ÓMÓS DO NUALA HOMAGE NIGHT FOR NUALA NÍ DHOMHNAILL

DÉ DOMHNAIGH 18 DEIREADH FÓMHAIR
Sunday 18 October | 7.30pm
McGrattan ’s,
76 Fitzwilliam Lane,
Baggot Street
Saorchead isteach/free admission

ÓMÓS DO NUALA HOMAGE NIGHT FOR NUALA NÍ DHOMHNAILL

Duine de mhórfhilí na hÉireann í Nuala Ní Dhomhnaill agus tá a buanna aitheanta i ngar is i gcéin. Tá saothar léi aistrithe go hIodáilis, Tuircis agus Seapáinis, an file grá is fearr dá glúin, dar le Eamonn Wall. ‘There is no mistaking the universality of her extraordinary lyric gift,’ a scríobh Bernard O’Donoghue sa TLS. Cúis áthais agus mhórtais d’IMRAM saol agus saothar Nuala a cheiuliúradh anocht i gcomhluadar a comhfhilí: Theo Dorgan, Domhnall Mac Síthigh, Cathal Ó Searcaigh, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhóráin, Eiléan Ní Chuilleanáin. Ina dteannta beidh an t-amhránaí traidisiúnta Páidí Mharthain Mac Gearailt, agus an criticeoir Rióna Ní Fhrighil. Beidh Melanie O’Reilly linn chomh maith – amhránaí snagcheoil nuálach atá faoi anáil fhilíocht Nuala agus ina teannta siúd beidh Myles Drennan, pianó agus Cormac O’Brien, dord. Is é Cathal Póirtéir coimeádaí an cheiliúrtha mhóir seo. Bí linn: mar shíoda ar shíoda sa doircheacht am lonnaithe na leamhan.

Nuala Ní Dhomnaill is one of Ireland’s greatest poets, whose extraordinary lyric gift has a universal appeal. Her work has been translated into Italian, Turkish and Japanese. In Contemporary Women Poets, critic Lavinia Greenlaw commented ‘Ní Dhomhnaill can weave together comedy and darkness, confrontation with casual chat. Her poems can be reflective lyrics or sprawling narratives, incantory or wisecracking.’ Tonight IMRAM is proud and delighted to celebrate Nuala’s life and work in the company of poets, singers and musicians.

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*