’ leasa cuairt a thabhairt uirthi gan chuireadh gan choinne. Is amhlaidh an scéil i gcás reacaire an dáin ‘Karalalam ar Cuairt’:

Tusa an fathach a thagann
D’fhonn mo lá a chur amú.

Réabann tú mo mhaidin
Led scéalta

Á fágaint ina cosair easair.
Luíonn tú ar bholg mo lae,

Meáchan na leisciúlachta ionat. (‘Karalalam ar Cuairt’)

Cé go gcuirfeadh dánta mar ‘Ceapaire na hAimsire’, ‘Cailleach Chom an Lochaigh’ ‘Máthair na Murúch’ dánta ar leith le Ní Dhomhnaill i gcuimhne don léitheoir, ina dhiaidh sin féin, ba éagórach an mhaise é a thabhairt le fios go saothraíonn Ní Bheildiúin faoi scáth Ní Dhomhnaill ar fad. Cuireann sí a cló féin ar an athshamhlú a dhéanann sí ar ábhar béaloidis agus ar nós na maighdine sí sa dán ‘Bláthú’, baineann sí a casadh féin as ábhar an traidisiúin liteartha sna dánta is fearr léi.

Is dánta corraitheacha iad ‘Meirge an Laoich’, ‘Rud beag eadrainn’ agus ‘Saol craptha’, dánta a léiríonn an díobháil shíceolaíoch agus anama is toradh ar chaidreamh foréigneach:

Ciapfaidh an íomhá go deo mé,
Tusa i do bhan-Van Gogh,
Do chluais ina giobal, clúdaithe i gcró,

Ag sileadh ó d’uisinn ar shnátha. (‘Meirge an Laoich)

Tá cuid de shaintréithe fhilíocht Ní Bheildiúin sa mhéid sin thuas; an cúram a dhéanann an file de chúrsaí ríme agus an úsáid éifeachtach a bhaineann sí as línte véarsaíochta a leanann ar aghaidh chomh maith leis an luí atá aici le rannta gonta, an rann dhá líne, go speisialta. ‘Ó fhairsinge na samhlaíochta/Trí chró cúng na tuisceana/ Sceitheann dán’, a deirtear linn sa dán ‘Sceitheann Dán’. Ní dócha gurb é seo iomlán an scéil, áfach. Tá an chuma ar dhánta an chnuasaigh seo go ndéantar dian-eagarthóireacht orthu agus go roghnaítear na focail le cúram agus le cáiréis.

2013.52rabhadhdantaNíl aon imir d’imní an scáthaithe ar an tríú cnuasach a bheas faoi chaibidil anseo, Rabhadh Dánta (2013) le hAlan Titley. Tá idir ghearradh agus ghreann le tabhairt faoi deara ar an teideal féin. Cé gurb é seo an chéad chnuasach filíochta leis an Titlíoch, cuimsíonn an díolaim dánta a foilsíodh le daichead bliain anuas, dánta a foilsíodh den chéad uair in irisí liteartha, i gcolúin nuachtáin agus i saothair éagsúla phróis leis an údar céanna. Bó bhradach is ea an Titlíoch féin nach féidir a theanntú in aon ghort liteartha amháin. Cuireann saothar uile an údair suas don rangú néata agus don tsainmhíniú shimplí – is den phrós an fhilíocht agus is den fhilíocht an prós. Téann an reacaire a bhealach féin ar chosáin chasta an tsaoil (‘Cosáin Ratharsaidh’) agus moltar don léitheoir an ní díreach neamhchasta a sheachaint:

Lúb gach conair is cas go fiar
Go bhfáiscfir as neamhbhrí an chiall. (‘Crandaí Bogadaí’)

Tá luí ag an Titlíoch leis an mhodh ordaitheach agus é ag tathaint ar an léitheoir an púicín a bhaint de na súile; ní haon ‘wake up and smell the coffee’ aige é, áfach, ‘Múscail! Ná bac scudal an chaifé dhonn ar laetha mar seo. /Seo iad laethanta na liomanáide agus na beorach agus súna n-úllchraobh.’ (‘Salm don Samhradh’) Brostaíonn sé an léitheoir le hiontas a dhéanamh den dúlra agus ‘Féach!’, ‘Amharc!’ ‘Breathnaigh romhat!’ ‘Éist!’ ina mhana aige go minic (‘Sa Ghairdín’, ‘Dathanna’, ‘Caintic Iúdáis Icarus’). I ndánta eile mar ‘Namia’, ‘Torquemada agus Sinne’ agus ‘Haikú Hiroshima’, féachann an reacaire leis an bhiorán suain a tharraingt agus le haghaidh an phobail a dhíriú ar an urchóid sa chóras polaitíochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is fearr focail, dá easnamhaí iad, ná ciúnas agus fuarchúis: ‘Amuigh ansin anois tá duine ag liacharnaigh le pian/ Ach istigh anseo agus timpeall orainn tá ciúnas millteanach glé’ (‘Torquemada agus Sinne’). Guth easumhal, aorach, atá le cluinstean sna dánta poiblí seo ina ndíríonn an file aghaidh a chaoraíochta ar na boic mhóra a imríonn cos ar bholg ar an ghnáthphobal gan scáth gan náire.

Tá ciall ag an Titlíoch don ghreann agus don áiféis agus is minic an dáiríre ag teacht go leaba an mhagaidh i ndánta an chnuasaigh seo. Cumann an file nuafhocail (‘Nuafhocail’, ‘Nuafhocaileile’); dán molta tábla (a iompraíonn a chuid leabhar); burdún baoth faoi ‘Charlie an Chaca’ agus dán cáinte Mhallaig, dán a chuireann téama an ómóis áite i dtraidisiún liteartha na hÉireann de dhroim seoil. Tá an file ina mháistir ar an aithris agus ar an athshamhlú aerach liteartha, mar is léir ón athscríobh a dhéanann sé ar dhán an Ríordánaigh ‘Saoirse’:

Raghad síos i measc an tslua
Is raghad síos ar bhus
Is raghad síos i lár na hoíche
San uaigneas. (‘Sciúirse’)

Tá bá ag an fhile leis an rud leonta, leis an té atá thíos agus is bocht leis an beann atá ag an phobal mhór ar luachanna an mhargaidh. Is iad an chaoinfhulaingt agus an charthanacht bunchlocha a shoiscéil siúd. Cuirtear gnéithe éagsúla den chré sin in iúl i scéaldánta, i ndánta próis agus i liricí an chnuasaigh seo. Táthar ann a mhaífeadh nach ‘dánta’ iad seo sa ghnáthchiall den fhocal sin (línte tomhaiste agus rím iontu). Ní rabhadh ach dearbhú teanntásach atá i dteideal an chnuasaigh, áfach. Creideann an Titlíoch sa dán díreach cam, sa dán nach gcloíonn le coinbhinsiúin liteartha, sa saothar a chuireann an léitheoir ag machnamh athuair faoina chuid tuiscintí agus a chuid antuiscintí féin.

 

 

Share Button

1 Comments

  1. Rióna Ní Fhrighil September 21, 2015 at 3:35 pm

    Sílim go bhfuil an t-údar contráilte luaite leis an léirmheas seo!

Leave a comment

Your email address will not be published.


*