LÉACHT UÍ CHADHAIN LEIS AN OLLAMH MÁIRÍN NIC EOIN

Loading Map....

Date/Time
Date(s) - 19/10/2017
7:00 pm

Location
Léachtlann M, Áras Newman

Categories


DÉARDAOIN 19 DEIREADH FÓMHAIR
Thursday 19 October | 7.00pm 

UCD BELFIELD Léachtlann R, Áras na nEalaíon (Newman Building)
Saorchead isteach/free admission

Déanfaidh an léacht seo athbhreithniú ar shaothar liteartha Uí Chadhain i bhfianaise an chorpais chritice atá ginte ag an saothar go dtí seo. Ceisteofar tábhacht an tréimhsithe atá déanta ag criticeoirí áirithe ar an saothar, agus áiteofar go gceileann an aird chriticiúil atá faighte ag scéalta ar leith – agus an canónú atá déanta orthu dá barr – bunleanúnachas téamúil a sháraíonn na difríochtaí foirme agus stíle idir an saothar luath agus na scéalta deireanacha. Pléifear a ghafa is a bhí samhlaíocht Uí Chadhain ón tús le ceist chumas gníomhaithe an duine, ábhar is féidir a cheangal lena sheasamh polaitiúil agus lena chúinsí pearsanta saoil. Díreoidh an léacht ar théama agus ar íomhá thimthriall na beatha ina shaothar liteartha agus ar choincheap na hathnuachana mar mhodh slánaithe ó shrianta fisiciúla, sóisialta agus síceolaíocha. Áiteofar ar deireadh gur léiriú ar mhianach athnuachana an tsaothair féin na hathléamha agus na díospóireachtaí critice atá á nginiúint aige i gcónaí.

This year’s Ó Cadhain lecture will be given by Professor Máirín Nic Eoin, who will explore the links between Máirtín Ó Cadhain’s imagination and concepts of personal renewal and reinvention as escapes from physical, social and psychological restraint.

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*