CEARDLANN NÁISIÚNTA: AN GEARRSCÉAL, AN tÚRSCÉAL & AN SPLANCSCÉAL

Loading Map....

Date/Time
Date(s) - 21/10/2017
All Day

Location
Irish Writers Centre,

Categories


DÉ SATHAIRN 21 DEIREADH FÓMHAIR
Saturday 21 October

IRISH WRITERS CENTRE/ÁRAS NA SCRÍBHNEOIRÍ,
19 Parnell Square
Saorchead isteach/free admission

CEARDLANN NÁISIÚNTA:
AN GEARRSCÉAL, AN tÚRSCÉAL & AN SPLANCSCÉAL

CLÓ IAR-CHONNACHT
STIÚRTHÓIRÍ NA CEARDLAINNE: MICHEÁL Ó CONGHAILE AGUS MICHEÁL Ó RUAIRC

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5–8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net ROIMH an 3 Deireadh Fómhair 2017.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathanch, Cló Iar-Chonnacht

Fón: (091) 593307 | Ríomhphost: moccic@eircom.net | www.cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

(Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí)

Share Button

Leave a comment

Your email address will not be published.


*