Tír Tairngire – Tionscadal Springsteen

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar Bruce Springsteen. Tá clú ar a bheoléirithe paiseanta agus is cumadóir amhrán thar na bearta é. Baineann sé leas as ceol rithim agus gormacha, snagcheol, luath-racanról, ceol tíre agus soul. Cruthaíonn a chuid liricí rómánsacha fileata íomhánna dúinn de shaol na cosmhuintire, tírdhreacha uirbeacha New Jersey agus réigiúin láir Mheiriceá.

Tabharfaidh Tír Tairngire ar aistear sinn, ar imram, go dtí ‘tír tairngire’ an amhránaí chun na físeanna aige a bhlaiseadh ó albaim ar nós Darkness on the Edge of Town, Nebraska agus The Ghost of Tom Joad. Is iad na hoirfidigh atá i mbun an aistir seo ná Liam Ó Maonlaí, guth agus pianó; Steve Cooney ar ghiotár, Nick Roth ar shacs; Robbie Perry i mbun cnaguirlisí agus Trevor Hutchinson ar dhord. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí. Margaret Lonergan a theilgfidh a cuid íomhánna agus na focail ar scáileán.

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*