LÉIRMHEAS le Cathal Póirtéir

LÉIRMHEAS le Cathal Póirtéir

An Litir_RGB300dpi An Litir le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2011, €15)

I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2014, €15).

Ba léir ón uair a bhain léitheoirí deireadh An Litir le Liam Mac Cóil amach, nach raibh deireadh bainte ag an údar as an scéal seo in aon chor agus go raibh ar a laghad leabhar eile le bheith ann ina leanfadh laoch óg an leabhair ar aghaidh lena thuras eachtrúil. Ní raibh dul amú orainn. D’fhoilsigh Leabhar Breac an dara leabhar sa tsraith seo, I dTír Strainséartha, ag deireadh na bliana seo chuaigh thart. Anois tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon dul as ag an údar ach leabhar nó dhó eile a chur leis an insint chun muid a thabhairt go ceann scríbe.

Bhí deis cainte agam le Liam Mac Cóil tamaillín ó shin ag agallamh poiblí a d’eagraigh Imram i gcomhair le hÁras na Scríbhneoirí in Éirinn mar chuid de shraith imeachtaí Buail leis an Údar. D’admhaigh Liam ag an ócáid sin gur ar éigin go gcríochnóidh sé an scéal a shamhlaigh sé an chéad lá taobh istigh d’imleabhar amháin eile. Cuirfidh a lucht léite fáilte chroíúil roimhe sin, go fiú má tá drogall éigin le haithint ar fhear a scríofa agus na blianta oibre ar an sága seo ag síneadh amach roimhe.

Thosnaigh eachtra a scríofa ar an chéad dul síos nuair a d’fhógair Ord na bProinsiasach duais mhór airgid don úrscéal staire is fearr a dhéanfadh ceiliúradh ar ghnéithe de stair an oird. Mar a thit rudaí amach, níor éirigh le Liam an scéal a tháinig chuige a chríochnú nó an comórtas a bhuachaint (rud gur léir don saol anois agus an scéal gan chríoch go fóill blianta maithe ina dhiaidh sin!). Ghnóthaigh An Cléireach le Darach Ó Scolaí an duais €10,000 sin agus tá sé suntasach go b’é Darach atá mar eagarthóir tuisceanach ar shaothar seo Liaim agus mar fhoilsitheoir aige trína theach foilsitheoireachta Leabhar Breac.

Sa chéad leabhar, An Litir, cuirtear an laoch óg , a dhúchas, a dhúshlán agus a thréimhse inár láthair. Is mac léinn óg é Lúcás Ó Briain i gColáiste na Luínseach i gcathair na Gaillimhe i 1612, cúig bliana i ndiaidh do Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain agus na taoisigh Ghaelacha imeacht chun na Róimhe le tacaíocht a bhailiú do chogadh i gcoinne na Sasanach in Éirinn. Seo é an Eoraip ina raibh na cogaí creidimh ar bharr gach goib, go háirithe in Éirinn agus daorsmacht á imirt ar ghaeil agus ar chreideamh an mhóraimh ghaelaigh ag na gaill. Bhí athair Lúcáis i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do chúis Uí Néill agus maraíodh é féin agus deartháir leis ag troid ar a shon. Maireann an dílseacht sin don Niallach i Lúcás agus nuair a thagann strainséir le litir rúnda le hiompair chuig Ó Néill sa Róimh, glacann an fear óg cróga leis an chúram. Ach tá casadh sa scéal, gan dabht, agus tá naimhde Uí Néill sa tóir ar an litir agus sásta daoine a mharú le seilbh a fháil ar an scríbhinn rúnda seo. Ar deireadh thiar, éalaíonn Lúcás le stró ó namhad fíochmhar amháin, an Sionnach, ar Ché na Gaillimhe agus cuireann sé féin agus an litir chun farraige ag triall ar an Róimh.

Ní bhíonn saoi gan locht agus tá laige beag nó dhó sa phlota le tabhairt faoi deara in An Litir ach maítear sin don údar de bharr go n-éiríonn leis atmaisféar chathair na dTreabh ceithre céad bliain ó shin a chur ina luí orainn go paiteanta. Castar orainn lucht ceirde, lucht siopaí agus lucht léinn; braitear an teannas creidimh agus polaitíochta; nochtar na spiairí, na strainséirí agus an rúndacht go léir ar shráideanna cúnga na Gaillimhe i dtréimhse corrach, contúirteach.

IdTira_RGB300dpiSa dara leabhar sa tsraith (bíodh is go ndeirtear linn ag a thús gur Imleabhar 5, Aguisín B atá ann!), I dTír Strainséartha, leanann eachtraí Lúcáis agus é ag triall ar bhád a bhfuil Saint- Malo na Fraince mar cheann scríbe aige, áit nach mbaineann sé sa dara imleabhar seo ar chor ar bith. Ní raibh lucht an bháid le trust agus cuirtear i dtír é i gcontúirt mhór é i mBristó Shasana. Anseo ina aonair tá an tóir níos géire ná riamh air agus an Persuivant fuilteach sna sála air. Tá an géarleanúint ar Chaitlicigh in ard a réime i Sasana agus droch-cháil ar an mharfóir oifigiúil seo as a bhrúidiúlacht agus a bhigóideacht. Arís agus arís eile, tagann daoine báiúla i gcabhair ar Lúcás nuair atá a chás chóir a bheith caillte ach déanann daoine eile treas air gan mhoill agus cuireann sin i gcontúirt as an nua é. Fágtar Lúcás ina aonair arís ar a sheachaint, ag teitheadh ó dheas le bealach a aimsiú go Mór-Roinn na hEorpa agus é ag iompair na litreach rúnda chuig Ó Néill.

Chuireadh an dá leabhar seo claisicí eachtrúla eile i gcuimhe duit, ar nós Robert Louis Stevenson nó Alexandre Dumas i d’óige, nó scríbhneoirí comhaimseartha ar nós S.J. Sansom i saol an Bhéarla nó Arturo Perez-Reverte i saol na Spáinnise. Ar mhaithe le taitneamh a bhaint as an eachtraíocht a scríobhadh agus a scríobhtar leabhair mar seo go príomha agus tuigeann léitheoirí cén seánra atá idir lamha acu gan mhoill. Cruthaíonn na mionsonraí agus na téamaí stairiúla atmaisféar agus teannas na tréimhse sin inar ceistíodh bun-luachanna éagsúla, creideamh agus náisiúnachas go mór san áireamh. Is téamaí iad sin nach féidir linn a mhaíomh go bhfuil siad caite i dtraipisí againn ó sin in Éirinn, sa Bhreatain nó ar Mhór-roinn na hEorpa agus baineann scríbhneoireacht Mhic Chóil macallaí as stair na linne sin in Éirinn agus thar lear.

Tugann na mionsonraí agus na macallaí stairiúla sochreidteacht do thréimhse an scéil agus ligeann siad dó leanúint leis an eachtraíocht, an phionsóireacht agus an tóraíocht leanúnach, taobh istigh de chreatalach inchreidte. Tá taighde déanta ag Liam Mac Cóil ar shráideanna agus ailtireacht na Gaillimhe agus Bhristó, agus ar an tírdhreach a shíneann ó dheas uaidh sin go dtí an cósta. Ansin tá samhlaíocht an údair buailte anuas ar na sonraí staire sin uilig ar mhaithe lena scéal a insint i suíomhanna chomh drámatúil agus is féidir leis a shamhlú, i bpasáistí faoi thalamh, ar an iargúil sceirdiúl agus i gcollte dorcha. Ach ní hé an cúlra nó an t-ardán fisiceach amháin a thugann beocht don scéal seo ach an t-ardán cultúrtha agus staire inar féidir linn tagairtí a aimsiú don Dualtach Mac Fhirbhisigh; Aodh Mór Ó Néill; an géarleanúint ar Chaitlicigh in Éirinn agus i Sasana; leagan amach na dtithe; na seanbhóithre; na céanna agus na seanbháid; na radharcanna sráide agus tíre. Cuireann siad go mór lenár dtaitneamh agus an scéal á thomaint ar aghaidh de réir a chéile i dtreo na Mór-Roinne.

Tiománann stíl shoiléir spraoiúil Mhic Cóil an scéal agus an léitheoir ó leathanach go leathanach le Lúcás agus é ar a dhícheall fanacht beo lena churam a dhéanamh mar a gheall sé. Foghlaimíonn sé nach féidir a bheith muiníneach as mórán daoine nó a bheith cinnte go bhfuil tú slán ar feadh tamaill. Mar sin féin, níl aon rogha ag Lúcás ach dul sa tseans ó am go ham. Má tá sé cróga i gcás na troda agus na heachctraíochta, is cosúil nach bhfuil an dánaíocht sin ag baint leis i gcás na mban óg a castar air. B’fhearr liom dá mbeadh tuiscintí nua ag teacht chuige faoin saol mór agus faoi chúis Uí Néill de réir mar a théann a chuid eachtraíochta i bhfeidhm air. Go dtí seo, níl soineantacht an laoich agus castacht na tréimhse ag imirt tionchair ar a chéile agus níl mórán athraithe tagatha ar Lúcás ó thús an scéíl. Bheadh súil agam go mbeadh turas inmheánach le déanamh aige, chomh maith lena thuras trasna na hEorpa, ó choláiste bheag i gcathair na Gaillimhe go croílár na cumhachta polaitúla agus creidimh sa Róimh.

Ta mé ag glacadh leis sna himleabhair a leanfaidh an dá leabhar seo, go dtógfaidh Lúcás an bealach chun na Róimhe a thóg Aodh Mór Ó Néíll agus na taoisigh Ghaelacha i 1607 agus a bhfuil cur síos comhaimseartha againn air i ndialann Thaidhg Uí Chianáin. Admhaíonn Liam Mac Cóil go bhfuil se ag obair ar dhreacht den triu imleabhar le tamall agus an chuma air go mbeidh sé ag teacht i dtír ar an taighde reatha ag Mícheál Mac Craith agus Nollaig Ó Muiríle le cur lena gcuid tuiscintí faoi thuras sin na dtaoiseach go dtí an Róimh agus an t-am a chaith siad ann.

Mar is léir ó An Litir agus I dTír Strainséartha, spreagann an taighde i leabharlanna agus an obair pháirce a dhéanann sé an t-údar seo agus é i mbun pinn. Ar fhianaise an dá leabhar seo, d’fhéadfadh an sága seo bheith inchurtha le sraith eachtraíocht ar bith eile ach an laoch a fhorbairt i bhfad níos mó le linn a thurais.

Is é an bhuairt is mó atá orm faoi láthair ná go bhfuil fhios againn cheanna féin cad é a tharla don Niallach agus na taoisigh Ghaelacha eile sa Róimh i ndeireadh thiar. Ach ní hionann an stair agus an t-úrscéal staire agus is cinnte nach hionann scéal Lúcáis Uí Bhriain agus scéal Uí Néill. Cosúil le Lúcás féin, níl aon dul as againn ach an bóthar atá leagtha amach dúinn a leanúint go ceann scríbe, féachaint cén torradh a bheidh air.

Cathal Póirtéir

 

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*